Tá cuntas gairid ar an mBráthair Críostaí seo ag Liam Prút in Comhar, Bealtaine 1998. Is é a scríobh an chaibidil ‘Na Bráithre Críostaí agus an Ghaeilge’ in Gníomhartha na mBráithre, 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil agus tá nóta beathaisnéise sa leabhar sin. Luaitear é i measc na mBráithre a bhí chun tosaigh i múineadh na Gaeilge agus i múineadh trí mheán na teanga, i reáchtáil choláiste oiliúna na mBráithre trína meán, agus i bhfoilsiú téacsleabhar Gaeilge i gcóir na n-ábhar éagsúla. B’as Co. Cheatharlach dó. Chaith sé tamaill ag múineadh: i nDún Dealgan; i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath; in Ard Aidhin, mar a raibh sé ina uachtarán ar Mheánscoil Dháibhéidh. Bhí baint mhór aige leis an scéim a chuir na Bráithre ar bun i 1953 chun buachaillí a thabhairt chun na Gaeltachta. Thugadh sé scata ó Dhún Dealgan go Cnoc Fola gach bliain. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar Ógra Éireann, ina eagarthóir ar An Réiltín, ina bhall de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ina Leas-Phroibhinsial ar na Bráithre Críostaí. I gcomhar leis an mBráthair M. F. Ó Donnchú chuir sé an 3ú heagrán de Amhránleabhar Ógra Éireann, 1954 ar fáil. Scríobh sé Scoil Iósaif Marino: iris chuimneacháin 1916-1966, 1956. Nuair a d’éag an Bráthair A.S. Ó Maoil Eoin ba é a chóirigh an saineagrán cómórtha de An Réiltín. Bhíodh ailt agus dánta leis féin i gcló san iris sin. D’éag sé 19 Feabhra 1998.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú