MAC SUIBHNE, Pádraig (1942–2020)
Le caoinchead ó mhuintir Mhic Suibhne

Fear fuinniúil, cuideachtúil a raibh féith an ghrinn go láidir ann a bhí i bPádraig (Patsy) Mac Suibhne. Bhíodh meangadh ar a bhéal, loinnir ina shúile agus é lán diabhlaíochta. Ba é croí na cuideachta i lúb cruinnithe é – ag insint scéalta agus ag cur an chomhluadair a gháire. Ach taobh thiar den ghreann agus de na gáirí, ba dhuine é a bhí tugtha don domhainmhachnamh agus don ghníomh polaitiúil.

Rugadh Pádraig ar 23 Feabhra 1942 i mBeitheach, dhá mhíle ó thuaidh ó Ard an Rátha i nDún na nGall. Bhí gabháltas beag talaimh ag a athair, Néillidh, agus shaothraigh a mháthair, Annie (née Boyle), pingneacha breise i mbun cniotála. Cúigear clainne a thóg an lánúin: John Joe (a d’éag in 2009), Patsy, Anne, Deirdre (a d’éag in 1992) agus James (a d’éag in 2003). Fuair páiste eile, Tomás, bás go luath i ndiaidh dó teacht ar an saol.

D’fhreastail Patsy ar an Scoil Náisiúnta i mBeitheach agus ar aghaidh leis ina dhiaidh sin go Coláiste Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn. I gCo. Mhuineacháin, ar Choláiste Mhic Carthainn, a chaith sé an bhliain dheireanach den mheánscolaíocht sular imigh sé go Maigh Nuad le bheith ina shagart. Tuigeadh dó ar ball nach raibh an ghairm sin i ndán dó ach lean sé ar aghaidh gur bhain céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Stair. Ar a chairde i Maigh Nuad, bhí Pádraig Ó Fiannachta agus blianta ina dhiaidh sin in 1980, d’fhoilsigh an bheirt acu cnuasach filíochta, Spaisteoireacht, i gcomhar le chéile. Bhí cléireach eile, Tomás Ó Fiaich, mar léachtóir aige i Maigh Nuad agus d’éirigh an bheirt an-mhór le chéile – cairdeas fada buan a mhair ar feadh blianta ina dhiaidh sin. Ba é an tAthair Ó Fiaich a léigh an t-aifreann nuair a pósadh Patsy in 1967 ar Kathleen Gardiner as Seacombe i Learpholl Shasana.

Chaith an Suibhneach tréimhse ag teagasc i Scoil na mBráithre Críostaí i nDún Dealgan sular chuir sé an dlaíóg mhullaigh ar a chuid léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bronnadh Ard-Dioplóma san Oideachas air. Le linn dó a bheith san ardchathair ba ghnách leis a bheith ag aisteoireacht sa Damer. Ar chríochnú an dioplóma do Phádraig, d’fhill an lánúin ar Dhún na nGall agus chuaigh seisean a theagasc ansin. Cúigear clainne a bhí acu: Fionnuala, Breandán, Ciarán, Deirdre agus Róisín. Níor leasc leis riamh bacán a tharraingt agus tabhairt faoi dhúshlán úr, agus ceapadh ina leas-phríomhoide é ar Choláiste na Toirbhirte (nó ‘Greenhills’) i nDroichead Átha in 1971. An Ghaeilge agus an Stair na hábhair a theagasc sé ach ní sa seomra ranga amháin a léirigh sé a chuid buanna. Nuair a bhuaigh Cumann Córúil Naomh Peadair an dara duais i gcomórtas Sheáin Uí Riada d’amhráin nuachumtha, bhain siad leas as liricí filíochta a chum an Suibhneach, ‘Machnamh Meán Oíche.’ David Armstrong as RTÉ a chum an ceol. Bhí Patsy gníomhach in imeachtaí Chumann Dhún na nGall fosta agus é i gcomhluadar leithéidí Iósaef Uí Shearcaigh a chaith na blianta mar rúnaí ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste.

Bhí athair Patsy ina bhall den IRA agus é gníomhach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad. Lean Patsy de thraidisiún an phoblachtánachais agus i mí na Bealtaine 1974, cúisíodh é as ballraíocht san IRA (na Sealadaigh). Chaith sé cúpla seachtain i bPríosún Phort Laoise ach fuarthas neamhchiontach é sa Chúirt Choiriúil Speisialta ar Shráid na Faiche, Baile Átha Cliath. I ndiaidh bhás Patsy, thug cara leis, Joe Reid, ardmholadh dá cheannaireacht ar son na gcimí ó 1980 go 1981:

Patsy’s contribution in Drogheda and Louth was massive. The time that he devoted, the personal and financial risks that he took plus the leadership that he showed has to be acknowledged. He led by example, hours and hours of hard work. He confidently delegated duties and was consistently present to encourage. Patsy had a gift with the written word and he could powerfully and passionately deliver them to any audience. When ‘Sweeney’ asked for a job to be done there was no scarcity of volunteers.

In 1983 ceapadh an Suibhneach ina phríomhoide ar an gcoláiste pobail ar an Scoil, Co. Chorcaí. Agus trí bliana ina dhiaidh sin in 1986 rinneadh príomhoide de ar Mheánscoil Chúil Dheá i mBaile idir Dhá Abhainn, Co. Shligigh. Seal míshocair a chaith sé ansin, áfach, agus níorbh fhada gur fhill sé ar a bhaile dúchais gar d’Ard an Rátha. Chóirigh sé teach na scoile ar a bhaile dúchais féin, Beitheach, agus is ann a chaith sé na blianta go deireadh a shaoil. An obair ba mhó a bhí in aice lena thoil féin ná teagasc cúrsaí sna coláistí Gaeilge ina chontae dúchais. Ba mhinic a chaith sé idir Cháisc agus samhradh sa Ghaeltacht i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. D’oibrigh sé i gColáiste an Phiarsaigh, Bun an Inbhir, i gColáiste Cholm Cille, Gaoth Dobhair agus i gcoláistí go leor nach iad. Sna blianta deireanacha aige, dhéanadh sé cúrsaí fómhair le mic léinn Ollscoil na Banríona i Rann na Feirste agus le daoine fásta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair. I nGaeltacht Thír Chonaill ba mhó a bhí sé ar a shuaimhneas agus bhí faill aige leanúint den dúil a bhí aige sa drámaíocht. Ghlac sé páirt sa dá shraith teilifíse C.U. Burn agus Gleann Ceo ar TG4.

Níor stad Pádraig den scríbhneoireacht chruthaitheach i rith a shaoil. Foilsíodh trí chnuasach filíochta leis: Taibhsí an Chreagáin in 1976, Spaisteoireacht (le Pádraig Ó Fiannachta) in 1980 agus Solas uaigneach in 1992. Is minic an dúchas, an t-uaigneas, cúrsaí caidrimh agus an mhoráltacht mar théamaí ina shaothar. Fuair dán leis an dara háit i gcomórtas in 1966 don inscríbhinn sa Ghairdín Cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath (Liam Mac Uistín a ghnóthaigh an chéad duais) agus cuireadh dán eile leis, ‘Colscaradh,’ ar shiollabas na hArdteistiméireachta. Roghnaigh Gréagóir Ó Dúill deich gcinn de dhánta leis an Suibhneach dá dhíolaim Filíocht Uladh 1960–1985 (Coiscéim, 1986).

Ba scríbhneoir próis é fosta agus ar a shaothar sa réimse sin, tá Coinín cliste, An mhallacht agus Ned faoi bhinn. Scríobh sé leabhair d’fhoghlaimeoirí chomh maith: An Fête agus scéalta eile (2004), An Dochtúir agus scéalta eile (2005) agus An Teach Glas agus scéalta eile (2008). D’fhoilsigh sé dhá threoirleabhar litríochta do mhic léinn meánscoile: Dánta Ardteastais (1981): Gnáthleibheál (Folens, 1980) agus Dánta Ardteastais 1981: nótaí breise don Ardleibhéal (Folens, 1980). D’fhoilsigh sé Drogheda and the H-Block Hunger Strike, 1981 (1981) fosta. Bailiúchán atá ansin de na nuachtlitreacha laethúla uilig a d’fhoilsigh an Anti-H-Block/Armagh Committee le linn na stailce ocrais.

In Otharlann Leitir Ceanainn ar 24 Márta 2020 a cailleadh Pádraig Mac Suibhne agus cuireadh a chorp i Reilig Eaglais an Teaghlaigh Naofa in Ard an Rátha ar 26 Márta 2020.

Seán Mac Labhraí

Foinsí tagartha