CAIRD, Dónall (1925–2017)

I mBaile Átha Cliath a rugadh Dónall (Donald) Caird ar an 11 Nollaig 1925, mac le George Caird agus Emily (née Dreaper). Dar le Dónall, d’oibrigh a athair mar chléireach i Rannóg an Phríomhinnealtóra leis an Great Southern Railway. Bhí triúr páistí eile ag a athair óna chéad phósadh le Elizabeth, née McDonald, a fuair bás in 1918: Norman, Phoebe agus Jim. I Raghnallach, Baile Átha Cliath, a tógadh Dónall, bruachbhaile i ndeisceart na cathrach. D’fhreastail sé ar Choláiste Wesley ó 1936 go 1944, agus is sa tréimhse seo a chuir sé suim sa Ghaeilge ar dtús.

Mar dhalta i gColáiste Wesley a bhí ag ullmhú do scrúduithe stáit go luath sna 1940idí, sheol a athair chuig Gaeltacht Dhún Chaoin é chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Agus é ag cur faoi i dteach Kruger Kavanagh, tráthnóna amháin, tógadh Dónall amach chun bualadh le Peig Sayers a bhí ina cónaí i mBaile an Bhiocáire ar an mórthír ag an am. Le linn dó bheith ina mhac léinn i gColáiste na Trionóide, chaith Dónall seal ar an mBlascaod Mór, agus d’fhan sé le muintir Uí Ghuithín agus, go deimhin, lean sé ag cothú an chairdis le Seán, Muiris agus Máire ar feadh a shaoil. Chuir an t-eispéireas ar an oileán draíochta seo ina óige gliondar air: ‘To learn another language is to gain another life, or at least to enter another world where the spirit may be refreshed and invigorated.’

Cuireadh ríméad air freisin a chomhchreidmhigh Phrotastúnacha a fheiceáil agus a chloisteáil agus iad i mbun adhartha trí Ghaeilge sa séipéal beag i gCill Maoilchéadair, Baile na nGall. Ar ais i mBaile Átha Cliath dó thosaigh sé ag freastal ar na seirbhísí Gaeilge in Ardeaglais Naomh Pádraig, a bhíodh á reáchtáil ag Cumann Gaelach na hEaglaise, cumann a bunaíodh in 1914. Is ansin a chas sé leis an Dr Kathleen Lynn, ball d’Eaglais na hÉireann, a bhí ina hoifigeach leighis le linn Éirí Amach 1916. Chuaigh sí i bhfeidhm ar an mac léinn óg, agus í ag caitheamh spéaclaí pince-nez agus cóta fada fionnaidh a raibh sé deacair uirthi é a choinneáil slán ó spócaí a rothair.

Ar an 4 Nollaig 1942 moladh Dónall mar bhall de Chumann Gaelach na hEaglaise. Toghadh ar an gcoiste stiúrtha é ag an gcruinniú cinn bhliana a tionóladh an 13 Bealtaine 1943.

Bhí Dónall ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide ó 1944 go dtí 1950. Rinne sé staidéar ar an fhealsúnacht, agus bhí réim acadúil den scoth aige agus é ag buachan roinnt duaiseanna. Oirníodh mar dheagánach é in 1950, agus mar shagart in 1951. Chaith sé tréimhse mar churáideach i nDún Deala in oirthear Bhéal Feirste. Is ansin a chuir sé aithne ar phobal nua: lucht oibre longchlós Harland and Wolff agus an pobal timpeall orthu – dílseoirí agus aontachtaithe. De réir a chéile d’fhás an meas a bhí aige orthu. Chuir sé aithne freisin ar an scríbhneoir iomráiteach, Críostaí agus fealsúnaí, C. S. Lewis.

Thug an tréimhse seo i mBéal Feirste, agus tréimhse a chaith sé direach ina dhiaidh sin mar shéiplíneach agus máistir i Scoil Ríoga Port Abhla in Inis Ceithleann (1953–7) léargas dó ar an taobh eile den chríochdheighilt: stát a raibh aontachtaithe i gceannas air ach inar bhraith sé go raibh míshástacht ‘faoi thalamh’ ag borradh sa phobal mionlaigh. Lean tréimhse ghairid léachtóireachta in Ollscoil Dewi Sant i Llanbedr na Breataine Bige go déanach sna 1950idí.

Ó 1960 go 1969 bhí sé ina reachtaire i bparóiste Ráth Michíl, Seanchill, i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Is ansin a chuir sé aithne ar bhean ó Mheiriceá a bhí ar cuairt, Nancy Ballatyne Sharpe. Phós siad agus thug Dónall agus Nancy cuairt ar Inis Oírr go gairid i ndiaidh a bpósta. Beirt iníonacha a bhí acu, Ann agus Helen, agus mac amháin, John.

Mar reachtaire i Ráth Michíl, bhí Dónall freisin ina shéiplíneach ar Choláiste Moibhí, an t-aon scoil lán-Ghaeilge faoi bhainistíocht Phrotastúnach sa tír, a bhí lonnaithe i gCaisleán na Seanchille ag an am.

Chaith Dónall tréimhse ghairid i gCill Chainnigh mar dhéan ar Dheoise Osraí ó 1969–70. I mí Iúil 1970 toghadh ina easpag é ar dheoise Luimnigh, Ard Fearta agus Achadh Deo, deoise fhairsing agus dhá cheantar Gaeltachta, Dún Chaoin agus Uíbh Ráthach, mar chuid di. Le linn a chuid ama mar easpag i Luimneach, tháinig borradh faoi na trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Labhair Dónall amach go tréan in aghaidh an fhoréigin agus ar son na réasúntachta. Thug sé uaidh rabhadh fadradharcach in 1974: ‘Rabhadh ón stair (non immemor in pace vivere), ná déan dearmad go mbeidh ort amach anseo maireachtáil faoi shíocháin agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí do ghnímh agus maireachtáil leo siúd a bhfuil tú ag troid leo anois.’

Timpeall thús na 1970idí, bhíodh seirbhísí Gaeilge á reáchtáil ó am go ham sa samhradh i Séipéal Chill Maoilchéadair, agus Cór Chúil Aodha Sheáin Uí Riada rannpháirteach iontu.

Go gairid i ndiaidh dó teacht chun na deoise thug Dónall agallamh cuimsitheach don scríbhneoir Mainchín Seoighe, a foilsíodh san Irish Press, agallamh a chaith súil siar ar a shinsearacht in Albain, laethanta a óige i mBaile Átha Cliath agus an tréimshse a chaith sé ó thuaidh. Labhraíodh Dónall ag ócáidí éagsúla Gaeilge ar nós Éigse na Máighe i gCo. Luimnigh agus thug sé turas fada go hÉigse Uladh i nDún na nGall, agus mhéadaigh aithne phobal na Gaeilge air de réir a chéile. Thug sé cuairt ar Sheán Ó Riada ar leaba a bháis siúd agus chuir sé aithne ar an Athair Pádraig Ó Fiannachta. In 1975 cheap Tom O’Donnell T.D., Aire na Gaeltachta, Dónall mar bhall den chéad Bhord na Gaeilge, bord a raibh T. K. Whitaker ina chathaoirleach air.

Toghadh Dónall mar easpag ar an Mí agus Cill Dara in 1976. Ba é seo an tríú post is sinsearaí in Eaglais na hÉireann. Le linn tréimhse ghairid ó 1977 go 1980, tharla sé go raibh an triúr easpag is sinsearaí in Eaglais na hÉireann ina gcainteoirí Gaeilge: George Otto Simms in Ard Mhacha, Henry McAdoo i mBaile Átha Cliath agus Dónall Caird sa Mhí agus Cill Dara. Spreag an méid seo Lil Nic Dhonnchadha, duine de bhunaitheoirí Chumann Gaelach na hEaglaise, le rá, ‘Má tá fonn ar bhuachaill óg dul chun cinn a dhéanamh in Eaglais na hÉireann, ba chóir dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim!’

In 1981 d'fhoilsigh An Sagart, cumann Gaelach shagairt na hEaglaise Caitlicí, aistriúchán nua ar an mBíobla, An Bíobla Naofa (an chéad aistriúchán suntasach go Gaeilge ar an Sean-Tiomna ó Bhíobla Bhedell san 17ú haois). Bronnadh cóip ar Dhónall ag a sheoladh ag a chara, an tAthair Pádraig Ó Fiannachta (a bhí lárnach san aistriúchán ón Eabhrais agus ón nGréigis go Gaeilge). Thosaigh Eaglais na hÉireann ina seirbhísí Gaeilge ag baint úsáid go minic as an aistriúchán seo, go háirithe toisc nach raibh fáil ar aon aistriúchán nua-aimseartha eile ar an Sean-Tiomna. Lean Dónall leis ag labhairt ag neart ócáidí Gaeilge, mar shampla ag Éigse de hÍde i Ros Comáin. Cosúil lena laoch, Dubhghlas de hÍde, rinne Dónall iarracht an Ghaeilge a scarúint ón bpolaitíocht.

Mar éacúiméiní tiomanta, bhain Dónall sult as a chaidreamh pearsanta leis an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich, scoláire mór Gaeilge agus staire, agus na hardeaspaig Chaitliceacha a bhí mar chomhghleacaithe aige i mBaile Átha Cliath le linn a thréimhse féin, Kevin McNamara agus Desmond Connell.

Mhol Dónall go minic ina ráitis phoiblí go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag Protastúnaigh sna fórsaí cosanta, sa Gharda Síochána agus in údaráis áitiúla, téama ar lean sé de mar easpag sna deoisí éagsúla a bhí faoina chúram.

In 1985 toghadh Dónall mar ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath agus Gleann Dá Loch. Mar ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath i ré an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh agus tús phróiseas na síochána ina dhiaidh sin, tháinig a cheannaireacht go maith le ceannaireacht Ardeaspag Ard Mhacha, Robin Eames, ó thuaidh, sa tslí gur sholáthair Dónall léargas ar dhearcadh chomhaltaí Eaglais na hÉireann ó dheas.

Mar ardeaspag bhí sé ipso facto ina phríomhurlabhraí do mhionlach an deiscirt le linn ré na ndíospóireachtaí móra a bhain le colscaradh, ginmhilleadh agus frithghiniúint sna 1980idí agus go luath sna 1990idí. Mhol sé go ndéanfaí idirdhealú soiléir idir raon feidhme theagasc na heaglaise agus raon feidhme an dlí shibhialta. Ní raibh sé de nós aige diktat a eisiúint dóibh siúd a bhí mar thréad aige, ná do dhaoine eile a d'fhéadfadh a bheith ag éisteacht leis; d’fhéach sé le síol a chur dá chuid éisteoirí – seo rian an fhealsaimh ag teacht tríd.

Bhí dearcadh traidisiúnta taobh thiar dá sheasamh ar oirniú na mban: bhí sé buartha faoin gcaidreamh éacúiméineach le heaglaisí eile: ‘Is Anglacánaigh muid agus ní caoirigh a ritheann thar aill.’ Ach nuair a rinne sionad na heaglaise a chinneadh, ghlac sé leis go dílis – go deimhin d’oirnigh sé duine de na chéad sagairt mná ó dheas, an tUrramach Ginnie Kennerley.

Sna 1990idí tháining deireadh ré in oideachas Gaeilge na bProtastúnach. Bhí Coláiste Moibhí, an t-aon mheánscoil lán-Ghaeilge faoi bhainistíocht Phrotastúnach, ar cheann de na hinstitiúidí a tháinig slán as an gcóras réamhullmhúcháin a bunaíodh i mblianta tosaigh an Stáit chun a chinntiú go mbeadh mic léinn ar mhian leo traenáil mar mhúinteoirí i mbunscoileanna (áit a raibh an teanga ina hábhar éigeantach) cumasach a ndóthain sa Ghaeilge. Agus é ina chúis aiféala go forleathan, dhún Coláiste Moibhí in 1995. Ghuigh Dónall, mar chathaoirleach ar an mbord bainistíochta, nach seasfadh dúnadh Choláiste Moibhí mar phointe meatha i spéis an phobail Phrotastúnaigh sa Ghaeilge.

In 1992 tugadh cuireadh dó labhairt ag seoladh athchló An Bíobla Naofa in Óstán Buswell, Baile Átha Cliath. Chuir sé aistriúchán comhaimseartha ar fáil do roinnt iomann Gaeilge in Church Hymnal Eaglais na hÉireann agus cuireadh fáilte roimh shaothar den sórt sin i measc phobal na heaglaise. Sa chúigiú heagrán den Hymnal, a foilsíodh in 2003, luaitear na haistriúcháin seo a leanas le Dónall agus an tUrramach Gary Hastings: ‘A Aonmhic na hÓighe’, ‘A Rí an Domhnaigh’, ‘Síormholadh is glóir duit, a Athair Shioraí’, ‘Don Oíche úd i mBeithil’, ‘Fáilte Romhat, a Rí na nAingeal’, ‘Gurab tú mo Bheatha’ agus ‘Deus meus, adiuva me’. Ar feadh sé bliana fichead agus é ag déanamh fónaimh i dTeach na nEaspag in Eaglais na hÉireann, chinntigh tionchar Dhónaill go mbeadh fáil ar aistriúcháin Ghaeilge nuair a bhí aon mhór-athbhreithnithe á ndéanamh ar théacsanna liotúirgeacha. Agus é san ardchathair, lean Dónall leis ag freastal ar imeachtaí Gaeilge, agus bhí sé mar sheanmóirí ag seirbhís speisialta Ard-Fheis Chomóradh an Chéid do Chonradh na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide in 1993.

D’éirigh Dónall Caird as mar ardeaspag in 1996. An bhliain chéanna thug sé léacht uaidh ag Éigse Thomáis Bháin in Inis Meáin. In 2003 bhí sé le feiceáil ar chlár teilifíse speisialta a rinne TG4, No Rootless Colonists: Na Gaeil-Phrotastúnaigh. In 2004 ghlac sé páirt in Éigse Leabhar na hUrnaí Coitinne i nDún Phádraig, mar ar seoladh leagan Gaeilge de Leabhar na hUrnaí Coitinne. In 2006, thug sé léacht faoi Dhubhghlas de hÍde ag Scoil Samhraidh na hAthbheochana Ceiltí in Inis Oírr.

Bhí cónaí air agus é ar scor i nDún Laoghaire le Nancy. Ó am go chéile dhéanadh sé ceiliúradh ar an Eocairist i nGaeilge in Ardteampall Chríost do Chumann Gaelach na hEaglaise, agus bhíodh sé i láthair gach bliain ag an tseirbhís idirchreidmheach Ghaeilge do Sheachtain na hAontachta Críostaí, a eagraíonn Cumann Gaelach na hEaglaise agus pobal an aifrinn.

Choinnigh sé nasc daingean ar feadh a shaoil le Ciarraí. Cheannaigh sé teachín ann sna 1970idí, a ndearna sé athchóiriú air de réir a chéile agus thugadh cuairteanna air go minic lena chlann sa samhradh, nós ar lean sé leis go dtí gur tháinig meath ar a shláinte. Bhíodh sé de nós aige cuairt a thabhairt ar dhaoine áitiúla agus taitneamh á bhaint aige as a gcuideachta.

In 2010 bhí Dónall ag ceiliúradh leathchéad bliain ó ceapadh mar reachtaire é agus daichead bliain mar easpag. Bhronn Aire na Gaeltachta, Pat Carey T.D., Gradam an Phiarsaigh air ag dinnéar speisialta i gceanncheathrú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach ar an 22 Aibreán 2010, mar aitheantas dá chuid oibre don teanga. Ní raibh Dónall, ar tháinig meath ar a shláinte thart ar an am seo, in ann a bheith i láthair. Ghlac Nancy leis ina ionad agus léadh amach a óráid ghlactha (an óráid phoiblí dheireanach a d’ullmhaigh sé) thar a cheann. Rinne an óráid seo, i nGaeilge, a spéis agus a thaithí leis an teanga a rianú.

In 2010, ag an tseirbhís bhliantúil Ghaeilge den Aontacht Chríostaí in Ardteampall Chríost, thiomnaigh sé éadach altóra nua mar chuimhne ar Leaslaoi Ó Briain, iar-rúnaí Chumann Gaelach na hEaglaise. Fuair Cumann Gaelach na hEaglaise maoiniú in 2010 ó Fhoras na Gaeilge chun oifigeach forbartha lánaimseartha a fhostú, agus tá fianaise ann ó shin go bhfuil spéis ag méadú arís ar an nGaeilge i measc phobal Eaglais na hÉireann, agus fás ar líon na seirbhísí Gaeilge, agus rannpháirtíocht le scoileanna agus leis an óige san áireamh. In 2014, rinne Cumann Gaelach na hEaglaise comóradh céad bliain ó bunaíodh é, le dóchas, ag athdhearbhú na bhfocal dóchais agus misnigh a bhí ag Dónall ina óráid phoiblí dheireanach. D’imigh Dónall Caird ar shlí na fírinne ar an 1 Meitheamh 2017. D’éag Nancy ar an 23 Nollaig 2019. Maireann a iníonacha Ann agus Helen, a mhac John, agus clann a chlainne. Tá sé curtha i reilig Eaglais na hÉireann in Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin.

Tá scéal a shaoil rianaithe ag Aonghus Dwane in Donald Caird: Church of Ireland Bishop: Gaelic churchman: A life (2014). Tá cuntas ar a shaol freisin sa leabhar De bhunadh Protastúnach le Risteárd Ó Glaisne (2000).

Aonghus Dwane