In An Mangaire Súgach (Aindrias Mac Craith): beatha agus saothar, 1996, arna chnuasach is a chur in eagar ag Máire Comer Bruen, réamhrá, nótaí agus cóiriú le Dáithí Ó hÓgáin, atá an cuntas is iomláine air ach bhí taighde ar a bheatha déanta ag Risteárd Ó Foghludha i measc sheandaoine Luimnigh i bhfad roimhe sin agus é i gcló aige in Éigse na Máighe, 1952. Roimhe sin arís bhí Filidhena Máighe, 1906 le Pádraig Ó Duinnín. Síltear gur i mBaile an Fhóntaigh in aice le Cill Mocheallóg, Co. Luimnigh, a rugadh é agus gur cuireadh oideachas air i scoil scairte sa cheantar sin, an scoil chéanna ar fhreastail a chara Seán Ó Tuama(c.1707-75) uirthi. D’aistrigh sé go Cromadh bliain éigin i ndiaidh 1734 agus tuairimíonn Ó hÓgáin gurb é an fáth áirithe a bhí leis, folúntas do mhúinteoir a bheith sa scoil ann tar éis do Sheán Ó Tuama éirí as an múinteoireacht d’fhonn tús a chur le gnó tábhairne sa bhaile. Is dóigh leis an Ógánach go raibh baint ag an bhfile Nioclás Ó Domhnaill, Froinsiasach, le bunú na scoile sin. Thaithíodh filí an cheantair teach Sheáin. Bhí Seán Clárach Mac Domhnaill ann lá i 1735 agus an chéad dán dá bhfuil againn ó Aindrias is í an fháilte í a chuir sé roimh Sheán. Ach ba ghairid go raibh ag teip ar ghnó an Tuamaigh agus go raibh Aindrias ag éirí róthugtha don ól agus go raibh an chumadóireacht ag dul i ngáirsiúlacht aige. Nuair a labhair sagart paróiste nua ón altóir ina aghaidh agus nuair nach raibh tuismitheoirí sásta a gclann a chur ar scoil chuige, b’éigean dó Cromadh a fhágáil. B’fhéidir gurbh i ngeall ar an gcaidreamh a bhí aige le mná Chromadh a chuir an sagart ruaig air.

Chuir sé faoi i mBaile an Fhaoitigh agus is leis an ‘deoraíocht’ seo a bhaineann an dán is aitheanta dár chum sé, ‘Slán le Máigh’. Is í an chiall a bhaineann Ó hÓgáin as tagairtí sa dán gur dhiúltaigh bean i gCromadh a bheith mór leis agus gurbh in a thug air aistriú. Díríonn sé ár n-aird ar an dán ‘Baile an Fhaoitigh’ mar a bhfuil míniú níos iomláine ar an scéal sin. Deir an file ann: ‘Admhaím tráth gur ráig is ragairne oíche, / dramanna is cáirt, is clár dá ghreadadh choíche, / spairn le cách is mná dá mbaint chun aimhlis / fá ndeara dhom trácht thar Máigh go Baile an Fhaoitigh’. Deir sé arís i ndán eile gur ‘drúis is iasacht ban’ faoi deara dó Cromadh a fhágáil. Ach tuairimíonn Ó hÓgáin freisin gur bhrat deataigh a bhí sa chaint sin ar fad mar gur tuairim an ama sin, 1744, a bhíothas ag súil leis na Stíobhartaigh a theacht i gcumhacht arís agus gurbh fhéidir go raibh baint ag Aindrias le cibé ullmhuithe a bhíothas a dhéanamh. Nuair a bhí sé ag iarraidh scoil a chur ar bun tuairim 1747 níor thug Seán Ó Tuama cabhair dó. Sin agus an t-alcólachas faoi deara na dánta binbeacha a chum sé in aghaidh a sheanchara agus an t-aighneas fileata a lean eatarthu go bhfuair an Tuamach bás. Chum sé marbhna air. Phós sé uair éigin sna 1750idí agus bhí iníon amháin aige. Bhí cónaí air anseo agus ansiúd agus scoileanna ar bun aige. Luaitear Baile an Gharraí, paróiste na Gráinsí agus an Brú mar áiteanna cónaithe. Nuair a bhí sé aosta chuaigh sé chun cónaithe go dtí a áit dhúchais, Baile an Fhóntaigh, mar a raibh a iníon pósta. Ann a bhí sé nuair a bhuail Eoghan Caomhánach leis 1793. I dteach mhuintir Hawthorne i Sparra an Uisce, agus é ar a bhealach de chois chun an ospidéil i gCill Mocheallóg, a d’éag sé agus cuireadh é in uaigh mhuintir Hawthorne i seanteampall an bhaile sin. Is gnách ‘An Mangaire Súgach’ a thabhairt air; ghreamaigh an leasainm sin de de bharr eachtra ghrinn a bhain dó nuair a chaill sé tomhas bréide a bhí á iompar aige ag aonach i gCromadh.

Tá cúpla litir i mBéarla a scríobh sé chuig Risteárd Mac Uileagóid i gcló ag Bruen agus Ó hÓgáin. Tá sé curtha i gCill Mocheallóg.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú