File, scríobhaí agus máistir scoile ba ea an fear seo a d’aistrigh amhráin Tom Moore go Gaeilge le linn don fhile sin a bheith ina bheatha. Tá eolas ina thaobh ag Pádraig de Brún in Studia Hibernica 12 (1972) agus ag T. de Bh. in North Munster Antiquarian Society Journal, 1940-41. San Ospidéal, Co. Luimnigh, a rugadh é 11 Lúnasa 1784, cé go luaití an Cnocán in aice an Chaisleáin Nua freisin. Casadh an file Aindrias Mac Craith air in aois naoi mbliana dó. Ag labhairt dó ar fhilí móra an 18ú céad dúirt sé: ‘They were all contemporaries, and none of them have I seen but the Mangaire Súgach, for whom I remember to have gone for snuff in Fantstown . . .’ (i gcló in Catalogue of Irish MSS. in the British Museum, Vol 1 le Standish Hayes O’Grady lch 179). Bhí féith na filíochta go láidir ann agus chum sé véarsaí macarónacha agus gan é ach ocht mbliana d’aois. Agallamh idir é féin agus a mháthair faoi chúrsaí grá a bhí iontu. I scoil scairte a cuireadh oideachas air agus le múinteoireacht a chuaigh sé. Phós sé in 1807.

In Scéala Éireann 26 Meán Fómhair 1943 deir Risteard Ó Foghludha gur chaith sé saol seachránach; gur dóigh gur bhunaigh sé scoil in Eiltiún, Co. Luimnigh, in 1809; tar éis ceithre bliana gur bhog sé go Cathair Ailí sa cheantar céanna; as sin go ndeachaigh sé go dtí an Cluainín in aice le Sliabh na mBan agus go ceantar Chluain Meala. Bhí sé i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus ó 1818 bhí sé tamall timpeall Shliabh gCuillinn. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus deir Pádraig de Brún (Éigse XIX, 1982/3) gur oileadh mar mhúinteoir é i gChumann Phlás Chill Dara agus gur chaith tamall ag obair san oifig ann. Bhí fógra aige in Freeman’s Journal 5 Meán Fómhair 1822: ‘Irish lessons at 60 Henry Street. Professor Mr Eugene Cavanagh.’

Deir Breandán Ó Madagáin (An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900, 1974) go raibh scoil mhór aige in 1824, 346 daltaí ann, ar an gCnocán lámh leis an gCaisleán Nua. Is dóigh gur bunaíodh í mar chuid den troid a bhí an tAthair Uilliam Mac Gearailt a dhéanamh in aghaidh na mbíoblóirí. Bhí sé i Móin Achaidh Ghae in 1826 agus um 1828 bhí sé i gCill Mhuire Uí Bhricín. Deir sé féin go raibh sé tamall ina ollamh agus ina fho-rúnaí ag ‘the Ollamh Fodhla Society or the Irish Literary Society, Dublin.’ Cuireadh in iúl do na húdaráis i mí na Nollag 1831 gur dóigh go raibh páirt aige i gCogadh na nDeachúna. I Ráth Ó gCormaic, Port Láirge, a bhí sé um an dtaca seo.

Scríobh sé chuig Seán Ó Dálaigh i bhFeabhra 1848 (Éigse Iml. I, Cuid III, 1939) ó Mhargadh an Arbhair,Loch Garman: ‘I have some M.S.S. of importance. I have two thousand verses of Ossian’s Poems from beginning to finis . . . most of the songs of the Munster poets and others . . . . I am travelling and collecting this 40 years.’ Gach áit a mbíodh sé chóipeáladh sé lámhscríbhinní. Tá scríbh­inní dá dhéantús i Leabharlann na Breataine agus in Acadamh Ríoga na hÉireann. Chum sé caointe, amhráin pholaitiúla agus dánta. Deirtear gur scríobh sé leagan den amhrán ‘Táimse im chodhladh is ná dúisigh mé’ (North Munster Antiquarian Society Journal, fómhar 1940).

Chuir sé Gaeilge ar leabhar Richard Challoner agus foilsíodh an bunleabhar agus an t-aistriúchán le chéile in Think well on it: Smuain go maith air (1820). Deir Breandán Ó Madagáin go raibh éileamh mór ar an saothar seo. Tugadh eagrán nua amach in 1943. D’aistrigh sé dánta le Thomas Moore don Limerick Evening Post agus bhí Hardiman, Thomas de Vere Coneys agus An tAthair Domhnall Ó Súilliobháin i measc na ndaoine a mhol iad. Theastaigh uaidh na bunamhráin a fhoilsiú in aon leabhar lena aistriúcháin féin. Ní raibh Moore ina aghaidh sin ach dhiúltaigh a fhoilsitheoirí cead a thabhairt. Bhí beartaithe aige ceithre himleabhair d’amhráin a thabhairt amach ach níor foilsíodh ach an t-aon cheann amháin díobh, in 1848. D’éag sé i mBaile Átha Cliath 3 Eanáir 1849. ‘Died on Wednesday morning, 3rd inst, at the hour of 2 o’clock at his lodgings 84 Francis Street in this city at the very moderate age of 64 years after combating the perils and storms of life, Eugene O’Cavanagh . . . the inimitable translator of Moore’s Melodies.’ Scríobhaithe freisin ba ea a dheartháireacha Tomás agus Maolsheachlainn.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú