Bhí an sloinne Coneys in iarthar Chonnacht chomh luath le 1677 agus luaigh an file Micheál Mac Suibhne beirt den ainm san amhrán ‘Bainis Pheigí Ní Eára’.

Ba é an Tomás seo an chéad duine dár ceapadh i gcathaoir na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Is í Catherine Jennings is mó a chaith dúthracht lena fháil amach cérbh é féin, agus le cur síos ar chúrsa a shaoil, in ‘Thomas Coneys: First Professor of Irish in T.C.D.’ (Connemara, Journal of the Clifden and Connemara Heritage Group, Vol. 2 No. 1 1995). Dar léi gur Phrotastúnaigh a mhuintir agus nár iompú a rinne sé mar a deir Brighid Bean Uí Mhurchadha in Oideachas in Iar-Chonnacht sa Naoú Céad Déag (1953). Abhcóide ba ea a athair, John Coneys as Barr an tSrutha in aice leis an gClochán. I nGaillimh a rugadh é. Chuaigh sé isteach i gColáiste na Tríonóide in 1819 in aois 15 bliain dó. Ghnóthaigh sé B.A. in 1824. Oirníodh é 17 Deireadh Fómhair 1830. Bhí sé ag obair i gCill Choirín in oirthear na Gaillimhe, i mBéal Átha hAmhnais, i measc na nÉireannach i Londain, agus i mBéal Easa, mar ar chuir sé múinteoirí an Irish Society faoi scrúdú. Bhí sé ina mhisinéir ar fud iarthar na Gaillimhe agus chaith séasúr in Acaill. Tugadh fogha faoi i nGob an Choire in 1839. An tArdeaspag Power Trench a mhol go gceapfaí é i gcathaoir na Gaeilge; tá cuid de scéal an Connaught Home Mission Society, a bunaíodh faoina choimircesean, inste ag Patrick K. Egan in The Parish of Ballinasloe: its history from the Earliest Times to the Present Century (1960). Thosaigh Coneys i gColáiste na Tríonóide in 1841 agus d’fhan ann go 1851. Post páirtaimseartha ba ea é agus bhí sé ina churáideach sna Sé Bhaile, Co. Dhoire, ó 1843 go 1845. Deirtear in Leslie’s Derry clergy and parishes: Being an account of the clergy of the Church of Ireland in the Diocese of Derry (1937) gurbh é a thug an chéad seirbhís san eaglais sin agus gurbh i mBéarla agus i nGaeilge a bhí sí. I bhforlíonadh le liosta Leslie i leabharlann an Representative Church Body deirtear gur chuir sé tús le scoil mhisinéireachta i mBéal Átha na Sluaighe in 1846. I gColáiste na Trionóide a d’éag sé ar 28 Nollaig 1851. Bhí sé ina reachtaire ar pharóiste Bhaile na Cille, Co. na Gaillimhe, ag an am sin. Promhadh a uacht in 1852.

An fáth a bhfuil cuimhne air go fóill gur thiomsaigh sé Foclóir Gaoidhilge-Sacs-Béarla, or An Irish-English Dictionary, intended for the use of students and teachers of Irish (1849). Ní deir Tomás de Bhaldraithe ina thaobh ach an méid seo: ‘Níor mhiste foclóir Gaeilge-Béarla an Chonúsaigh a lua, mar gur ceann de chineál eile ar fad é. Do lucht teagaisc an Bhíobla a cuireadh le chéile é, agus is ar an mBíobla a bunaíodh é. Is é an tairbhe atá anois leis go luann sé an chaibidil is an véarsa sa Bhíobla le cuid mhór de na focail. Ní miste freisin a lua gur bhain an Duinníneach leas as; agus gur mhinic alt ina iomláine go cruinn aige as, gan é sin a admháil’ (The Maynooth Review, Bealtaine 1980). Bhí baint aige freisin le Book of Common Prayer: urnuighthe na maidne agus na nóine de réir úsáide Eagluise Aontuighthe na Sacsan agus na hÉirionn (1851).

Is é a dúirt R.B. McDowell in Trinity College Dublin 1592-1952: an academic history (1982) faoi Coneys agus a chomharba: ‘Coneys, who held the chair until 1851 and Daniel Foley who succeeded him were both hard-hitting controversialists of an extreme Protestant type with some experience of quasi- missionary parishes in the west.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú