Sna 1940idí bhí sé ar na daoine ba chonspóidí i ngluaiseacht na Gaeilge. I ndiaidh a bháis scríobh Risteárd Ó Glaisne cuntas in Anois 22-3 Meitheamh, 1991. Is cuntas ar an tréimhse a chaith sé i gConradh na Gaeilge an aiste atá ag Proinsias Mac Aonghusa, staraí an Chonartha, sa dara himleabhar de Aimsir Óg, 2000 (‘Aiséirí Faisisteach na Gaeilge’); deir sé gurbh é a bhí ann ‘fear a bhí tráth ar an té ba chonspóidí, ba chantalaí agus ba mhó díograis polaitíochta agus creidimh dá raibh sa tír’. In Téid Focal le Gaoith, 1967 tá cuntas ag Proinsias Mac an Bheatha ar an bpáirtíocht a bhí aige leis 1940–42. Tugann Seosamh Ó Duibhginn léargas air freisin in Ag Scaoileadh Sceoil, 1962. Thug an Cuinneagánach féin cuntas 300 focal i nGaeilge ar chúrsaí agus aidhmeanna a shaoil le foilsiú in Who’s Who What’s What and Where in Ireland, 1973. I gcás a aidhmeanna b’fhéidir gur deifnídí an cur síos a rinne sé orthu in Comhar, Meitheamh 1942 agus é ag tagairt do phaimfléad Dhomhnaill Uí ChorcoraWhat’s this about the Gaelic League?: ‘Gan saoirse, gan ár saíocht náisiúnta a bheith go folláin láidir ní féidir linn. . . an eiseamláir, Stát Críostúil, a bhunú. Agus tá ordú ón gcinniúint againne, Éireannaigh, an dualgas údaí a chomhlíonadh inniu, ríocht nó impireacht Chríost sa domhan a chosaint, a neartú agus a leathnú. . . . Leis an láimh láidir sábhálfar an Ghaeilge go cinnte agus níl an dara dóigh inniu ann—pobal na hÉireann gan ach Gaeilge a chloisint, gan ach Gaeilge a fheiceáil bunús i gcónaí feasta agus ollscéim bhríomhar bholscaireachta dá chur i bhfeidhm san am céanna. Leis na modhanna rialtais a chleachtaítear i 1942, leis an chraolachán, na scannáin chainte, agus na nuachtáin, ní bheidh sin doiligh a shocrú .... Maíghim go bhfuil gríosadh agus dea-smachtú de dhíth le fallsacht agus spadántacht agus easba spionntachta an phobail a chloí nuair a thráchtaim ar an láimh láidir. Ní treorú nó tiomáint ach treorú agus tiomáint.’ Cuid dá phlean freisin ba ea lár na tíre agus ceantair in aice na Gaeltachta a athphlandáil le cainteoirí dúchais, agus go mbeadh sé fíoréigeantach i gcás na n-oifigeach poiblí go léir go mbeadh labhairt na Gaeilge acu. Dhealródh sé go raibh lé aige leis an deachtóireacht, sin nó lagmheas ar an daonlathas mar chóras a leigheasfadh fadhbanna iomdha na hÉireann agus a dheimhneodh gurbh í an Ghaeilge gnáth-theanga an phobail. ‘Bhí bá mhór aige leis an chineál leagan amach a bhí ag Salazar sa Phortaingéal agus bhí a lorg sin ar an leagan amach a bhí aige féin d’Éirinn’, a dúirt Ó Glaisne faoi.

Ag 31 Gairdíní Sandhurst, Bóthar Stranmillis, Béal Feirste, a rugadh an tríú leanbh seo ag Caitlín Ní Mhathúna agus Seán Ó Cuinneagáin 2 Eanáir 1910. Ag am a bhreithe bhí a athair fostaithe i ngnó lónadóireachta ach faoi 1919 bhí tábhairne agus an bhialann Red Bank aige i mBéal Feirste. Bhí beirt deartháireacha ag Gearóid, Seosamh a chaith tamall ag teagasc i gColáiste Mhuire ar an gCnoc Beag i gCeatharlach agus a bhí ina dhiaidh sin ina aturnae in Inis Córthaidh, agus an tAthair Tomás, agus bhí ceathrar deirfiúracha aige, a bhfuair duine díobh bás go hóg. Thabharfá leat as aiste a bhí aige in An tÉireannach 22 agus 29 Nollaig 1934 (‘De thoradh poilitidheachta’) gurbh i gceantar measctha a tógadh é. Cuireadh oideachas air i Scoil Bhríde, Sráid Uí Mhaoileoin, agus i scoileanna na mBráithre Críostaí i Sráid na Duibheise agus i Sráid Dhún na nGall. Bhí sé in aon rang le Séamus Ó Néill (1910–81). Duine dá mhúinteoirí ar feadh tamaill ba ea Pádraig Ó Luineacháin, athair Bhriain Uí Luineacháin, agus nuair a casadh ar a chéile arís iad i mBaile Átha Luain ba é siúd a mhol do Ghearóid tamall fada a chaitheamh sa Ghaeltacht má bhí faoi Gaeilge a fhoghlaim i gceart. Faoi 1927 bhí sé sa státseirbhís agus é i mBaile Átha Luain mar oifigeach cánach agus i gCaisleán an Bharraigh an bhliain dár gcionn. Ó 1929 go 1932 bhí sé ag obair sa Roinn Chosanta i mBaile Átha Cliath. D’éirigh sé as an bpost ‘nuair a diúltaíodh saoire leithbhliana gan phá a thabhairt dó le caitheamh sa Ghaeltacht is nuair a thuig sé go raibh rialtas Fhianna Fáil a dhul a bheith lán chomh fimíneach faoi shaoirse is teanga an náisiúin is a bhí Cumann na nGaedheal’ (Who’s Who. . . ). Agus deir sé faoin tréimhse a chaith sé i nDún na nGall gur ‘phronn muintir Rann na Feirste an t-ainm “Gerrí Mhicí” air, mar a bheadh gur dhuine díobh féin é, i ndiaidh conablach dhá bhliain a chaitheamh ansin, ar fhágáil na státseirbhíse dó’ (idem).

Chuir Seán Beaumont tús leis an bpáipéar An t-Éireannach i 1934. ‘Chuir Seán Beaumont fios aduaidh i dtús 1935 ar fhear óg lán fuinnimh a raibh cloigeann lán de phleananna aige, Gearóid Ó Cuinneagáin as Béal Feirste. Mhair sé san áit ar feadh tamaill, ag eagarthóireacht, ag scríobh alt agus ag bailiú fógraí, ach d’fhág sé an páipéar nuair nach raibh aon airgead ag teacht chuige’ (An t-Éireannach 1934–1937: Nuachtán Sóisialach Gaeltachta, 1993 le hÉamon Ó Ciosáin). Ní léir cén tslí bheatha a bhí aige as sin go dtí gur thosaigh sé ag foilsiú an pháipéir Aiséirí sna 1940idí. Ar 26 Meán Fómhair 1940 bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na hAiséirí, in oifig gnó Uí Chuinneagáin agus Cooke; toghadh é d’aon ghuth mar uachtarán. Daoine a bhainfeadh cáil amach ba ea cuid nach beag de na baill luatha: Donncha Ó Súilleabháin, Séamus Ó Néill, Sorcha Ní Ghuairim, Aogán Brioscú, Breandán Ó Cearbhaill, Pádraig Ó Drisceoil, Séamus Ó Cathasaigh, Annraoi Ó Liatháin, Seán Ó hÉigeartaigh, Ciarán Ó Nualláin, Stiofán Ó Cearnaigh, a bheadh ina Rúnaí sa Roinn Chosanta, Liam Ó Laoghaire (1910–92), a bheadh ina chartlannaí scannán, Proinsias Ó Conluain, a bheadh ina chraoltóir cumasach, Pádraig Ó hUiginn, a bheadh ina Rúnaí i Roinn an Taoisigh .... Ba ghairid gurbh í an chraobh ba dhíograisí sa tír í; idir chruinnithe sráide agus agóide, dhrámaí, thaispeántais, ógchlubanna, oícheanta airneáil, agus ranganna á reáchtáil acu agus paimfléid agus scannáin idir lámha acu. Ag mórchruinniú na craoibhe i 1941 tugadh lánchumhacht mar stiúrthóir don Chuinneagánach. ‘Mhúscail an Cuinneagánach an díograis athuair ionainn, thug sé scóip oibre dúinn agus thiomáin sé i mbun oibre sinn. Bhí sé féin bríomhar beo. Bhí sé misniúil, neamheaglach, tionscnach, samhlaíoch’ (Mac an Bheatha). Ag Ardfheis na bliana sin 1941 mhol an Chraobh go mbeadh sé ina Uachtarán ar an gConradh ach ba é Seán Óg Ó Tuama a toghadh; ach toghadh é mar bhall den Choiste Gnó agus atoghadh é i 1942. ‘Bhí sé féin agus a chomhoibrithe lánsásta aon chineál íobartha a dhéanamh ar son na teanga. Bhíodar beo bocht; gach pingin dár shaothraíodar chuaigh sé i dtreo na Gaeilge agus na craoibhe. Mhair cuid acu le chéile in aon árasán beag amháin tráth agus bhíodar ag dul d’obair Chraobh na hAiséirí go lánaimseartha, nach mór’ (Mac Aonghusa); ba iad an Cuinneagánach féin, Ó Liatháin, Ó hUiginn, Éamonn Mac Murchú agus Mac an Bheatha na baill sin: is é a bhí gceist go dtabharfadh gach duine iomlán a thuarastail mar mhalairt ar lóistín agus béilí; prátaí bruite amháin a bhíodh acu dá ndinnéir. Státseirbhísigh óga ba ea formhór na ndíograiseoirí. Bhí breis agus 1,200 ball ag an gcraobh, tharla fochraobhacha a bheith á mbunú in áiteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Ach bhí amhras ag teacht ar chuid de bhaill an Choiste Gnó i dtaobh aidhmeanna Uí Chuinneagáin. Shíl siad gur ghluaiseacht neamhspleách a bhí sé a bhunú. Bhí deimhniú na tuairime sin le fáil acu in Aiséirí 1942, bliainiris na Craoibhe, nuair a dúradh ann go raibh sé i gceist Ailtirí na hAiséirí, páirtí polaitiúil, a bhunú. ‘Tharla nár íoc Craobh na hAiséirí táille cleamhnachta leis an Ard-Oifig sa bhliain 1942. Dearmad nó siléig a bhí anso; ní d’aon ghnó nár íocadh é. Ach baineadh leas as leis an gCraobh a choimeád amach ón Ard-Fheis’ (Mac Aonghusa). Bhí cuid mhór de na hoibrithe ba dhíograisí ag éirí amhrasach freisin; nuair a dealaíodh an Chraobh amach ó na hAiltirí agus ón gConradh, le cead agus toil Uí Chuinneagáin, toghadh Mac an Bheatha ina Cheannaire ar an gCraobh 6 Samhain 1942 agus tugadh Glúin na Buaidhe ar an eagraíocht nua a d’eascair aisti. De réir a chéile d’fhillfeadh cuid bheag de na baill ar an gConradh. In olltoghchán 1944 sheas iarrthóirí Ailtirí na hAiséirí i bPort Láirge, Tiobraid Árann, Ros Comáin, , Co. Bhaile Átha Cliath agus Cathair Chorcaí ach chaill gach duine díobh a éarlais. Sheas Ó Cuinneagáin i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh agus ní bhfuair ach 705 vóta.

An fáth a raibh eolas éigin ag an bpobal ar an ngluaiseacht nua go raibh seachtanán acu. ‘Ina pháipéar Aiséirí níor chuir sé fiacail sa mhéid a bhí le rá faoi fhimíneacht pholaiteoirí i nÉirinn nó ar an gcoigríoch—agus i mBéarla ba mhó a bhí sin ó fuair sé amach nach raibh léamh na Gaeilge ag anchuid de na daoine a gcaithfeadh sé dul i bhfeidhm orthu dá mbeadh dóigh ar bith ann a bhfeicfeadh sé “Éire saor, Gaelach agus fíor-Chríostúil—ina eiseamláir de stát freacnairceach Críostúil” mar a deireadh sé nuair a cheistítí é faoin aidhm a bhí roimhe’ (Ó Glaisne). Gheibhtí de locht ar an bpáipéar gur bheag Gaeilge a bhíodh ann. Fáth amháin a bhí leis sin gan amhras nach raibh scríbhneoirí Gaeilge sásta go mbeadh a gcuid i gcló ann. Tuairimítear go raibh Seán Sabhat ar dhuine díobh sin a ndeachaigh an páipéar i gcion orthu. Paimfléid a scríobh agus a d’fhoilsigh Ó Cuinneagáin is ea: Ireland’s Twentieth Century Destiny, 1942; Aiséirí says..., 1943 (ba é an príomhscríbhneoir é); Partition—a positive policy, 1945; Aiséirí for the Worker, 1947. Chuir sé tús le Déirdre: Iris na mban i 1954 agus lean á foilsiú go dtí 1986; bhí údair Ghaeilge, Ó Glaisne ina measc, sásta ábhar a chur chuige nuair nach raibh aon bhéim á cur aige san iris sin ar a fhealsúnacht pholaitiúil. Bhí comhlacht foilsitheoireachta aige, Cló Greanréime, agus bhí Cearta na mBan, 1973 le Ó Glaisne ar cheann de na leabhair a d’fhoilsigh siad.

Is mar seo a chuir sé síos ar a chleachtadh agus a mhianta in Who’s who ...: ‘Aifreann agus snámh san fharraige gach lá; sliabhadóireacht lá sa tseachtain; éisteacht le cainteoirí dúchais Gaeilge is le ceol Gaelach uair ar bith dá dtig. Cuidiú ar gach uile bhealach is féidir le smacht na Sasana in Éirinn a bhriseadh go deo agus an tír a shaoradh, a athGhaelú is a Chríostú dáiríre.’ D’éag sé 13 Meitheamh 1991 agus dúirt an tAthair Máirtín Ó Loideáin ag a shochraid: ‘Duine díreach a bhí ann. Seans gur ródhíreach a bhí sé corr-uair ach duine cneasta a bhí ann.’ Tá sé curtha i reilig Mount Venus, Baile Átha Cliath. Phós sé Síle Ní Chochláin 4 Aibreán 1945 agus bhí ceathrar mac agus beirt iníonacha acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú