I Leacain tSaileach i bparóiste na hEaglaise, Co. Phort Láirge, a rugadh é ar 1 Feabhra 1872. Feirmeoir a athair Edmond agus ba í Mary Crotty a mháthair. Fuair sé bunoideachas i scoil na hEaglaise, i gClais Mhór agus sa Bhaile Nua. Ó 1887 go dtí 1889 bhí sé ag freastal ar mheánscoil Chnoc Mhellerí agus ar Choláiste Naomh Eoin i bPort Láirge as sin go dtí 1891.

In aiste in Feasta, Márta 1964 tá an sliocht seo as litir a chuir sé chuig Muiris Ó Droighneáin: “I Meán Fómhair 1891 chuaigh mé go Maigh Nuad mar ar chaith mé cúig bliana nach mór. Cé go raibh an Ghaeilge ó m’óige agam níor cuireadh romham ina hábhar léinn í, ná níor tugadh aon chaoi dhom a léamh a fhoghlaim go ndeachaigh mé go Maigh Nuad, ach as sin amach ba í an Ghaeilge ba ansa liom ar na hábhair uile. Sa bhliain 1892 agus mé ag tosú ar an bhfealsúnacht is ea tugadh a ollúnacht le Gaeilge d’Eoghan Ó Gramhnaigh sa Choláiste, céim a ghríosaigh fós luisne mo dhúthrachta don Ghaeilge ar chuma go ndéanainn faillí ar an bhfealsúnacht ar a son agus ag dul abhaile ní labhraínn ach í agus pé áit a mbeadh m’athair bhínnse lena chois agus gan eadrainn riamh ach an Ghaeilge ...”

In 1896 chuaigh sé isteach i gCumann Íosa sa Tulaigh Bheag. Chaith sé an tréimhse 1898–1900 i gColáiste Vals i dToulouse agus anuas go 1905 bhí sé ag múineadh i gColáiste an Chorráin i Luimneach. As sin chuaigh sé go dtí Baile an Mhuilinn mar a ndearna sé staidéar ar an diagacht. Oirníodh ina shagart é i gcuideachta na nÍosánach cáiliúla úd Willie Doyle agus John Sullivan i 1907.

In Iúil 1913, cuireadh go dtí Coláiste Bhelvedere é agus le linn dó bheith ann chabhraigh sé chun an dá chuallacht Ghaelacha a bhunú in Eaglais Shráid Ghairdinéir. Ó 1920 amach bhí sé ag teagasc i mBaile an Mhuilinn.

Chuir sé eagar ar Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin do Chumann na Scríbheann Gaeilge agus foilsíodh ina iomláine é, maille le haistriúchán Béarla, i gceithre imleabhar i 1936-7. Bhí cuid bheag de curtha i gcló ag Séamus Ó Casaide in Gadelica 1(1912–13). Sa bhrollach a chuir Tomás de Bhaldraithe le Cín lae Amhlaoibh (1970) deir sé nach i gcónaí a d’éirigh leis an Athair Mac Craith foirm (ná ciall) na bhfocal a thabhairt leis agus go raibh “roinnt mhaith botúin bheaga” déanta aige. Chuir sé Fiadhach is tóir is scéalta eile leis an Súilleabhánach in eagar. Cnuasach aistí leis is ea Deora drúchta camhaoire (1928). I 1948 foilsíodh Litre canónda an Tiomna Nua mar aon le Taispeánadh Eoin, Fáidh.

Deirtear go raibh obair eile ar siúl aige sular cailleadh é: Gaeilge á cur aige ar roinnt den Tiomna Nua lasmuigh de na Soiscéil; leagan Gaeilge de Il Promessi sposi á réiteach aige; leabhar Aifrinn Uí Iceadha á thabhairt suas chun dáta aige; beathaisnéisí éagsúla. Bhí aistí i gcló aige in An Síoladóir, An Claidheamh Soluis, The Irishman, Old Ireland, An Sguab, agus Studies . D’éag sé ar 11 Bealtaine 1946.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú