MAC CRAITH, Nioclás (1923–2018)
Le caoinchead ó Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

I Seanchluain i Rinn Ó gCuanach sna Déise a rugadh Nioclás Mac Craith ar an 6 Nollaig 1923 agus ba don cheantar sin go háirithe a thug sé a chroí, a chion agus a shaothar go bhfuair sé bás ar an 5 Márta 2018. Oideachasóir, scoláire, díograiseoir teanga, lúthchleasaí, gníomhaire pobail, file agus scríbhneoir ab ea é. Chaith sé a shaol ag plé leis an nGaeilge, lena cheantar féin agus leis an eagraíocht ab ansa leis, Cumann Lúthchleas Gael.

Bhí sé pósta ar Bhrighid (Nic Craith), as Béal an Átha sa Rinn. Seisear clainne a bhí orthu: Máire, Brighid, Nioclás Óg, Cárthach, Caoimhe agus Ríoghnach.

Feirmeoir as Drom Sliog i gceantar Airde Móire ab ea a athair, Seán Mac Craith, agus ba as an Rinn dá mháthair, Máire (Ní Ghríobtha). Cúigear clainne a bhí orthu: Nioclás, Eibhlín, Pauline, Máire agus Séamus.

D’fhreastail Nioclás ar Scoil Náisiúnta Mhaoil an Choirnigh, áit ar léirigh sé a chumas scríbhneoireachta den chéad uair, mar is léir ón scéal 'Spin Mhic Mhadra an Dúin' atá le feiceáil i mBailiúchán na Scol ar www.dúchas.ie. Ina dhiaidh sin, d’fhreastail sé ar Choláiste Aibhistín i nDún Garbhán. As siúd chuaigh sé go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bhain sé céim Baitsiléir Ealaíon amach in 1945 chomh maith le hArdteastas san Oideachas ina dhiaidh sin. Le linn dó a bheith san ollscoil bhí sé tamall mar rúnaí agus tamall eile mar uachtarán ar an gCuallacht, cumann Gaelach na hOllscoile, agus mar eagarthóir ar Síol, iris an chumainn sin. Bhuaigh sé Duais Uí Longáin ansin freisin.

Lúthchleasaí den scoth ab ea Nioclás. D’imir sé d’fhoireann mionúr peile Phort Láirge sula ndeachaigh sé chun na hollscoile agus ansiúd bhí sé mar chaptaen ar fhoireann Chorn Mhic Shigiúir a thug an chraobh idir-ollscoileanna leo in 1946. An bhliain dár gcionn bhí sé ina chaptaen ar chomhfhoireann na n-ollscoileanna ar fad. Ag leibhéal na gclubanna bhuaigh sé craobhacha contae san iomáint le Ródaithe na Bríce, Ceapach Choinn agus Éire Óg. Bhí sé ar fhoireann peile Phort Láirge a bhuaigh Craobh Shóisearach na Mumhan in 1948 agus d’imir sé freisin do pheileadóirí na Rinne, a chlub áitiúil. Agus é éirithe as an imirt thug sé cuid mhaith dá shaol i mbun riaracháin le Cumann Lúthchleas Gael ag gach leibhéal: boird réigiúnacha agus chontae Phort Láirge, Comhairle na Mumhan agus coistí náisiúnta. D’fhág sin ina Leas-Uachtarán ar an gCumann é. Rinne sé saothar go leor ag forbairt páirceanna imeartha ar fud an chontae agus ceapadh mar Uachtarán Saoil ar Choiste Contae Phort Láirge é in 2013.

Nuair a d’fhág sé an ollscoil fuair sé post múinteoireachta i gCloich na Coillte, Co. Chorcaí, agus ina dhiaidh sin chaith sé tréimhsí ag teagasc in Ospidéal Áine i Luimneach agus i gCnoc Mheilearaí, Co. Phort Láirge, nó gur fhill sé ar a fhód dúchais nuair a bunaíodh Meánscoil San Nioclás sa Rinn in 1959, áit ar ceapadh é mar phríomhoide.

Agus é i mbun a chúraim nua sin, thuig Nioclás Mac Craith gur bheag fáil a bhí ag daltaí ar théacsleabhair ina dteanga dhúchais agus chrom sé féin agus a chomhoidí ar ábhar foghlama a scríobh agus a phriontáil iad féin i ndiaidh am scoile. Duine iomasach ab ea é freisin. Thuig sé nach raibh lánlíofacht ag roinnt daltaí a tháinig chuig Meánscoil San Nioclás as áiteanna nárbh í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh ná an phobail, agus cuireadh sin san áireamh ina gcuid scolaíochta. Bhí sé sáite go domhain in imeachtaí a phobail: bhí sé ar bhord bainistíochta Choláiste na Rinne agus ba é a bhí ina chathaoirleach ar an bhféile Mórdháil Gael nuair a tionóladh an fhéile sin sa Rinn in 1962 – an chéad fhéile idir-Ghaeltachta a bhí riamh ann.

Níl cur síos ar an méid de bhéaloideas, d’fhilíocht, d’amhráin agus de cheol a cheantair dúchais a thaifead agus a scríobh Nioclás Mac Craith síos. Bhí sé bainteach le Conradh na Gaeilge agus ba é a thiomáin Nioclás Tóibín chun an Oireachtais nuair a bhuaigh seisean an phríomhdhuais amhránaíochta trí bliana as a chéile idir 1961 agus 1963. Sa mbliain 1997 bhí sé ar dhuine acu siúd a bhunaigh An Linn Bhuí, iris Ghaeltacht na nDéise. Bhí ról an-lárnach aige i gcur chun cinn an fhoilseacháin sin agus rinne sé obair mhór ag earcú agus ag gríosú scríbhneoirí chomh maith le bheith i mbun eagarthóireachta ar an iris.

Cruthúnas ar a chuid ábaltachta gur éirigh leis in 1997 an tríú heagrán de Sceulta Mhicil Uí Mhuirgheasa ón Rinn a chur in eagar fad a bhí sé ag réiteach an eagráin ba dhéanaí de An Linn Bhuí. Sa tríú heagrán seo bhí curtha go mór leis an mbuneolas ar bheatha Uí Mhuirgheasa arbh as Ráth na mBiníneach sa Rinn dó. Roimhe sin, bhailigh Séamus Ó hEocha ábhar ón Muirgheasach a foilsíodh faoin teideal Sceulta Mhicil in 1923. Chomh maith leis sin, in 2002, chuir Nioclás in eagar Fir mhóra an tSean-Phobail, an leabhar a scríobh Eibhlín (Cilligriú) Uí Churraoin in 1941 agus scríobh sé féin Comóradh céad bliain Iolscoil na Mumhan, leabhar a foilsíodh in 2005, le linn chomóradh 100 bliain Choláiste na Rinne. Chaith sé tamall ar choiste Raidió na Gaeltachta freisin.

I gcaitheamh a shaoil, tobar domhain ab ea é do mhic léinn, do scoláirí, d’údair nó d’aon duine eile a bhí ag iarraidh leas a bhaint as a chuid eolais nó as a chuid léinn, agus is iomaí sin foilseachán timpeall an domhain ina nglactar buíochas leis as a chuid flaithiúlachta ina thaobh sin.

Ag lainseáil an 23ú eagrán de An Linn Bhuí i Lúnasa 2019, bliain go leith tar éis a bháis, a chonacthas toradh ar an tionscadal deireanach a bhí idir lámha ag Mac Craith nuair a seoladh Dámh Dhéiseach, suíomh nua idirlín ina bhfuil cur síos ar 118 scríbhneoir as na Déise a chuir ábhar saibhir i nGaeilge ar fáil i bhfoirm leabhair nó béaloidis ón 17ú aois go dtí an lá atá inniu ann.

Bhásaigh Nioclás Mac Craith ar an 5 Márta 2018 agus tá sé curtha i Reilig na Cille sa Rinn.

Mártan Ó Ciardha