Ag 40 Sráid Chlann Bhreasail Íochtarach, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 10 Aibreán 1899. Thomas Buckley, cúipéir, a athair agus ba í Sarah Treacy a mháthair. D’aistrigh an chlann go Droichead Átha agus is ann, ó na Bráithre Críostaí, a fuair sé scolaíocht. Bhí deirfiúr amháin aige ar a laghad. Bhí sé ina bhall de na hÓglaigh agus ghlac páirt i gCogadh na Saoirse. Le cúipéireacht a chuaigh sé agus bhí ag obair tamall i nGrúdlann Mhic Aongusa i mBaile Átha Cliath. Bhíodh sé ag staidéar san oíche agus bhain amach céim B.Comm. i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus céim mháistir ina dhiaidh sin.

Ceapadh ina léachtaí le heacnamaíocht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe é i 1927. As sin amach bhí sé an-ghníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe. Ar feadh tamaill fhada bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe. Ba bhall é den choiste a rinne obair chun amharclann Ghaeilge a bhunú ach d’éirigh sé as mar gheall ar easaontas le Liam Ó Briain, mar a thaispeánann Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993. Bhí sé ina stiúrthóir ar an iris An Stoc agus i 1931 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na hirise Ar Aghaidh, é ina eagarthóir ar feadh i bhfad. Ba é féin agus Tomás Bán Ó Concheanainn a bhí i mbun airgead a bhailiú le haghaidh dealbh de Phádraic Ó Conaire a chur suas ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe 9 Meitheamh 1935. Faoina ainm cleite ‘Mail’ scríobh sé cuntas ar an obair sin agus ar an gcaidreamh a bhí aige ar Phádraic in Ar Aghaidh, Márta 1931. Roghnaigh Tomás de Bhaldraithe an aiste sin le cur i gcló in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982.

Sholáthraigh sé téacsleabhair eacnamaíochta agus cuntasaíochta: Bunadhas na tráchtála, 1944; Cuntais agus cuntasaíocht, 1954; Bunadhas an gheilleagair, 1956; Ard-Chuntasaíocht, 1959; Foras teoiricí an gheilleagair, 1968 .... Bhí sé ina Ollamh le hEacnamaíocht i nGaillimh ó 1953 go 1969. Rinne sé obair éachtach ag cur na teanga in oiriúint dá chúrsaí ollscoile, dar le Tomás de Bhaldraithe (Clocha ar a charn, 1982). Bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i 1940–1. Deirtear gurbh é toghadh Sheáin Óig Uí Thuama ina áit faoi deara gur chuir an Taoiseach Éamonn de Valera Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge á bhunú i 1943.

Dhealródh sé gurbh eisean an Liam Ó Buachalla a d’aistrigh dráma J.H. Pollock (An Philibín), The Fourth Wise Man, faoin teideal An Ceathramhadh Eagnaidhe, 1940. Ba iad comhlacht na dTrí gCoinneal a d’fhoilsigh.

Ball de Fhianna Fáil ba ea Liam agus ainmníodh ina bhall de Sheanad Éireann é i 1939. Bhí sé ina chathaoirleach ó 1951 go 1969. D’éag sé 16 Meán Fómhair 1970 i nDroichead Átha agus adhlacadh é i reilig Rathúin i nGaillimh. Phós sé Máire Ní Scolaí, an t-amhránaí Gaeilge ba cháiliúla lena linn, ar 9 Meán Fómhair 1931, in Eaglais na hOllscoile, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Bhí sise ag cur fúithi san Oileán Ealtanach i nGaillimh ag an am. Ní raibh aon chlann acu. D’éag sise ar 28 Meitheamh 1985.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú