‘Fear mór ab ea é—fathach. Bhí sé mór ar gach slí. Bhí sé mór i dtoirt, mór i bhfuinneamh, mór i bpearsantacht, mór i meanma, mór i machnamh, mór i dteacht i láthair. Agus maidir lena chroí bhí oiread bó de chroí aige’. Seán Ó Ríordáin a dúirt an méid sin i ndiaidh a bháis. Thagair sé go hoiriúnach do Kruger an teideal a thug Aogán Ó Rathaille ar Dhónall Ó Ceallacháin (d’éag i mBaile na mBuailteoirí, Corcaigh, ar 24 Lúnasa 1724)—‘Rí-bhiatach cinn iarthair Eorpa’. Gan amhras ba é an tábhairneoir ba cháiliúla in Éirinn a linne féin é.

Rugadh Muiris Caomhánach (nó Muiris Ó Caomháin mar a scríobhadh sé a ainm go minic) i mBaile na Rátha i nDún Chaoin ar 28 Márta 1894. Ba mhac é le Seán Caomhánach agus a bhean Máire de hÓra agus deartháir le Seán a’ Chóta, Liam agus an Ollamh Séamas. Ní raibh siad róbhocht: seacht mbó agus siopa beag acu. Bhí sé ar scoil i nDún Chaoin mar a raibh a athair baistí Seán Ó Dálaigh ('Common Noun’) ag múineadh. Bhí cúpla faicsean i measc na ndaltaí agus ó tharla Muiris ina cheannaire ar na ‘Bóraigh’ tugadh Kruger air agus lean an t-ainm sin de ar feadh a shaoil.

In 1913 d’imigh sé go Meiriceá. Chaith sé trí bliana i scoil oíche agus tamall ansin in Ollscoil Fordham. Deirtear go raibh eolas aige ar theangacha. Fuair sé post le J. Schuberth Co. ag eagrú réamhphoiblíochta do choirmeacha ceoil ar fud na Stát Aontaithe. Ar feadh ceithre bliana bhí sé ag obair dá chara Victor Herbert agus tamall ansin ina oifigeach poiblíochta ag Metro Goldwyn Meyer. Bhí bua an áibhéil aige agus ba mhaith é chun craiceann a chur ar scéal. Ach bhí bunús lena scéalta. Bhí aithne aige gan amhras ar leithéidí Al Jolson, Adolph Zukor, Sam Goldwyn, Mae West. Bhí aithne aige ar an saol agus aithne ag an saol air. Bhíodh beagán éigin aisteoireachta ar siúl aige sna scannáin tostacha agus ar an stáitse. Shiúil sé na Stáit go léir ach, mar a dúirt a dheartháir i ndiaidh a bháis, bhí Nua-Eabhrac ar chroí a bhoise aige.

Sé bliana déag a chaith sé sna Stáit. Bhí baint aige le camchuairteanna Éamon de Valera agus leis na mórchruinnithe polaitiúla thall le linn Chogadh na Saoirse. Ba é freisin a d’eagraigh cuairt pheileadóirí Chiarraí in 1927.

Tháinig sé abhaile i mbliain 1929 agus chuir teach aíochta ar bun. Níor scoir sé ar fad den cheird a bhí foghlamtha aige. Oifigeach caidrimh poiblí gan phá ina cheantar dúchais a bhí ann. In 1956 d’éirigh leis ceadúnas óil a fháil sa chúirt i dTrá Lí in ainneoin go raibh a shagart paróiste ag cur ina aghaidh. Scríobh Breandán Ó Beacháin dán molta an bhreithimh, Barra Ó Briain, cúpla lá ina dhiaidhsean.

Is fuath le daoine bheith ag briseadh na dlí

Ach is fuath leo fós bheith ag dul gan braon dí

Is geal linn an scéal is déanai ó Dhún Chaoin

Agus caithfimid siar é le Kruger.

I gCorca Dhuibhne beidh rince’s greann

Ó Dhaingean Uí Chúise go Baile na nGall

Is bagairt na nGárdaí ní fiú faic an deamhain

Nuair a chaithfimid siar é le Kruger.

Sláinte an Bhreithimh, síol uasal Bhorumha,

Agus sláinte an Chaomhánaigh, cia ’cu ariú?

Ach Muirisín fhéin’s an Phoblacht abú!

Nuair a chaithfimid siar é le Kruger.

(Irish Times, 30 Meitheamh 1956)

Dá mb’fhéidir suim aicearrach a thréithe dúchais a scríobh chaithfí na rudaí seo a lua: fear mór cuideachta a bhí ann; níorbh fhéidir neamhshuim a dhéanamh de in aon tionól daoine; bhí aithne aige ar an bhfear saibhir agus ar an bhfear bocht; bhí cion ar leith ag páistí agus seandaoine air agus aigesean orthu; bhí sé in ann comhrá a dhéanamh leis an mórscoláire agus leis an ngnáthdhuine. Ach b’fhéídir gurbh fhearr an suimiú a rinne Seán Ó Ríordáin in aon abairt ghairid amháin: ‘B’fhearr ná an aimsear é mar ábhar cainte’. Scríobh Seán Ó Lúing an véarsa seo faoi:

Kruger na sé dtroithe

Kruger agónistés

Deisiúil le maidí rámha

Seinmeoir méar-dhána

Ar chláirseach na fiannaíochta,

Agus tríd uile, individual dochloíte.

Bhí sé pósta ar Cháit Ní Néill agus d’éag sé ar 15 Aibreán 1971.

Tá cuntas ag Seán Ó Lúing ar an Journal of the Kerry Archeological and Historical Society 15–16 (1982–3) (a foilsíodh in earrach 1984), mar aon le faisnéis doiciméadach, ar eachtraí Kruger sna Stáit Aontaithe. Ar a théarma mar fhear réamhphoiblíochta ag Walter Scanlan, an ‘celebrated Irish tenor’, is mó atá trácht ann. Ní luaitear an J. Schuberth Co. Is cosúil go raibh sé ina shaineolaí ar chailíní maisiúla agus ar roghnú pearsanra do bhanfhoireann Ziegfeld; ina gharda cosanta ag de Valera i rith a thurais 1919/20; ina chinsire scannán don phobal Éireannach thall. Rinneadh saoránach Meiriceánach de ar 27 Bealtaine 1920 agus d’fhill sé ar Éirinn ar 7 Meitheamh 1929. Tá cuntas fada ar shaol Kruger in Éirinn ag Seán Ó Lúing in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society 17 (1984) a foilsíodh i bhfómhar 1985. Céad bliain i ndiaidh a shaolaithe foilsíodh Is cuimhin linn Kruger: Kruger remembered (1994), tríocha aiste in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine, mar aon le sean-ghrianghraif agus cúpla alt nuachtáin ina thaobh a foilsíodh nuair a bhí sé beo.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú