Ba iad Aindrias Mac Craith agus an Tuamach seo an bheirt ab aitheanta d’fhilí na Máighe. In Éigse na Máighe .i. Seán Ó Tuama an Ghrinn agus Aindrias Mac Craith – an Mangaire Súgach, 1952 le Risteárd Ó Foghludha, tá tuairim 44 píosa filíochta dá dhéantús, chomh maith le cuntas ar a bheatha. Bhí cúrsaí na beirte fite fuaite ina chéile agus tá eolas ar an Tuamach in An mangaire súgach: beatha agus saothar, 1996 le Máire Comer Bruen agus Dáithí Ó hÓgáin. Déanann Ó Foghludha talamh slán de, nach mór, gurbh i mBaile an Fhantaigh in aice le Cill Mocheallóg, Co. Luimnigh, a rugadh é; is ag brath go príomha atá sé ar chúpla líne inar thagair an file don Mhangaire: ‘Rachadsa ina sheasamh is dá áiteamh duit / gurbh aithne dhom id leanbh thú is id mháistir glic.’ I nóta a chuir Dáithí Ó hÓgáin le réamhrá an leabhair faoin Mangaire, tar éis dó tuairim Uí Fhoghludha a thabhairt, luann sé cibé fianaise atá ann gur i gCromadh a rugadh é agus deir: ‘Is dealraitheach gur den mhuintir a bhí i nDún na mBeann, ar an taobh thiar den bhaile [Cromadh], ba ea Seán.’ Ach deir sé freisin go bhfuil gach seans gur le Baile an Fhantaigh a bhain máthair Sheáin, rud a mhíneodh an chuma ar chuir sé aithne ar an Mangaire ina óige. Tá cur síos ag Lillis Ó Laoghaire ar Ó Tuama in DNB. Breathnach ba shloinne dá mháthair (Vincent Morley) agus Muireann ab ainm dá bhean chéile ach níltear cinnte i dtaobh a sloinne. Deir Ó Foghludha gurbh ar aon scoil scairte le chéile a bhí an bheirt. Chuir an Mangaire síos ar a raibh d’oideachas ar Sheán sa mharbhna a chum sé: ‘Is gaoiseach gasta do chanadh gach véarsa, / Is líofa labhradh Laidin is Béarla, / Is binn ’s is blasta do cheapadh i nGaedhilg / Laoi agus psaltair is aiste nó aon-stair. / Seanchas Gael is fíor gur léir dó- / A mbearta is a mbuíon a suim ’s réimheas; / ’S gach ceap dá airde suíomh gan chlaonadh / Ó Adam síos idir rí agus saorfhlaith.’

Bhí scoil aige i gCromadh agus clann na n-uasal ag freastal uirthi mar ullmhúchán roimh dhul go Coláiste na Tríonóide. Ach d’éirigh sé as an múinteoireacht de dheasca eachtra éigin nuair a d’éagóirigh Pádraig Máistir (Masterson) é; scríobh an Mangaire ‘Aor ar Phádraig Máistir trí Sheán Ó Tuama a éagóradh ag coinneáil scoile dhóibh i gCromadh an tSubhachais’. Chuaigh sé le gnó tí tábhairne ar bhóthar Luimnigh sa bhaile sin. Tuairimíonn Ó hÓgáin gurbh airgead óna mhuintir a chuir ar a chumas pósadh agus teach tábhairne a oscailt. B’fhéidir nach maith a réitíodh a bhean Muireann le custaiméirí nach raibh luach na dí acu. Bhí Seán rófhial agus thugadh cairde dá chompánaigh.

Is cosúil gurbh i lár na 1730idí a thosaigh an chúirt éigse sa tábhairne agus gur ghairm chun na héigse is ea dán Sheáin ‘Aonach Chromaidh an tSubhachais’; is é an cheathrú dheiridh: ‘A chairde cléibh do shaothraigh scoth na n-údar / ’S dár tháil na béithe an léann ’na sruthaibh úra, / Ná fágaidh mési i gcéin gan chothram cúnta / Ag trácht ar Aonach Chromaidh an tSubhachais.’ Bhí Seán Clárach Mac Domhnaill sa láthair tuairim 1735 agus an tAthair Nioclás Ó Domhnaill ina bhreitheamh ar an gCúirt; tuairim ceithre bliana ina dhiaidh sin chum Seán dán, a dtugann Ó Foghludha ‘beochaoineadh’ air, nuair a shíl sé Mac Domhnaill a bheith imithe thar sáile. Timpeall an ama sin freisin, ionnarbadh an Mangaire soir go Baile an Fhaoitigh agus b’éigean do Sheán freisin tamall a chaitheamh ag obair mar ‘reachtaire cearc’ i mBaile Ó gCoinn do bhean ba dheirfiúr don Tiarna Dartraí agus scríobh ‘Bean na Cleithe Caoile’, é idir mhagadh agus sheirbhe. Is é a dúirt Domhnall Ó Corcora faoi: ‘It is certain that no other hen-keeper in the wide world, and to search all its ages, ever eased his heart of bitterness in such a strain’ (The hidden Ireland, 1924). Ar ais i gCromadh dó, fuair sé obair mar mhaor uisce de bharr thionchar aithreacha a iarscoláirí.

Ag pointe éigin chuir sé an méid seo ar dhoras an tí tábhairne: ‘Is duine mé a dhíolas leann lá, / Is do chuireas mo bhuíon chun rangcáis; / Muna mbeidh duine ar mo chuideachta dhíolfas / Mise a bheidh thíos leis in antráth.’ Cuireann Ó Foghludha a mhilleán ar an dá líne deiridh den rann sin, gurbh iad a chuir fearg ar an Mangaire. Ach is dóigh leis an Ógánach go raibh baint freisin ag alcólachas an Mhangaire leis, sin agus go raibh ar intinn aige scoil a oscailt sa chathair agus díomá air nach raibh cabhair chuige sin ag teacht ón Tuamach. D’ionsaigh sé a sheanchara go fíochmhar i ndánta agus i mbarántais. Deir Ó Foghludha gur fhan an Tuamach ina thost agus gurbh é a bhí ann ‘fear mórchéille’.

Ar nós fhilí a linne, sa Mhumhain go háirithe, bhí sé tógtha go mór leis an dóchas a bhí forleathan timpeall 1744–45 go saorfadh an Stíobhartach óg Éire agus chum sé dánta agus aisling – ‘Im aonar seal ag ródaíocht’, ‘A chuisle na héigse éirigh suas’, ‘A Ríoghan uasal shuairc ’s a stór’ – agus i 1746 dán i dtaobh an díomua: ‘Is brón linn na seorthaí seo’.

Deirtear gur thug sé cuairt ar Sheán Clárach sa Ráth gairid sula bhfuair seisean bás agus gurbh ag an am sin a scríobh an seanfhile ‘Gabhaim páirt le Seán Ó Tuama an Ghrinn’. Ar 23 Deireadh Fómhair 1754, chuir sé a lámh le barántas chun cruinniú a thionól i gCromadh i gcuimhne Sheáin Chláraigh (An Barántas I, 1978 le Pádraig Ó Fiannachta). Deir Ó Foghludha: ‘Is cosúil gur tuairim na bliana 1769 a d’fhág Seán slán ag Cromadh an tSubhachais chun cur faoi ag ‘Mórgheata Mhóngairit ag Lom na nEach’. Deir Ó hÓgáin: ‘Timpeall na bliana 1750 a chuir an Tuamach tigh ósta nua ar bun ag Geata Mhungairit sa chathair ...’. Tá Mainchín Seoighe (Cois Máighe na gCaor, 1965) ag aontú leis an bhFoghludhach. Níl dáta leis an mbarántas a chuir sé amach ‘Cois Mhór-Gheata Mhóngrait ag Lom na nEach’ agus atá i gcló ag Ó Fiannachta. D’éag Seán 30 Lúnasa 1775 agus cuireadh i gCromadh é; ‘sa tseanreilig, i ngaireacht éisteachta don Mháigh, agus ar an dtaobh thall den bhóthar ón bpáirc inar tionóladh Aonach aerach Chroma an tSúbhachais’, a deir Mainchín Seoighe. I measc na bhfilí a chaoin é bhí Aindrias Mac Craith, Uilliam Ó Líonáin, Séamus Ó Dálaigh, Tomás Ó Tuama agus Brian Ó Flaithearta.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú