Scríobh an Proinsiasach seo ceann de phaimfléid Chonradh na Gaeilge, Ireland’s defence—her language. I mbaile Loch Garman a rugadh é ar 12 Márta 1838 de réir thaifead an pharóiste. Laurence Kavanagh, ‘merchant and shipowner’, a athair agus ba í Catherine Prendergast a mháthair. Bhí sé ar scoil ann ag na Bráithre Críostaí agus i gColáiste Pheadair. Rinne sé a chúrsa diagachta i gColáiste Naomh Isadóir sa Róimh agus is ann a oirníodh é in 1866. I Loch Garman a bhí sé ag obair ar dtús agus ansin chaith sé tamaill i Meiriceá Thuaidh, i Meiriceá Theas, agus san Astráil. Bhí sé ina dhiaidh sin i bPort Láirge, i gCarraig na Siúire, Baile Átha Luain agus i gCorcaigh. Ghlac a sheanathair, Jeremiah Kavanagh, páirt in Éirí Amach 1798 agus maraíodh uncail a mháthar, an tAthair Micheál Ó Murchú, i gCath an Inbhir Mhóir. D’fhág sin go raibh mórspéis aige san Éirí Amach agus in 1874 foilsíodh a History of the Insurrection of ’98, leabhar a bhí bunaithe, cuid mhaith, ar thraidisiúin a mhair i measc a mhuintire. Bhí baint aige le hEagras Céadbhlianach ’98 agus toghadh é ina uachtarán ar Chraobh Chorcaí de Chonradh na Gaeilge (Fáinne an Lae 4 Márta 1899). D’fhág sé Corcaigh i samhradh na bliana sin (An Claidheamh Soluis 15 Iúil 1899). Bhí litir aige in United Irishman 23 Nollaig 1899 in aghaidh liostála in arm na Breataine agus thabharfá leat as go raibh sé ina bhall de Choiste Transvaal. Thug sé léacht sa Rotunda ar ‘England’s unjust wars and Ireland’s participation in them’ ar mhaithe le Ciste Comórtha ’98 (Fáinne an Lae 17 Feabhra 1900). Gairid ina dhiaidh sin toghadh é ina uachtarán, oiriúnach go leor, ar Chraobh Mhichíl Uí Dhuibhir, ceann de chraobhacha móra Bhaile Átha Cliath ag an am sin (Fáinne an Lae 21 Iúil 1900). Bhí sé in ann beagán Gaeilge a labhairt: tar éis dó léacht a thabhairt i Luimneach is i nGaeilge a thug sé freagra ar an rún buíochais (An Claidheamh Soluis 4 Eanáir 1902). Chuir sé síos ag cruinniú sa Scoil, Co. Chorcaí, ar an staidéar a bhí déanta aige ar an teanga: ‘I may tell you here that I myself scarcely heard a word of Irish spoken up to a few years ago. But I have studied it and I am proud to say that I can now read books written in modern Irish with much facility, and I can say from experience that the study of Irish fully rewards the student’ (Fáinne an Lae 15 Deireadh Fómhair 1898). Dúirt sé in óráid i Loch Garman uair eile: ‘I can assure you, ladies and gentlemen, from my own experience that the labour of learning Irish is not a painful or tiresome one’ (An Claidheamh Soluis 11 Iúil 1908).

Bhí sé mór le hArt Ó Gríofa agus i 1900, i nDún Dealgan, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na nGael, eagraíocht a bhí ina réamhtheachtaí ag Sinn Féin. Thuairimítí gurbh é a thug litreacha an Mon. Persico don Ghríofach le foilsiú in United Irishman i 1904. Síleadh ar feadh i bhfad gur thuairisc bhréagach a bhí scríofa ag an eaglaiseach sin a thug ar an bPápa Leon XIII caitheamh anuas ar obair Chonradh na Talún. Thaispeáin an Gríofach gur thuairisc lánfhabhrach a scríobh Persico (Art Ó Gríofa, 1953 le Seán Ó Lúing). Dar leis an Cork Examiner 18 Nollaig 1917 go raibh an tAthair Caomhánach báúil leis na Réamonnaigh anuas go 1914. Ghníomhaigh sé mar shagart nuair a bhí John agus Willie Redmond ag pósadh agus bhí sé páirteach leo i leachta cuimhneacháin 1798 a chur á dtógáil ar fud Loch Garman. Deirtear freisin go raibh sé cairdiúil le Charles Kickham agus gurbh i ngeall ar bhá a bheith aige leis na Fíníní a d’fhéach an Cairdinéal Moran chuige go gcaithfeadh sé an Astráil a fhágáil. Chaith sé na deich mbliana deiridh dá shaol i Loch Garman ach i gCorcaigh a d’éag sé 17 Nollaig 1918. Tá sé curtha i reilig an chlochair i Loch Garman.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú