Ag 2 Rae Caroline, Baile Átha Cliath, a rugadh é (Patrick Morgan MacSweeney) 17 Aibreán 1875. Ba é Diarmuid Seosamh Mac Suibhne (Jeremiah Joseph MacSweeney) a athair. ‘Leabharlannaí cúnta’ a thugtar mar shlí bheatha dó i dteastas beireatais Phádraig. B’as Maigh Cromtha dó. Bhí sé ag obair in Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1869 go 1908. Bhíodh rang Gaeilge ar siúl aige in Institiúid na Meicneoirí i Sráid na Mainistreach uair agus bhí sé ina rúnaí ar Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Tá cuntas air ag Máirín Ní Mhuiríosa in Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893, 1968 agus is léir go raibh an dá thuairim ann ina thaobh. Nuair a d’éag sé mhol an Duinníneach go hard é in Fáinne an Lae 19 Meitheamh 1926 ach dúirt freisin: ‘Ach cé go raibh mánlacht na gcolúr ann ní raibh sé gan roinnt de ghliocas na nathrach nimhe’. Bhí daoine eile a chuirfeadh an locht air faoina mhí-éifeachtaí a bhí an Cumann. Bhí sé pósta ar Mharia Ní Longáin, iníon leis an scríobhai Seosamh, gariníon leis an bhfile Micheál óg Ó Longáin.

Bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Risteamain Thuaidh agus ansin sa tsean-Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé céim mháistir amach agus bhuaigh bonn óir an tSeansailéara ar phrós Béarla. Fuair sé post léachtóra i litríocht an Bhéarla agus na Fraincise. Ag an am céanna bhí sé ina ollamh i gColáiste Loreto. Bhí sé ina scrúdaitheoir Béarla faoin Bhord Idirmheánach agus ina scrúdaitheoir Béarla, Gaeilge agus staire in Ollscoil na hÉireann.

Is le gairm na scoláireachta a bhí sé ag dul ar dtús sular chinn sé ar bheith ina shagart. Tar éis cúrsa diagachta i gColáiste na Naomh Uile oirníodh ina shagart é. Chaith sé tamall ina ollamh sa choláiste sin sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, mar ollamh le Béarla. Deireadh sé gur teanga iasachta aige féin an teanga a bhí sé a mhúineadh.

Toghadh é ina bhall de choiste Chraobh an Chéitinnigh den Chonradh nuair a bunaíodh an chraobh sin Bealtaine 1901.

Bhí staidéar déanta aige ar an nGaeilge, idir shean is mheán is nua, agus d’iarr Cumann na Scríbheann Gaeilge air eagar a chur ar Caithréim Conghail Cláiringhnigh, 1904. Scríobh sé freisin A group of nation builders, 1913, cuntas ar Ó Donnabháin, Petrie agus Ó Comhraí. Bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Ecclesiastical Review. D’éag sé 7 Feabhra 1935 agus tá sé curtha i Maigh Nuad. Bhí beirt deartháireacha leis ina sagairt agus deirfiúr leis sna mná rialta. Scríobh Domhnall Ó Cathasaigh cuntas ar a shaol in Irisleabhar Mhaigh Nuad 1939.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú