Bhí an cláirseoir ilteangach seo rannpháirteach sna hiarrachtaí a bhí ar siúl sna 1940idí agus na 1950idí, agus go deimhin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, chun aird a tharraingt ar ár n-oidhreacht amhránaíochta agus ceoil agus chun cur leis an gcaidreamh agus na teagmhálacha idir na tíortha Ceilteacha. Tá cuntas uirthi ag ‘D. Ó C.’ In Irish Times 11 Aibreán 2005. Ag 20 Bóthar Árann, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a rugadh í ar 14 Meán Fómhair 1919. Ba é Seán Pádraig Ó Séaghdha, Corcaíoch, a hathair; ball de Chonradh na Gaeilge ba ea é agus bhain tábhacht leis go háirithe sa ghluaiseacht chun tionsclaíocht na hÉireann a fhorbairt. Ba í Kitty Nic Caochlaoich ó Dhún Mánmhaí, Co. Chorcaí, a máthair. Bhí deartháir amháin aici agus cúigear deirfiúracha, ar dhuine díobh an scoláire Nessa Ní Shéaghdha. Tá gearrthagairtí dóibh go léir san iontráil sin ar an athair.

Tar éis bunoideachais i Scoil Bhríde, scoil cháiliúil Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh [B1: 31], chuaigh sí go Scoil Chaitríona, Sráid Eccles, agus ansin go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar a bhfuair sí céim sa Léann Ceilteach. Toradh air sin go raibh líofacht sa Bhreatnais aici agus gur fhoghlaim sí Briotáinis agus Gàidhlic ar ball; go deimhin bhí Fraincis go maith aici agus riar a cáis den Ghearmáinis agus den Iodáilis. Phós sí Séamus Ó Tuama i 1945. Mac le Seán (Fear) Ó Tuama ba ea é agus deartháir le Seán Óg Ó Tuama agus le Máire Ní Thuama (d’éag 13 Iúil 1972), duine den bheagán ban a imtheorannaíodh i rith 1939-45. Státseirbhíseach ba ea Séamus agus aisteoir cumasach i gCraobh an Chéitinnigh agus i gcompántais eile; maraíodh go traigéideach é ar 16 Eanáir 1992. Bhí cúigear buachaillí acu agus ceathrar cailíní.

Ó na 1940idí déanacha amach bhí baint mhór aici leis an gClaisceadal sin a reáchtáileadh Seán Óg Ó Tuama gach tráthnóna Sathairn in Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann. Ba í a dhéanadh tionlacan ar an bpianó. D’fhreastalaíodh na céadta air, daoine cáiliúla mar Phádraig Ó Siochfhradha agus Fionán Mac Coluim agus foghlaimeoirí mar Mary O’Hara, Kathleen Watkins, Éamon de Buitléar... a bhainfeadh cáil amach sna 1960idí. Ag an rang seo a thuig mórchuid daoine a chéaduair gur bhain tábhacht ar leith leis na hamhráin go léir sin a bhí i mbéal na ndaoine go fóill sa Ghaeltacht. Is ina dhiaidh sin agus de réir a chéile a chuaigh siad i dtaithí amhránaíocht na Gaeltachta. Bhain tábhacht níos forleithne leis an tionscnamh seo nuair a chraol Radio Éireann an tsraith ‘Claisceadal an Radio’ sna 1950idí. Bhí clár raidió dá cuid féin aici, freisin, ‘Rí-Rá agus Rabhcáin’, agus ghlacadh sí ról Mhamó sa chlár teilifíse ‘Dilín Ó Deamhas’.

Bhí sí ina ball de Chairde na Cruite ó 1960, nuair a bunaíodh an eagraíocht, agus bhí ina huachtarán air ag am a báis. Baineann tábhacht leis an gcláirseach sna tíortha Ceilteacha agus sheinneadh sí an gléas ceoil sin i gceolchoirmeacha gan áireamh iontu. Ní haon ionadh, agus a raibh de theangacha na gCeilteach aici, go raibh sí ar dhuine de na leasuachtaráin ag craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach. Rud a chuir lena héifeacht agus, b’fhéidir, lena tionchar go raibh teach Uí Thuama i gCluain Sceach ina thearmann ag teifigh ón mBriotáin i ndiaidh Chogadh 1939-45. I bhfad ina dhiaidh sin, agus deireanach go leor sa saol, chuir sí spéis mhór i gcultúr na hIodáile agus ba mhinic ann í, uaireanta ag tionlacan cór Institiúid Chultúrtha na hIodáile ar an gcláirseach. Ó cuireadh tús leis an aifreann Gaeilge i 1967 bhíodh sí ag misniú amhránaithe, agus an ghnáthphobail, chun na hiomainn Ghaeilge a chur os ard. D’éag sí 9 Márta 2005. Rud insuime gur phós duine dá hiníonacha, Róisín, Dónall, mac le Micheál Ó Cuill, Corcaíoch eile a raibh an dubhspéis aige sna hamhráin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú