Ba dhuine é de na cainteoirí dúchais Gaeilge ab aitheanta dá raibh i gConradh na Gaeilge i Londain. D’aistrigh sé cuid mhaith amhrán go Gaeilge agus chum amhráin, iomann an Chonartha i Londain, ‘Clanna Gael go deo’, ina measc. Michéal Mac Suibhne, feirmeoir i nGort na Fuinseann, Baile Bhuirne, a athair agus Síle Ní Chriodáin a mháthair. Ba é Tadhg an duine ab óige de cheathrar buachaillí agus cúigear cailíní. Bhí sé ina bhall de Chumann Liteartha Éireannach Southwark a bunaíodh in 1883 agus ina bhall de chomhairle Aontacht na Gaeilge in 1891 nuair a bhí cónaí air in Upton Park, Essex. De réir a theastais báis is taistealaí tráchtála a bhí ann. Bhí sé pósta ar bhean as Port Láirge agus bhí beirt iníonacha acu.

Tháinig sé abhaile ar saoire in 1899 agus bhí ag Feis Ghobnatan (An Claidheamh Soluis 12 Lúnasa 1899). Toghadh é ina leasuachtarán ar Ardchoiste Londan den Chonradh ar 26 Deireadh Fómhair 1899. Bhí sé ina leasuachtarán ar Chraobh na Fáschoille (Forest Gate). Réitigh sé féin agus an tAthair Micheál Ó MaoldomhnaighLeabhar na Féile le haghaidh seirbhísí eaglasta ar 17 Márta 1902. Ainmníodh é i 1904 mar dhuine den dream a riarfadh Scoil Forest Gate. Bhí sé fial. Thug sé trí ghiní don Oireachtas i 1901, méid ab ionann agus pá maith seachtaine an uair sin, nuair a bhí an Conradh i Londain ag iarraidh £20 a thabhairt don fhéile. Bhronn sé cás leabharlainne ar Chraobh na Fáschoille (‘Arrangements were made with regard to the Branch Library. A very handsome library case has been presented by Mr T. McSweeney’) (An Claidheamh Soluis 22 Iúil 1899). Ba é a bhí mar chisteoir oinigh don ‘Flannery Testimonial’, an bailiú airgid a rinneadh ar son Thomáis Uí Fhlannghaile. Ba é a sheoladh ag an am sin 107 Upton Park Road, Forest Gate (idem 16 Aibreán 1904).

D’éag sé ar 9 Bealtaine 1910 ag Camberwell House, Bóthar Peckham, in aois 52. Bhí cónaí air ag an am sin ag 45 Khedive Road, Forest Gate. Dúradh in An t-Éireannach, Uimhir 1 Iúil 1910: ‘Mr McSweeney had been associated with practically every Irish society and movement in London but it was in the Gaelic League that he did his very best work for Irish. Added to a splendid knowledge of Gaelic he had considerable literary ability and made quite a reputation as a translator and a writer of original verse...’.

D’aistrigh sé ‘Father O’Flynn’ go Gaeilge agus tá sé i gcló in Fáinne an Lae 4 Feabhra 1899. Chan sé ‘Ríl na hÉireann’, aistriúchán a rinne sé féin ar amhrán de chuid F. A. Fahy, ag scoraíocht a bhí ag muintir Forest Gate ar 2 Meitheamh 1899. Scríobh sé leagan Gaeilge de ‘The Willow Tree’. Tá ‘Cois Leasa’ bunaithe ar ‘Among the heather’ le William Allingham (An Claidheamh Soluis 26 Lúnasa 1899). Roghnaíodh roinnt dá aistriúcháin agus dá bhunamhráin sa chnuasach Ceol Sídhe. Is léir ar na tuairiscí a chuireadh sé chuig an gClaidheamh go raibh tuiscint don ghreann aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú