‘Séamus the Dubliner – almost the apotheosis of all Dubliners who was yet the least parochial and least insular of souls’. B’in é an cur síos a rinne Con Lehane air in An Múinteoir Náisiúnta, Bealtaine 1964. Ag 8 Cé Sháirséil i mBaile Átha Cliath a rugadh é 21 Deireadh Fómhair 1910. Siúinéir ar phá ba ea a athair Jack Kavanagh. Julia Holohan ab ainm dá mháthair. ‘Fíor-Bhleácliathaigh’ ba ea iad, dar le Séamus, agus tá tuairisc Dhaonáireamh 1911 ina fhianaise gurbh i mBaile Átha Cliath a rugadh Jack agus Julia, agus máthair Julia a bhí ina cónaí in éineacht leo. Bhí baint ag an lánúin le gluaiseacht na saoirse.

Fuair sé a chuid oideachais i Scoil na gCairmilíteach, Sráid na mBráithre Bána, agus chaith ceithre bliana ina mhonatóir ann. Ba dhuine den bheirt deiridh é i seanchóras úd na monatóirí. Faoi 1928 bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. D’fhill sé ar Scoil na gCairmilíteach nuair a bhí sé cáilithe agus chaith dhá bhliain déag ina mhúinteoir ann. As sin d’aistrigh sé go Rinn Mhuirfean mar ar chaith sé cúig bliana.

Ba spéis leis an amharclann ó bhí sé ina ghasúr. Bhí siopa ag a ghaolta in aice le sean-Amharclann na Ríona i Sráid an Phiarsaigh. D’fhaighidís pasanna don chéad teach ar an Luan toisc go gcuiridís fógraí in airde sna fuinneoga, agus ba mhinic pas díobh ag Séamus. Nuair a d’fhás sé suas ghlacadh sé páirteanna i léiriúcháin an Chomhair Drámaíochta agus ba dhuine de réalta an Chompántais é sna sceitseanna a chuiridís ar siúl san Amharclann Oilimpeach sna 1940idí agus sna 1950idí. Chabhraigh scripteanna Liam Uí Cheallaigh leis chun clú mar fhear grinn a bhaint amach. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chompántais.

Le linn stailc na múinteoirí náisiúnta i rith 1946 casadh air i dteach tábhairne lá fear a raibh baint aige le scannáin. B’in é a thug deis dó dul le haisteoireacht go lánghairmiúil agus dá mhéid a shuim sa mhúinteoireacht ní raibh fonn air socrú síos arís nuair a bhí an stailc fhada thart. Scannáin a raibh páirteanna aige iontu is ea The Courtneys of Curzon Street, Irish memory, No resting place, The Gentle gunman. Bhí ról an teidil aige in Professor Tim. I gcás an stáitse cuimhnítear ar Winterset a léirigh Burgess Meredith, The Bishop’s Bonfire, Happy as Larry. Bhí páirt Leopold Bloom aige i léiriú a rinne tríú clár raidió BBC ar Ulysses. Deirtear go raibh sé 35 bliana d’aois sular labhair sé abairt Bhéarla ar an stáitse gairmiúil.

Tuairim 1947 bhí sé mar quizmháistir sna cláir raidió ‘Tráth na gCeist’ agus ‘Question Time’ agus ba é an chéad léiritheoir é sa chlár ‘Take the floor’. Fuair sé post mar chúntóir léirithe i Radio Éireann. Bhí sé i gceannas na gclár éadroma ina dhiaidh sin agus i 1954 cuireadh i gceannas é ar chláir na mban agus na bpáistí. Mura raibh ardchlú air mar riarthóir is cinnte go raibh cion mór agus ardmheas air agus gurbh fhéidir teacht timpeall ar cibé fadhbanna a d’éiríodh.

Dúirt sé féin in Inniu 30 Eanáir 1953 gur fhoghlaim sé an Ghaeilge i gConamara agus in Árainn. Bhíodh rang á mhúineadh aige i gCraobh Thomáis Dáibhis de Chonradh na Gaeilge.

Bealtaine 1955 bhí cás dlí aige in aghaidh Esquire mar gheall ar an abairt seo in uimhir Aibreán 1947: ‘A writer and actor like Seamus Kavanagh or a poet and balladeer like Brendan Behan are typical of Dubliners who would not waste time or money on food when whiskey and pints could limber their pens and tongues the better’.

Bhí cónaí air ag 58 Bóthar Herberton, Rialto, lena dheirfiúr agus a clann. Níor phós sé. D’éag sé 20 Aibreán 1964. Bhí an file Riobard Ó Faracháin ar chomhaois leis agus bhí aithne aige air ó bhí sé ina leanbh. In RTÉ Guide 1 Bealtaine 1964 dúirt sé: ‘In radio, theatre and newspaper, he was actor, question-master, producer, journalist, and a man who planned broadcasts which children and grown-ups enjoyed. He did all these things in two languages, well-flavoured English and Irish true as could be. We all wanted to talk with him, but we all had to compete. You started alone with him: in minutes you were one of six or seven. The sharp, bright mind, the precise knowledge, the effortless riposte, the delicate sensibility, the memory most retentive, the heart that lived with the heart of Ireland: all these in his unlaboured conversation’. Dúirt Con Lehane, a chomh-aisteoir sa Chompántas: ‘To walk along a Dublin street with Seamus Kavanagh was to experience the feeling that this capital city was only a country village. In a half hundred yards he could be stopped or hailed half a dozen times. Everybody knew him. He appeared to know everybody – newsboys and news editors, poets and policemen, teachers and touchers, the high and mighty and the down and out’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú