Ba é an file tíre seo a chum ‘Bainis Pheigí Ní Eaghra’ agus amhráin aitheanta eile. Bhailigh Tomás Ó Máille naoi gcinn díobh agus cibé eolas a bhí le fáil ar a bheatha in Micheál Mac Suibhne agus filidh an tsléibhe, 1934.

In Áth Choirc in aice le Conga i gContae Mhaigh Eo a saolaíodh é ach is i gConamara a chaith sé an chuid is mó dá shaol agus is ar an bhFaiche in aice an Chlocháin a cailleadh é. Deirtear gurbh ó Chúige Uladh dá shinsir agus gur chuir siad fúthu i Maigh Eo in aimsir Chromail, gur in éineacht lena dheartháir Toirdhealbhach a tháinig sé go Conamara, gur chuir fúthu i dTuairín in aice le Maigh Ard, go raibh sé fostaithe ag Steward, tiarna talún, agus gur fhoghlaim sé le bheith ina ghabha dubh. Bhí beagán foghlama air. Ba é ‘Máirín Seoighe’ a chéad phíosa cumadóireachta agus is i gceantar Chonga a rinne sé é. Deir an Máilleach: ‘Ní cheapfainn go raibh Raiftearaí, an lá ab fhearr a bhí sé in ann duine a mholadh chomh maith is mhol Mac Suibhne Máirín Seoighe san amhrán sin.’ Bhí tóir ar ‘Amhrán an Phúca’ i measc an phobail agus deirtear gur d’iníon Riocaird Máirtín i mBaile na hInse a chum sé leagan de ‘Múirnín na Grúaige Báine’.

Ach is é ‘Bainis Pheigí Ní Eaghra’ is mó a thabhaigh cáil go forleathan don Suibhneach. D’inis Pádraig a Búrca scéal an amhráin don Mháilleach. Bhí an file mór le Peigí, ar chailín aimsire i dteach Sheathrúin Coneys í. Chaithfeadh sé í a phósadh, a dúirt Coneys. Ba é leithscéal Mhichíl nach raibh costas na bainise aige. D’fhiafraigh Coneys cad a bheadh i gceist agus liostaigh Micheál sa dán cad a bheadh inmhianaithe: an t-éadach, togha is rogha na dí, ceathrar is fiche den lucht ceoil, tobac láidir is píopaí, uaisle na tíre a bheith ann.... Chuir sin deireadh le héileamh an Chonghusaigh. Tuairimíonn an Máilleach go raibh gaol gairid ag an bhfear sin le Thomas de Vere Coneys.

Deirtear go raibh an file mór le cailín eile, ‘Cuaichín deas Mhuigh Ard’. Gan fhios dó rinneadh a cleamhnas agus focal níor chuala sé go raibh an bhainis ar siúl. Cuireadh ar meisce é agus ar dhúiseacht dó iarradh air amhrán a chumadh. I gceann leathuaire bhí ‘Murchadh Beag Ó Maoláin’ cumtha aige. Murchadh a sciob an cailín uaidh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú