MAC SUIBHNE, Pádraig (1871-1936) Pádraig MAC SUIBHNE An Déiseach Patrick Sweeney 1871 1936 Baile Uí Churraoin, Co. Phort Láirge Ascaill an Ghoirt Aird, Co. Chorcaí M rannpháirtí in Éirí Amach 1916 [B9] cigire múinteoir múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] státseirbhíseach roimh 1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine den seisear timirí Gaeilge a cheap an Bord Náisiúnta Oideachais i 1907. Ar 1 Bealtaine 1871 a rugadh é i mBaile Uí Churraoin sa Rinn. Sin é an dáta atá ag an Roinn Oideachais. Oibrí feirme a athair Tomás. De réir an teastais breithe ba í Mary Killegad (Killigad atá i dteastas pósta na lánúine) a mháthair. Dúradh in Waterford News and Star 11 Nollaig 1936 gur aistrigh an teaghlach go Dún Garbhán nuair a bhí sé ina bhuachaill go fóill.

Bhí Patrick Sweeney ag an gcruinniú ag ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge i nDún Garbhán. ‘A meeting was held in Dungarvan on the 7th ult., at which, among others, the following were present:- Rev. M.P.Hickey [Micheál Ó hIceadha] [B1], ..., Messrs P. Carmody, Kilmacthomas (féach Ó CEARMADA in Aguisín 2); M. T. Foley, Ring (faoi Ó FOGHLUDHA, Áine[B2]); Thomas McCarthy, Town Clerk; Daniel Fraher [Domhnall Ó Fearachair] [B3]; Patrick Sweeney, James Daly, all of them representative local men, good Irish speakers and noted supporters of the movement’ (Irisleabhar na Gaedhilge, 1 Meitheamh 1895). Faoi Aibreán 1898 bhí post aige — agus is minic ‘Sweeney’ mar shloinne air go fóill—i Mainistir Fhear Maí, mar chléireach dlí in oifig Mhaignéir, aturnaetha, agus gheall sé a dhícheall a dhéanamh chun craobh a bhunú sa bhaile sin (Fáinne an Lae 16 Aibreán 1898). Ón am a bunaíodh an chraobh i 1900, agus Pádraig ina rúnaí air, ba é ceannasaí an Chonartha é sa taobh sin tíre. Ba é ba mhó faoi deara feis a chur ar siúl sa bhaile: ‘Would there have been a Feis Cholmáin without Pádraig Mac Suibhne...?’ (idem 9 Iúil 1904). Níl amhras ach gurb é an Patrick Sweeney (29) é, cléireach dlí a rugadh i bPort Láirge agus a bhí, dar le tuairisc Dhaonáireamh 1901, singil agus Gaeilge aige agus é ar lóistín i dteach tábhairne/siopa grósaera i Lána an Bhainc, Mainistir Fhear Maí.

Ba é a bhí i gceannas an chruinnithe ag ar bunaíodh comhairle contae Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh (idem 5 Deireadh Fómhair 1901). Bhuaigh sé an chéad duais ar bhunscéal ag Feis na Mumhan i 1901 agus an bhliain dár gcionn bhí sa dara háit sa phéire comórtas i gcomhair aistí. Ag Oireachtas 1902 bhuaigh sé an chéad duais ar óráid ullmhaithe i dtaobh lánstaonadh ón ólachán agus ar óráid impromptu (An Claidheamh Soluis 31 Bealtaine 1902). In Banba, Bealtaine 1902, d’fhoilsigh sé ‘Cois Abha Mhóire’, amhrán a bhailigh sé ó Mháire Ní Chrotaigh.

Scríobh Donnchadh Ó Laoghaire[B1] faoi in aiste dar teideal ‘Gluaiseacht na Gaeilge i Mainistir Fhear Maí’ (An Claidheamh Soluis 20 Nollaig 1902): ‘Is é Pádraig Mac Suibhne an “Réalt Eoluis” atá acu, agus is dócha, mura mbeadh é sin, go mbeadh sé thiar orthu. Is bunúsach a théann sé i mbun a ghnótha, agus is breá an teagascóir é gan amhras. Tá cuid de na scoláirí a mhúin sé anuraidh ábalta ar chabhrú leis i mbliana, agus taisbeánann san go bhfuil sé ina ghlanmháistir ar mhúinteoireacht’. Tuairiscíodh sa pháipéar céanna 17 Deireadh Fómhair 1903 gur thug sé aitheasc os comhair cruinniú de Chonraitheoirí i Halla Naomh Aindriú i Londain. Bhuaigh sé an chéad duais ar liosta de logainmneacha ag Oireachtas 1904.

I Márta 1903 bhí sé ar dhuine den cheathrar a chuir isteach ar phost eagarthóir An Claidheamh Soluis. Bhí Micheál Ó hIceadha[B1] ag tacú leis toisc go mba chainteoir dúchais é. Pádraic Mac Piarais[B4] a fuair an post, rud a thug ar Ó hIceadha éirí as a bheith ina Leasuachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ó 1904 go 1907 agus ina bhall de Fhochoiste an Litrithe i 1904. Ar 28 Iúil 1906 bhí sé ar dhuine de lucht ceannais an Chonartha ar chuir Liam P. Ó Riain[B1] sraith de phortráidí díobh i gcló in Irish Peasant. Dúradh ann gur chónaigh sé tamaill i gConnachta agus i nDún na nGall, gur chaith sé téarma ag múineadh i gColáiste na Mumhan, gur chara ar leith é leis an Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] (‘Nobody knows an tAthair Peadar better than he’) agus go scríobhadh sé na nótaí ar chúrsaí reatha in Cork Examiner. Tagraíodh don éifeacht a bhíodh ag a chiall chomónta ar chruinnithe stoirmiúla ghluaiseacht na Gaeilge. Tuairiscíodh in Sinn Féin 3 Samhain 1906 gur shroich ‘An Déiseach’ (Pádraig Mac Suibhne) Cúirt Uachtarach Chomhaltas an Phléimionnaigh.

Iarradh air óráid an Oireachtais a thabhairt i 1906 agus tá sé i gcló in An Claidheamh Soluis 25 Lúnasa 1906. Ceapadh é an bhliain dár gcionn ina thimire/cigire Gaeilge faoin mBord Oideachais (idem 5 Deireadh Fómhair 1907). Is de bharr an cheapacháin sin a d’éirigh sé as ballraíocht an Choiste Gnó ar 14 Nollaig 1907. Ó 1 Bealtaine 1907 go 28 Feabhra 1922 bhí sé ag obair faoin mBord Náisiúnta. Bhí sé ina chigire bunscoileanna faoin stát dúchais ó 1 Márta 1922 go 15 Bealtaine 1923 agus ina roinn-chigire bunscoileanna ó 16 Bealtaine 1923 go 1 Bealtaine 1936 nuair a chuaigh sé ar pinsean. D’éag sé ar 6 Nollaig 1936. Ag 54 Ascaill an Ghoirt Aird, Corcaigh, a bhí cónaí air ag an am. Margaret Jane ab ainm dá bhean agus bhí ar a laghad beirt mhac agus iníon acu. Chum Pádraig Ó Cruadhlaoich (‘Gael na nGael’) [B1] caoineadh air.

Bhí ábhar i gcló aige i bpáipéir an Chonartha idir 1901 agus 1920. De réir nóta in Inniu 3 Márta 1960, bhí sé ina eagarthóir ar An Muimhneach Óg, páipéar míosúil a chuireadh an Cork Sun amach.