Sampla é den chineál a raibh a bhfealsúnacht aeistéitiúil, a bhí bunaithe ar a ndíocas creidimh agus ar a mothú láidir náisiúnachais, ina dlúthchuid dá bpearsantacht. B’fhéidir gurbh é an Tuamach ba mhó a chuir amhráin na Gaeilge á bhfoghlaim ag an bpobal sa dara leath den chéad. An té nach bhféadfadh foighneamh leis an sean-nós amhránaíochta ag ardamhránaí Gaeltachta d’éistfeadh sé go fonnmhar le guth binn agus urlabhraíocht shoiléir Sheáin Óig. Saothar ealaíne aigesean an t-amhrán, idir fhilíocht, cheol agus chantain, agus níor mhiste leis aon ardsaothar cruthaíoch dá cháiliúla a lua in aon anáil leis. Chabhraigh sin le daoine anseo is ansiúd ní hamháin chun cluas a thabhairt d’amhránaí na Gaeltachta a chéaduair ach chun meas a bheith acu ar an dúchas i gcoitinne. I ndiaidh a bháis scríobh Liam Ó Murchú an méid seo san Irish Times: “It is no exaggeration to say that, if the language is to be saved, it will in no small measure have been due to him more than to anyone else because at a crucial time in the life of the language he taught a whole generation a love for the songs, and they lead us more compellingly to the language than, perhaps, any other element within that scene”.

Ar 13 Lúnasa 1912 a rugadh é. Ba é áit chónaithe a athar Seán (Fear) Ó Tuama, léitheoir profaí, ag an am sin 27 Barrett’s Buildings, Cathair Chorcaí. Ba í Síle Ní Mhurchú a mháthair. Cainteoir dúchais Gaeilge an t-athair agus le Gaeilge a tógadh an cúigear leanaí arbh é Seán Óg an dara duine díobh.

Sa Mhainistir Thuaidh a fuair sé idir bhunoideachas agus mheánscolaíocht. Bhain sé an chéad áit in Éirinn sa Mheánteistiméireacht agus fuair scoláireacht ollscoile de thoradh na hArdteistiméireachta. Cúrsa eolaíochta a roghnaigh sé i gColáiste Ollscoile Chorcaí. I ndiaidh dó céim a fháil fuair sé an tArdteastas Oideachais. Ba iad na meánscoileanna ar oibrigh sé iontu: an Mhainistir Thuaidh (ag ullmhú don Ardteastas); Scoil na mBráithre de la Salle, Maigh Chromtha; Scoil na mBráithre Críostaí, Mainistir na Corann. D’aistrigh sé go dtí an gairmoideachas ansin agus faoi 1936 bhí sé ag teagasc matamaitice agus eolaíochta i Sráid Chéipil i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina Leas-Ardmháistir ann sular aistrigh sé go Sráid Bholton. Ó 1964 go 1977 bhí sé ina Leas-Phríomhoide i gColáiste Eoin i bhFionnghlas.

Mar gheall ar chreideamh polaitiúil a athar, b’fhéidir, a bhí sé páirteach sa ghluaiseacht phoblachtach ó thosach. I 1939 bhí sé ar an 64 a gabhadh agus a coimeádadh i gCnoc an Arbhair ó Mheán Fómhair go Nollaig. Scaoileadh saor iad nuair a fritheadh go raibh an tAcht um Chionta in aghaidh an Stáit míbhunreachtúil. Ach gabhadh arís é agus chaith sé breis is ceithre bliana i gcampa géibhinn an Churraigh. Gan amhras bhí sé ar na daoine a chuir “ollscolaíocht” ar fáil don 600 cime. Bhí a dheirfiúr Máire, státseirbhíseach, ar an seisear ban ar gearradh cúpla bliain príosúnachta i Mountjoy orthu mar gheall ar a ngníomhaíocht phoblachtach timpeall an ama chéanna. Scaoileadh Seán Óg amach i mí an Mhárta 1944.

Bhí baint aige le Craobhacha Uí Ghramhna agus Mhic Churtáin de Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh agus bhí sé ina reachtaire ag Cuallacht Ghaelach Choláiste na hOllscoile. Ghlac sé páirt sa Chomhchaidreamh a luaithe a bunaíodh é. I mBaile Átha Cliath cheangail sé le Craobh an Chéitinnigh mar a raibh a dheartháir Séamus agus a dheirfiúr ina mbaill cheana féin. Bhí sé i ngéibheann sa Churrach nuair a toghadh é ina Uachtarán ar an gConradh don seisiún 1941–2. Bhí sé ina ráfla ag an am agus ó shin go raibh sé ar cheann de na fáthanna ar ordaigh an Taoiseach Éamon de Valera Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a bhunú gur toghadh an Tuamach in áit Liam Uí Bhuachalla, eagarthóir Ar Aghaidh agus ball d’Fhianna Fáil, a bhí díreach tar éis a théarma uachtaránachta a chríochnú.

Bhí stór mór amhrán ag máthair Sheáin Óig. D’fhoghlaim sé ceol ó Ghearóidín Bean Neeson agus ó Aloys Fleischmann i gCorcaigh agus tháinig go mór faoi thionchar an Athar Séamus Ó Floinn. I 1949 cuireadh tús arís leis an gClaisceadal i mBaile Átha Cliath (bhíodh sé ar siúl ó 1927 ag Fionán Mac Coluim, Colm Ó Lochlainn agus Micheál Ó Siochrú) agus ba é Seán Og a bhíodh ag stiúradh na slua-amhránaíochta agus ag teagasc na n-amhrán. Bhí sé ríoiriúnach don ghnó sin ní hamháin mar gheall ar a eolas agus a chumas ach toisc a spéise in amhráin den uile shórt ó gach ball den Ghaeltacht. 120 amhrán den mhéid a mhúin sé d’fhoilsigh sé iad sa dosaen leabhrán den sraith An Chóisir Cheoil. De thoradh toscaireachta ó choiste an Chlaisceadail go dtí Radio Éireann tionscnaíodh Claisceadal an Radio. Ba é Seán a bhí i mbun an ghrúpa bhig seo den Chlaisceadal Cois Life ar feadh 11 bliana. Tugadh amach ceirnín dá gcuid ceoil.

Tharla folúntas i Radio Éireann nuair a d’fhág Séamus Ennis an stáisiún i 1951 agus tairgeadh post do Sheán Óg. Chuaigh sé ina bhun ar bhonn trialach ach ní raibh sé sásta fanacht ann. B’fhearr leis ceird an mhúinteora agus obair an Chlaisceadail.

Bhí spéis ar leith aige sa cheol eaglasta agus bhí cúrsaí i gcantaireacht na heaglaise faoi Francois Lefevre agus faoi Dom Derocquettes déanta aige. Chum sé féin dhá Aifreann. Foilsíodh ceann díobh in An Sagart agus tugadh craoladh teilifíse dó Lá Fhéile Pádraig 1980. Ag Aifreann chuairt an Phápa ar Ghaillimh chas Seán “Seacht súáilcí na Maighdine” (“Seinn Aililiú”). Bhí sé ina Leas-Uachtarán tamall de bhlianta ar Chumann Cheol Eaglasta na hÉireann. Tá cuid dá shaothar cumadóireachta san Veritas Hymnal agus i gcnuasaigh eile. Chuireadh sé ceol freisin le beagán de dhánta na nuafhilí ar nós an Direánaigh.

Bhíodh sé ag moltóireacht go rialta ag comórtais amhránaíochta ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge. Tá cearnaire i gcuimhne air mar dhuais anois. Dhéanadh sé obair freisin ag feiseanna in Inis Ceithleann, Doire, Londain, Birmingham ... Ag moltóireacht in Inis Ceithleann a bhí sé tamall gairid sular éag sé ar 9 Aibreán 1980.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú