Scríobh Tomás de Bhaldraithe cuntas air inGo Meiriceá siar. Na Gaeil agus Meiriceá: cnuasach aistí, 1979, in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin, agus dúirt: ‘An té a thabharfadh faoi scéal na nGaeilgeoirí agus na Gaeilge i Meiriceá a scríobh, níor mhór dó gan neamhshuim a dhéanamh de Uilliam Hubert Mac Giolla Íosa...’. ‘Duine de na Meiriceánaigh ba chumasaí is ba dhílse a shaothraigh ar son na teanga’ a bhreithiúnas air.

Greanadóir cáiliúil copair agus cruach a athair Archibald MacLees a rugadh i bPort Rois, Co. Aontroma, in 1816 agus a tugadh go Meiriceá nuair a bhí sé ina leanbh. Phós sé Mairéad Máire Ní Chinnéide, bean as Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall, a bhí i Meiriceá ó bhí sí trí bliana d’aois. Bhí aon duine déag clainne acu agus ba é Uilliam an séú duine díobh. I Nua-Eabhrac a rugadh é ar 8 Meán Fómhair 1874. Tuairim deich míle taobh amuigh den chathair a bhí cónaí orthu. Bhí cuid mhaith teangacha ar eolas ag a athair agus is toisc go raibh sé ag éirí aosta a thugadh sé Uilliam óg in éineacht leis chuig rang Gaeilge sa chathair. Duine de na múinteoirí ba ea Micheál Ó Lócháin. Lean spéis Uilliam sa Ghaeilge.

Le ceird na greanadóireachta a chuaigh sé ach is mar ealaíontóir tráchtála ag obair don Sterling Engraving Company a chaith sé a shaol. Thosaigh sé ag bailiú ábhair le haghaidh foclóra tuairim 1901. Deir de Bhaldraithe: ‘Is éard a chuir sé roimhe gach aon fhocal agus leagan Gaeilge (agus Gaeilge na hAlban a chur san áireamh) a bhí le fáil sna foclóirí agus sna liostaí focal a bhí i gcló a bhailiú, a iniúchadh agus a scagadh agus foclóir mór Béarla-Gaeilge a chur le chéile. Ba obair ollmhór é sin, ag aon duine amháin, a raibh a bheatha le saothrú aige, agus cúram clainne air’. Bhíodh caidreamh aige le Gaeilgeoirí mar Shéamus Mac An Iomaire agus Seosamh Daibhéid agus scríobhadh sé chuig údair mar Mháirtín Ó Cadhain agus Liam Ó Beirn. Lean sé ag obair ar an bhfoclóir gur shroich an focal water-weed i ndeireadh Eanáir 1953. Coicís ina dhiaidh sin a d’éag sé, 10 Feabhra 1953. Bhí cónaí air ag 37 Grant Avenue, Brooklyn. Ba í a iníon Mary McLees a chláraigh a bhás. Tá sé curtha i Reilig Naomh Eoin. ‘Commercial artist’ an cur síos air sa teastas báis.

Seo é an cur síos a rinne de Bhaldraithe ar thoirt agus ar scóip an fhoclóra: ‘Ní fhaca mé ach toradh na hoibre, dhá cheann déag de leabhair mhóra lámhscríofa. Naoi míle is cúig chéad leathanach (34.5 x 21mm) scríbhneoireachta atá iontu, agus trí cholún ar chuid mhór de na leathanaigh sin. . . . Níl aon fhocal ná aon abairt ann nár chuir sé nod leis á inseacht cén t-údarás a bhí aige leis. . . . Le go dtuigfí toirt is scóip an fhoclóra, ní miste a lua mar shamplaí, go bhfuil 660 iontráil ann faoin bhfocal noise, 260 faoin bhfocal pleasant, agus 180 faoin bhfocal angry’.

Bhronn a mhuintir an foclóir ar Roinn na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus an leabharlann a bhí aige ar Ollscoil Fordham. Bhí sé ródheireanach chun go mbainfí leas as an bhfoclóir in English-Irish Dictionary, 1959 ach deir de Bhaldraithe: ‘Is cinnte go mbainfear an-leas as saothar Mhic Ghiolla Íosa, nuair a bheidh eagrán nua den fhoclóir Béarla-Gaeilge á chur le chéile, rud atá [1979] thar am a dhéanta’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú