Ó FÁGÁIN, Pádraig (1922–2011)

Rinne Séamus Mac Gabhann agallamh cuimsitheach leis an scríbhneoir/staraí seo in Ríocht na Midhe 17 (2006) agus tá cuntas gairid air in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (1998), in eagar ag Gearóidín Uí Nia. I bhFearann Coillín, Tigh Munna, Co. na hIarmhí, a rugadh é ar 22 Márta 1922. Fear meánaosta a athair Tomás ag am a phósta agus, nuair a d’éag sé in aois 57 dó, is ar a bhaintreach Anne Maria (Ní Dhufaigh) a thit cúram a n-ochtar leanaí. Bhí feirm seasca acra acu ach bhí cás na bhfeirmeoirí go dona sna 1930idí. Ní hé go raibh gantannas bia orthu riamh ach go raibh an t-airgead fíorghann. ‘It all added up to a deprived, miserable existence...’ a dúirt Pádraig le Séamus Mac Gabhann. Bhuaigh sé féin agus deartháir leis scoláireachtaí go Coláiste Fhinín sa Mhuileann gCearr. Ní rómhaith a thaitin an coláiste sin leis. Bhraith sé an bochtanas mar smál air agus é i láthair na scolairí cónaithe eile sin arbh fhearr go mór a bhí a muintir as. Sa Mheánteistiméireacht ghnóthaigh sé 257 marc sa stair, rud ab ionann agus lánmharcannna móide an seacht marc sin de bharr gur trí mheán na Gaeilge a rinne sé an scrúdú. D’fhág sé an coláiste gan fanacht ar scrúdú na hArdteistiméireachta. D’éirigh leis post cléirigh a ghnóthú sa státseirbhís agus thosaigh ag obair ann i mí Feabhra 1940. Sa Roinn Tionscail agus Tráchtála is mó a chaith sé a shaol oibre. D’fhonn bualadh chun cinn sa phost chaith sé tamall ag freastal ar léachtaí oíche i gColáiste na Tríonóide ach ní bhfuair céim nuair nár éirigh leis an bhliain dheiridh a chaitheamh ann. Ach timpeall an ama sin ghnóthaigh sé Dioplóma sa Riarachán Poiblí. Ina phríomhoifigeach a bhí sé ó 1977 go ndeachaigh sé amach ar pinsean in 1982. Sa bhliain 1992 bhronn Coláiste na Tríonóide M.A. oinigh air.

Bhí suim riamh aige sa scríbhneoireacht. Bhí idir dhrámaí agus ghearrscéalta á scríobh aige ach níor foilsíodh aon rud dá dhéantús go dtí gur cuireadh alt leis i gcló in The Irish Times in 1962, tuairisc ar chóras an ombudsman sna tíortha Lochlannacha. Go gairid ina dhiaidh sin bhí ailt aige san Irish Independent. I mí Mheán Fómhair 1969 foilsíodh in Scéala Éireann dán Gaeilge leis sa tsraith ‘Aistriúcháin,’ mar aon le haistriúchán Béarla. Bhí breis is scór dá leithéidí aige sa tsraith sin ar ball. San agallamh úd in Ríocht na Mídhe deir sé gur foilsíodh sé cinn déag dá ghearrscéalta sna hirisí Gaeilge. Tá fáil ar chuid díobh sin sa chnuasach Bíonn an fhírinne searbh (1982). Branar, a chomhlacht féin, a d’fhoilsigh a chuid leabhar Gaeilge. Ó 1976 amach chraol RTÉ seacht gcinn dá dhrámaí raidió Gaeilge. Foilsíodh Fíon an ghrá agus drámaí eile (1983). Sa bhliain 1977 foilsíodh Divided Loyalties: the question of an oath for Irish Catholics in the eighteenth century, leabhar a mhol an tEaspag Dónall Caird go hard in Church Times agus an staraí Marianne Elliott in The English Historical Review (‘Patrick Fagan has single-handed contributed more to this reassessment [of the Penal Laws] than anybody else…’). Ach is tar éis dó dul ar pinsean a d’éirigh leis gach dícheall a chaitheamh le gnéithe de stair dheireadh an 17ú haois agus cuid mhaith den 18ú haois.

Baineann an chuid is mó de Éigse na hIarmhí (1985) le saothar scóir d’fhilí an cheantair, mar aon le haistriúcháin, agus baineann cuid eile le meath na teanga sa chontae agus le lámhscríbhinní de dhéantús a scríobhaithe. Go nuige sin is beag má tugadh aird ar oidhreacht Ghaeilge an chontae. Bhí an oiread sin taighde staire á dhéanamh aige ar ball nár bhac sé feasta le ficsean. Sa réamhrá le The second city: portrait of Dublin 1700-1760 (1986), deir sé:

I have selected 1700-1760 because, firstly, it was a period when a great deal was happening in the life of the city; it is a period which has been greatly neglected by historians; thirdly, there is a vast amount of material available mainly in pamphlet form, and lastly, it is a period which has a special interest and fascination for me personally.

Tháinig uaidh freisin A Georgian celebration: Irish poets of the eighteenth century (1989). Scríobh sé dhá bheathaisnéis: Dublin’s turbulent priest: Cornelius Nary 1658-1738 (1991), a d’fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann, agus An Irish bishop in penal times: the chequered career of Sylvester Lloyd OFM, 1680-1747 (1993). Four Courts Press a d’fhoilsigh cuid dá leabhair. Deir an staraí David Dickson in Studia Hibernica faoin leabhar ar Nary: ‘This biography represents a real enrichment of our knowledge of the practical implications of the Penal Laws on eighteenth-century Catholicism, and strikingly reveals the hidden side of Swift’s Dublin.’ Chuir sé eagar ar Ireland in the Stuart Papers, 1719-65 (1995). Scríobh sé iontrálacha le haghaidh DIB agus New Oxford Dictionary of National Biography agus ba mhinic aistí aige in Ríocht na Midhe. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. air sa bhliain 2000. Ach ina ainneoin sin ba dhóigh leis féin nár tugadh a cheart d’aitheantas dó mar staraí:

… the reality is that, as far as academia in the round is concerned (I know there are exceptions) I do not rate at all, or very little, as an historian. There appears to be a great stigma attached (by the academics, of course), to those historians who come in by the back door, as it were…

Bhí sé pósta ar Mary Jones agus rugadh mac agus beirt iníonacha dóibh. D’éag sé ar 21 Eanáir 2011.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt