Seo é an Meiriceánach is mó a chaith dúthracht leis an nGaeilge. Scríobh Tomás de Bhaldraithe cuntas air in Feasta, Deireadh Fómhair 1988. In Brooklyn, Nua-Eabhrac, a rugadh é 30 Márta 1903. James F. Davitt, pláistéir, a athair agus ba í Bridget M. Sexton a mháthair. Bhí seisear eile sa chlann acu faoin am a rugadh Seosamh. Gaeilgeoir agus Fínín a tógadh i Nottingham, Sasana, ba ea Séamus agus b’as Gleann Corbraí, Co. Luimnigh, do Bhríd. Deireadh Seosamh go raibh gaol i bhfad amach aige le Michael Davitt. Ó bhí sé 11 bliana d’aois bhí sé ag obair gach lá tar éis scoile agus ar an Satharn. D’éag an t-athair nuair a bhí sé 15 bliana d’aois agus tuairim an ama sin a thosaigh sé ag obair go lánaimseartha san American Car and Foundry Co.

In Éirinn, sa Ghaeilge, sa litríocht agus i muintir na Gaeltachta a bhí a spéis riamh.

Bhí sé ina bhall den Gaelic Society, Nua-Eabhrac, agus thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge i 1918. Chaith sé os cionn cúig bliana fichead ina mhúinteoir ag an gcumann sin. Bhí aiste aige in Misneach 15 Eanáir 1921, ‘Gaeltacht in Ameirice. Nova Scotia thoir thuaidh’. Phós sé i 1924, agus ba ó mháthair a mhná, Cáit Ní Loideáin as Leitir Fraic, agus óna fear Micheál Mac Adamóid as Maigh Ard, a fuair sé blas ceart na Gaeilge.

Litir dar dáta 6 Eanáir 1923 an chéad litir Ghaeilge a chonaic De Bhaldraithe uaidh, litir agus síntiús chuig an Athair Micheál Mac an Mhílidh, bainisteoir na hirise An Chearnóg a bunaíodh an bhliain sin, iris Chonnachtach a bhí ar thaobh na bPoblachtach. Thosaigh sé ag scríobh litreacha chuig Tomás Ó Máille, eagarthóir An Stoc, go gairid tar éis gur athbhunaíodh an iris sin i 1923. Thaithíodh sé muintir na Gaeltachta thall, go háirithe muintir Chonamara, agus bhíodh a theach féin ina ionad caidrimh acu. Bhí litir a scríobh a chara Séamus Mac An Iomaire i gcló in An Stoc, Samhain/Nollaig 1926: ‘Casadh Seosamh Daibhéid orm agus is geanúil cóir carthannach an duine é. Fear is Gaelaí ná é ní furasta fáil’.

I 1928, tar éis dó deich mbliana a chaitheamh ina phost gan lá ar bith a chailleadh, tugadh deich seachtain saoire dó. B’in í an deis a thapaigh sé lena chéad turas a thabhairt go hÉirinn agus le dul go Carna. Chuaigh scata ollúna ollscoile, Tomás Ó Máille ina gceann, amach ar ród na Gaillimhe le fáiltiú roimhe. Tugadh fleá agus féasta dó sa Royal Hotel i nGaillimh. A dhúthracht is a fheabhas ag foghlaim Gaeilge is á teagasc a thuill an t-ómós ar leith seo dó. D’fhan sé sé sheachtain i gCarna i dtigh Bhríd an Ghabha, col ceathar dá bhean. Chaith sé seachtain leis an Athair Liam Ó Beirn i gCeathrú na Gaoithe, Baile an Mhuilinn.

Níor dhuine deisiúil riamh é agus ba tríd an léitheoireacht agus trí chaidreamh le muintir na Gaeltachta agus ‘tríd an bpost’ a chothaigh sé a spéis sa teanga. Scríbhneoir mór litreacha a bhí ann ar feadh a shaoil. Scríobhadh sé chuig scoláirí agus díograiseoirí na Gaeilge. Bhíodh sé ag áitiú ar Liam Ó Flaithearta scríobh i nGaeilge agus scríobhadh sé go rialta chuig Máirtín Ó Cadhain agus Micheál Ó Maoláin. In Bliainiris 6, 2006 tá litir i gcló ag Ruairí Ó hUiginn a scríobh Máirtín Ó Cadhain chuig Daibhéid ó Rannóg an Aistriúcháin 19 Meán Fómhair 1951 agus an abairt seo ann: ‘Agus ós tú féin an duine is mó eolas ar Ghaeilge Chonamara dá bhfuil beo anois (agus ní “de thógáil Mheiriocá” amháin) – is go hómósach agus go heolgach a deirim sin – cén fáth nach scríobhfá rud eicínt?’

Chuir sé foclóirín le haiste le Séamus Mac an Iomaire in An Stoc, Bealtaine 1928. Bhí baint aige le heagar a chur ar ábhar Cladaigh Chonamara ach bhí easaontas idir é agus An Gúm i 1932 agus d’éirigh sé as an eagarthóireacht. Lean sé air ag comhairliú Mhic an Iomaire agus ba é a bhí ag clóscríobh an ábhair dó. Nuair a foilsíodh an leabhar níor luaigh Tomás Ó Máille ainm Sheosaimh sa réamhrá.

Chuidigh Seosamh leis an mBeirneach nuair a bhí na haistí agus an foclóirín á réiteach aige lena gcur i gcló in Seo Siúd (1934) agus ghabh an Beirneach buíochas leis.

Bhailíodh sé airgead do Choiste na bPáistí thall agus chuireadh síntiúis chuig formhór na n-irisí Gaeilge. Sheoladh sé leabhair Ghaeilge chuig príosúnaigh i gcampa na Cise Fada. Bhí beirt mhac agus iníon aige. D’éag sé ar 27 Eanáir 1974 . Bhí cónaí air ag 217 E 16th St., Brooklyn. Baintreach fir ba ea é agus ‘Retired Senior Clerk, Dept of Highways’. Bhronn a mhac, James Davitt, aturnae in Brooklyn, breis is ceithre chéad leabhar Gaeilge de chuid a athar ar Acadamh Ríoga na hÉireann le cuidiú le hobair Fhoclóir na Nua-Ghaeilge.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú