Bhí sé ar dhuine den seisear timirí Gaeilge a cheap an Bord Náisiúnta Oideachais i 1907. Ar 1 Bealtaine 1871 a rugadh é i mBaile Uí Churraoin sa Rinn. Sin é an dáta atá ag an Roinn Oideachais. Oibrí feirme a athair Tomás. De réir an teastais breithe ba í Mary Killegad (Killigad atá i dteastas pósta na lánúine) a mháthair. Dúradh in Waterford News and Star 11 Nollaig 1936 gur aistrigh an teaghlach go Dún Garbhán nuair a bhí sé ina bhuachaill go fóill.

Bhí Patrick Sweeney ag an gcruinniú ag ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i nDún Garbhán. ‘A meeting was held in Dungarvan on the 7th ult., at which, among others, the following were present:- Rev. M.P.Hickey [Micheál Ó hIceadha], ..., Messrs P. Carmody, Kilmacthomas (féach Ó CEARMADA in Aguisín 2); M. T. Foley, Ring (faoi Ó FOGHLUDHA, Áine); Thomas McCarthy, Town Clerk; Daniel Fraher [Domhnall Ó Fearachair] ; Patrick Sweeney, James Daly, all of them representative local men, good Irish speakers and noted supporters of the movement’ (Irisleabhar na Gaedhilge, 1 Meitheamh 1895). Faoi Aibreán 1898 bhí post aige — agus is minic ‘Sweeney’ mar shloinne air go fóill—i Mainistir Fhear Maí, mar chléireach dlí in oifig Mhaignéir, aturnaetha, agus gheall sé a dhícheall a dhéanamh chun craobh a bhunú sa bhaile sin (Fáinne an Lae 16 Aibreán 1898). Ón am a bunaíodh an chraobh i 1900, agus Pádraig ina rúnaí air, ba é ceannasaí an Chonartha é sa taobh sin tíre. Ba é ba mhó faoi deara feis a chur ar siúl sa bhaile: ‘Would there have been a Feis Cholmáin without Pádraig Mac Suibhne...?’ (idem 9 Iúil 1904). Níl amhras ach gurb é an Patrick Sweeney (29) é, cléireach dlí a rugadh i bPort Láirge agus a bhí, dar le tuairisc Dhaonáireamh 1901, singil agus Gaeilge aige agus é ar lóistín i dteach tábhairne/siopa grósaera i Lána an Bhainc, Mainistir Fhear Maí.

Ba é a bhí i gceannas an chruinnithe ag ar bunaíodh comhairle contae Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh (idem 5 Deireadh Fómhair 1901). Bhuaigh sé an chéad duais ar bhunscéal ag Feis na Mumhan i 1901 agus an bhliain dár gcionn bhí sa dara háit sa phéire comórtas i gcomhair aistí. Ag Oireachtas 1902 bhuaigh sé an chéad duais ar óráid ullmhaithe i dtaobh lánstaonadh ón ólachán agus ar óráid impromptu (An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902). In Banba, Bealtaine 1902, d’fhoilsigh sé ‘Cois Abha Mhóire’, amhrán a bhailigh sé ó Mháire Ní Chrotaigh.

Scríobh Donnchadh Ó Laoghaire faoi in aiste dar teideal ‘Gluaiseacht na Gaeilge i Mainistir Fhear Maí’ (An Claidheamh Soluis 20 Nollaig 1902): ‘Is é Pádraig Mac Suibhne an “Réalt Eoluis” atá acu, agus is dócha, mura mbeadh é sin, go mbeadh sé thiar orthu. Is bunúsach a théann sé i mbun a ghnótha, agus is breá an teagascóir é gan amhras. Tá cuid de na scoláirí a mhúin sé anuraidh ábalta ar chabhrú leis i mbliana, agus taisbeánann san go bhfuil sé ina ghlanmháistir ar mhúinteoireacht’. Tuairiscíodh sa pháipéar céanna 17 Deireadh Fómhair 1903 gur thug sé aitheasc os comhair cruinniú de Chonraitheoirí i Halla Naomh Aindriú i Londain. Bhuaigh sé an chéad duais ar liosta de logainmneacha ag Oireachtas 1904.

I Márta 1903 bhí sé ar dhuine den cheathrar a chuir isteach ar phost eagarthóir An Claidheamh Soluis. Bhí Micheál Ó hIceadha ag tacú leis toisc go mba chainteoir dúchais é. Pádraic Mac Piarais a fuair an post, rud a thug ar Ó hIceadha éirí as a bheith ina Leasuachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ó 1904 go 1907 agus ina bhall de Fhochoiste an Litrithe i 1904. Ar 28 Iúil 1906 bhí sé ar dhuine de lucht ceannais an Chonartha ar chuir Liam P. Ó Riain sraith de phortráidí díobh i gcló in Irish Peasant. Dúradh ann gur chónaigh sé tamaill i gConnachta agus i nDún na nGall, gur chaith sé téarma ag múineadh i gColáiste na Mumhan, gur chara ar leith é leis an Athair Peadar Ó Laoghaire (‘Nobody knows an tAthair Peadar better than he’) agus go scríobhadh sé na nótaí ar chúrsaí reatha in Cork Examiner. Tagraíodh don éifeacht a bhíodh ag a chiall chomónta ar chruinnithe stoirmiúla ghluaiseacht na Gaeilge. Tuairiscíodh in Sinn Féin 3 Samhain 1906 gur shroich ‘An Déiseach’ (Pádraig Mac Suibhne) Cúirt Uachtarach Chomhaltas an Phléimionnaigh.

Iarradh air óráid an Oireachtais a thabhairt i 1906 agus tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 25 Lúnasa 1906. Ceapadh é an bhliain dár gcionn ina thimire/cigire Gaeilge faoin mBord Oideachais (idem 5 Deireadh Fómhair 1907). Is de bharr an cheapacháin sin a d’éirigh sé as ballraíocht an Choiste Gnó ar 14 Nollaig 1907. Ó 1 Bealtaine 1907 go 28 Feabhra 1922 bhí sé ag obair faoin mBord Náisiúnta. Bhí sé ina chigire bunscoileanna faoin stát dúchais ó 1 Márta 1922 go 15 Bealtaine 1923 agus ina roinn-chigire bunscoileanna ó 16 Bealtaine 1923 go 1 Bealtaine 1936 nuair a chuaigh sé ar pinsean. D’éag sé ar 6 Nollaig 1936. Ag 54 Ascaill an Ghoirt Aird, Corcaigh, a bhí cónaí air ag an am. Margaret Jane ab ainm dá bhean agus bhí ar a laghad beirt mhac agus iníon acu. Chum Pádraig Ó Cruadhlaoich (‘Gael na nGael’) caoineadh air.

Bhí ábhar i gcló aige i bpáipéir an Chonartha idir 1901 agus 1920. De réir nóta in Inniu 3 Márta 1960, bhí sé ina eagarthóir ar An Muimhneach Óg, páipéar míosúil a chuireadh an Cork Sun amach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú