Tá eolas cuimsitheach ina thaobh ag Pádraig Ó Macháin agus Thomas Overlander in Decies: The Journal of the Waterford Archaeological and Historical Society 56, 2000 (‘Michael Cavanagh of Cappoquin, 1822-1900’). I gCeapach Choinn, Co. Phort Láirge, a baisteadh é 23 Eanáir 1822. Is dóigh leis na húdair luaite thuas gur rugadh é an lá roimhe sin. Ba iad a thuismitheoirí Andrew Cavanagh, cúipéir i gCeapach Choinn, agus Mary Cullanane ó Mhaigh Deilge, Co. Phort Láirge. Bhí seachtar deirfiúracha aige. An mháthair a mhúin léamh agus scríobh na Gaeilge dó. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i gCeapach Choinn. Dhealródh sé nach raibh sé riamh ar scoil i gCnoc Mheilearaí, mar a dúradh in Beathaisnéis a hAon; níor osclaíodh an scoil sin go 1845. Feachtais Dhomhnaill Uí Chonaill, an Gorta Mór, agus daoine a bheith á gcur as seilbh sa cheantar ag muintir Ussher a spreag é chun tacú le gluaiseacht na nÉireannach Óga agus chun a bheith ina bhall den Confederate Club a bunaíodh i gCeapach Choinn in 1847. Tá cuid mhaith eolais i dtaobh a ghníomhaí a bhí sé in 1848, agus ina dhiaidh, ina mhórshaothar Memoirs of Gen. Thomas Francis Meagher : comprising the leading events of his career chronologically arranged, with selections from his speeches, lectures and miscellaneous writings, including personal reminiscences, 1892.

Ó Mhárta go Iúil 1848 bhí sé i mBaile Átha Cliath ag cabhrú le cibé pleananna a bhí á gceapadh ag na hÉireannaigh Óga, agus is i rith na tréimhse sin a chuir sé aithne ar chuid mhaith de cheannairí na gluaiseachta. D’fhág sé an chathair ar 25 Iúil le bualadh le Michael Doheny i gCaiseal agus an lá dár gcionn ordaíodh dó scéala faoin éirí amach a bhí á bheartú a thabhairt go Ceapach Choinn. Níor éirigh leis an baile sin a shroichint go 31 Iúil agus is ansin a chuala sé faoinar tharla i mBaile an Gharraí trí lá roimhe sin. Bhí éirí amach eile beartaithe ar 16 Méan Fómhair ag Fintan Lalor, Thomas Clarke Luby agus cúpla ceannaire eile agus ghlac Mícheál páirt san iarracht lag a rinneadh an lá sin ar bhearaic na bpílear i gCeapach Choinn a ghabháil. Fógraíodh in Hue and Cry go dtabharfaí £100 don té a chuideodh lena ghabháil. Ach d’éirigh leis féin agus beirt chairde Nua-Eabhrac a shroichint in Eanáir 1850. In Decies 56, 2000 (‘Michael Cavanagh of Cappoquin, 1822-1900’) deir Pádraig Ó Macháin agus Thomas Overlander faoina bhfuil aige faoi eachtraí úd 1848 agus 1849 sna Memoirs: ‘He is… critical, scathing indeed, of the deliberate absence of any code of secrecy within the Young Ireland movement, and of the absurdity of many aspects of the campaign once the leadership had been forced to leave Dublin.’ Ba léir dó freisin gur bheag cur amach a bhí ag na ceannairí ar chúrsaí míleata. Lean sé air go deireadh a shaoil ag tacú leis na hiarrachtaí a bhí ar siúl sna Stáit Aontaithe chun saoirse na hÉireann a bhaint amach.

Go ceann i bhfad ba í an chúipéireacht a shlí bheatha i mbailte i stát Nua-Eabhrac mar Brooklyn, Shushan, Waterford. Tugadh saorántacht Mheiriceá dó 15 Deireadh Fómhair 1855. Bhí baint nár bheag aige le Bráithreachas na Poblachta agus bhí ina rúnaí ag Seán Ó Mathúna. ‘The two were close friends, a friendship which went back to the dramatic days in the valley of the Suir. One of Cavanagh’s sons, Andrew O’Mahony Cavanagh (died 1879) was named for his friend, and O’Mahony was godfather to one of Michael’s daughters. A token of Cavanagh’s affection for O’Mahony, and of his loyalty to him, can be seen in Cavanagh’s participation in a fund-raising committee and circulating a letter, unknown to the Colonel, in which he explained O’Mahony’s difficulties with the publisher of his translation of Forus Feasa ar Éirinn and sought donations to help O’Mahony settle a debt whereby he would become sole owner of the plates of that book.’

Meastar gur luigh sé isteach ar an iriseoireacht in 1857 nuair a bhunaigh Ó Mathúna agus Doheny an iris The Phoenix ach nach raibh sé ach mar shlí bheatha pháirtaimseartha aige gur bunaíodh an iris The Emerald in 1868. Scríobhadh sé freisin do pháipéir eile Uí Mhathúna, Irish People agus American Gael. Pointe suntasach i gCeapach Choinn ba ea Cloch an Chúinne agus ba mhinic sin mar ainm cleite aige. Scríobhadh sé go rialta ina dhiaidh sin in Celtic Magazine agus in Worcester Messenger. I mBéarla ar fad a scríobhadh sé ach d’aistríodh sé dánta Gaeilge, go háirithe filíocht Dhubhghlas de hÍde agus Phádraig Uí Bheirn. Cuimhnítear freisin ar a aistriúchán ar ‘Aonach Bhearna na Gaoithe’ a foilsíodh in éineacht leis an mbundán in Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh. 26, Iml. 3, 1887. ‘His interest in Irish literature and mythology, and his knowledge of the Irish language itself, combined with a real writing talent, his devotion to translation, and an ability to compose verse, mark him out as a literateur, a man of letters. Though he wrote in English, the literary tradition to which he belongs is firmly an Irish one’ (Ó Macháin agus Overlander). Is dó agus do Mhícheál Ó hIceadha a thugtar an chreidiúint gur ceapadh Risteard de Hindeberg ina ollamh le Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Washington in 1895; ba bhall de na hÍbeirnigh é agus in 1894 bhailigh an t-ord sin airgead chun go mbunófaí an ollúnacht.

Bhí sé in ann filleadh ar Éirinn nuair a aistríodh corp Terence Bellew McManus go Baile Átha Cliath um Shamhain 1861 agus níor fhill ar na Stáit go dtí Bealtaine 1862. Ar 25 Iúil 1863 phós sé Ann O’Brien i mBrooklyn. B’as Áth Mheáin, Co. Phort Láirge, di agus rugadh naonúr dóibh a bhfuair duine díobh, an Andrew úd dár thagraíomar, bás in aois a dhá bliain dó. Bhí Mícheál ina bhall le fada den Phoenix Brigade, díorma a bhain leis an mBráithreachas agus a raibh Ó Mathúna ina oifigeach ceannais orthu, agus in 1864 inchorpraíodh iad sna New York Volunteers d’fhonn páirt a ghlacadh sa Chogadh Cathartha. Ba chuid de gharastún príosúin i stát Nua-Eabhrac iad agus is deimhin nach bhfaca siad aon chuid den chomhrac. Deir Ó Macháin agus Overlander: ‘Cavanagh’s loyalty was not uncomplicated. In this he was by no means exceptional. For instance he was, along with a large section of the Irish community, opposed to conscription. Nor did he view the Civil War as a struggle for the abolition of slavery. He belonged to his time, and, in concord with a sizeable proportion of the Irish American community, he could, at times, express a low opinion of some African-Americans.’

In 1870 d’aistrigh sé go Washington agus liostáil mar shaighdiúr singil in Arm na Stát Aontaithe agus d’fhan ann go 11 Lúnasa 1882. Ceapadh é ina státseirbhíseach an lá dár gcionn agus in ainneoin aoise agus drochshláinte bhí an post sin aige go bhfuair sé bás. D’éag sé 21 Meitheamh 1900 agus tá sé curtha i Reilig Shliabh Olivet.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú