‘Bhí sé i gceist lena linn nach raibh a shárú ar mheabhraíocht chinn in Éirinn ach Dean Swift amháin’ (Dán na mBràthar Mionúr [II], 1980 in eagar ag Cuthbert Mhág Craith). Pearsa thábhachtach é ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar .... 1996: ‘Ní miste a mheabhrú nárbh aon “turbulent priest” é Lloyd ach easpag a raibh seasamh, gradam is cumhacht aige san Eaglais Chaitliceach in Éirinn ag an am. Bhí sé mar údar ar dhá chaiticeasma agus is é a d’fheidhmigh mar ionadaí chliarlathas na hÉireann thar lear is é ag plé le prionsaí na hEorpa.’ Tá cuntas ar an bhFroinsiasach seo ag Patrick Fagan in An Irish Bishop in Penal Times: the chequered career of Sylvester Lloyd, O.F.M., 1993 agus ag Ignatius Murphy in The Diocese of Killaloe in the Eighteenth century, 1991 (sa chaibidil ‘Sylvester Lloyd – Franciscan, Diplomat, Pastor, Wanderer’). Ní fios cár rugadh é: luaitear Co. Chill Chainnigh agus Cúige Mumhan. Fagan is mó a rinne taighde ar a mhuintir agus tuairimíonn sé gurbh i dTiobraid Árann Theas a rugadh é, sa Réchoill, b’fhéidir, áit atá idir an Chathair agus an Cloichín. Deir sé: ‘Lloyd’s proficiency in the Irish language points to a rural upbringing. A protestant boy brought up in a city or a town at that time would scarcely have had the opportunity or the inclination or the need to acquire Irish.’

Is cosúil gurbh eaglaiseach Protastúnach darb ainm Edward Lloyd a athair agus gurb í an dara bean aigesean, Elizabeth Tailor, a mháthair. Deir Patrick Fagan in DIB: ‘His father was a twice-married Anglican clergyman with a dubious reputation, probably the Edward Lloyd who married Elizabeth Tailor in Cashel Cathedral (January 1680).' Deirtear go raibh sé in arm Rí Liam san Ísiltír, gur ghoill sé go mór ar a choinsias gur mharaigh sé fear i gcath éigin, agus gur iompaigh sé ina Chaitliceach. Fuair sé oideachas sagairt ó Fhroinsiasaigh Shasanacha i gColáiste Douai sa Fhrainc. Chuaigh sé isteach i mainistir Ord Naomh Ieróm i Liospóin gur oirníodh é ar 30 Bealtaine 1711. Meastar gurbh ag an am sin a ghlac sé le Sylvester mar ainm. Lewis a ainm baiste. Chaith sé thart ar bhliain ansin sula ndeachaigh sé isteach sna Froinsiasaigh.’ Tar éis sé mhí a chaitheamh i gColáiste San Isadóir sa Róimh cuireadh é go paróiste Shráid na gCócairí, Baile Átha Cliath. I 1716 bhí sé ar tí seanmóir a thabhairt sa séipéal nuair a thug an lochta uaidh gur mharaigh ceathrar láithreach agus gur gortaíodh a lán eile. Bhí sé ina ghairdian i mBaile Átha Cliath idir 1717 agus 1719.

D’aistrigh sé teagasc críostaí Montpellier go Béarla ach fuair an Róimh de locht air go raibh iarracht den Seansanachas ann. Bhí sin ar cheann de na fáthanna nár ceapadh é ina Ardeaspag ar Bhaile Átha Cliath. Cuireadh go Versailles é 1723 chun tacaíocht a lorg ar chúirt na Fraince in aghaidh reachtaíochta frith-Chaitlicí a bhí beartaithe ag an bparlaimint in Éirinn: bhí sé i gceist go gcuirfi ardtréas i leith gach sagairt agus caspaig. Is é an míniú atá ag Mhág Craith go rabhthas ar tí sagairt a choilleadh, go raibh Castration Bill ullmhaithe, agus gur cuireadh Lloyd chun na Fraince chun a áitiú ar an leasrí comhairle a chur ar Rí Shasana. D’éirigh leis an mbeart agus d’fháiltigh Tadhg Ó Neachtain abhaile roimhe le dán (i gcló in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967). Ina dhiaidh sin théadh sé go minic go dtí an Eoraip. Idir 1723 agus deireadh a shaoil thrasnaigh sé Muir Meann ar a bhealach chun na Mór-roinne tuairim 24 uair.

Tugann Ó Buachalla cuntas ar an gcomhfhreagras leanúnach a bhí aige le Séamus III agus tagraíonn sé do ‘thuairiscí dóchasacha áibhéalacha’ bheith á gcur aige go rialta go cúirt an Stíobhartaigh, agus don dílseacht a bhí aige do phearsa an rí féin. Deir sé: ‘Ba Sheacaibíteach tiomanta é Lloyd a raibh dlúthchairdeas idir é agus Séamus III, cairdeas a thabhaigh an dá easpagacht sin dó agus mórán fabhar eile.’ Easpagachtaí Chill Dalua agus Phort Láirge agus Leasa Móire atá i gceist. Fiú nuair a bhí radharc na súl teipthe air i 1737 bhí an Stíobhartach ag smaoineamh ar é a ainmniú d’Ard Mhacha (Fagan).

Fuair sé deoise Chill Dalua i 1728. Bhí obair chrua le déanamh aige ansin; bhí áiteanna sa deoise nar cuireadh aon duine faoi lámh easpaig iontu le céad bliain. Deir Fagan gurbh í an obair seo agus é a bheith beo bocht, gan dídean, é i bhfiacha, agus go minic i mbaol a ghafa, faoi deara gur theip ar a shláinte agus go raibh sé beagnach dall. Ach níorbh i ngeall ar an drochshláinte amháin a bhí faillí á tabhairt aige i ngnóthaí na deoise ó thús 1732 amach. In Eanáir na bliana sin thug iarshagart mionn an leabhair go raibh baint ag Lloyd agus beirt easpag eile le bailiú airgid in Ard-deoise Chaisil do Shéamus III. ‘Mion-chomhcheilg Phápúil’ a bhí ann. Tar éis tamaill ar an gcúlráid i mBaile Átha Cliath theith sé thar lear i 1735 agus chuaigh go Flóndras an bhliain dár gcionn.

Bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath i 1737–8 agus d’fhoilsigh sé an caiticeasma; The Douay Catechism in English and Irish for the use of children and ignorant people, 1738 (The Doway catechism in English and Irish for the use of schools, 1752 an teideal atá ar an eagrán atá sa Leabharlann Náisiúnta, an Béarla sa cholún clé ar gach leathanach agus an Ghaeilge sa cholún ar dheis). Deirtear go bhfuil an ceann Béarla bunaithe go hiomlán, beagnach, ar an Galway Catechism le Nicholas O’Kenny a foilsíodh a chéaduair i bPáras i 1725. Deir Fagan: ‘The Irish version is a literal translation into Munster Irish, and we do not know whether this is all Lloyd’s work either or whether some unknown Irish scholar helped him with it.’ Ní ina dheoise féin a bhí cónaí air mórchuid na haimsire. Meastar in imeacht cúig bliana nár chaith sé mí féin ann agus tuairimíonn Fagan go raibh an oiread sin gearán á ndéanamh faoi sin gur mar chúiteamh a scríobh sé na caiticeasmaí.

Ó 1836 bhí sé ag áitiú go n-aistreofaí go deoise eile é, sin nó go dtabharfai cóidiútar dó. I 1737 aistríodh é go Port Láirge agus Lios Mór. Ach bhí sé bocht go fóill agus thug an Róimh pinsean beag dó. Ghabh uamhan an rialtas i 1744 go ndéanfadh na Stíobhartaigh ionradh ar Shasana. Nuair a tosaíodh ar an gcléir Chaitliceach a chiapadh i ngeall air sin thuairiscigh méara agus sirriamaí Phort Láirge go raibh Lloyd éalaithe leis agus nach raibh teacht air. Tá cuntas ag Ignatius Murphy ar an taisteal a rinne sé sa Fhrainc i 1745. D’éag sé i bPáras 20 Iúil 1747 (Mhág Craith). Níl a fhios cá bhfuil sé curtha. Tá an uacht a rinne sé i Lúnasa 1743 i gcló ag Patrick Fagan agus is léir air gur bheag ar fad a bhí aige de mhaoin an tsaoil. Tráchtann an t-údar sin ar chuid dá thréithe: ‘He comes across as a gregarious man of considerable learning, a linguist who was well-informed about international affairs, a lively raconteur who could hold his own in any company from the table of the Nuncio in Brussels to the salon of a duchess.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú