Bhí sé ar dhuine de cheannairí ghluaiseacht na hathbheochana idir 1940 agus 1960. Tá ábhar dírbheathaisnéiseach i gcuid dá leabhair: Téid focal le gaoith, 1967; Téann buille le cnámh, 1983; An earnáil agus an Ghaeilge, 1985; I dtreo na gréine, 1987. Rinne sé a chomhrá le Risteárd Ó Glaisne in Inniu 18 Meitheamh 1971. In Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’) déanann Dorothy Ní Uigín suimiú ar na heachtraí tábhachtacha ina shaol. I mBéal Feirste a rugadh é 16 Samhain 1910. Ba iad Pádraig Mac an Bheatha (McVeigh), tábhairneoir as Áth Mhic Giolla, Co. an Dúin, agus Máire Ní Ghormáin, as Cúil Áine, Baile an Mhóta, Co. Shligigh, a thuismitheoirí. Poblachtach ba ea Máire agus bhí a seanathair sna Fíníní. Bhí beirt deirfiúracha ag Proinsias. D’aistrigh an teaghlach go Cill Locha, Co. an Dúin, nuair a bhí sé cúig bliana d’aois. Fuair a athair bás bliain ina dhiaidh sin agus cuireadh é faoi chúram uncail agus aintín a raibh siopa acu sa Bhaile Glas; peata ag an lánúin ba ea é agus nuair a shíl a mháthair, b’fhéidir, é a bheith ag dul ó smacht, seoladh go dtí aintín i mBeannchar é. Tar éis tamaill eile chuaigh sé chun cónaithe lena mháthair agus a dheirfiúracha i gceantar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Ar scoil dó i Scoil Naomh Comhall chuala sé múinteoir ag caint i dtaobh na Gaeilge agus, cé gur náisiúnaithe a mhuintir, b’in an chéad uair dó a chloisteáil go raibh a leithéid de theanga ann.

Bhí ag géarú ar an seicteachas, sa bhliain 1922 go háirithe, agus is inspéise an cur síos atá aige in Téid Focal le Gaoith ar a bhfaca sé féin ag tarlú. Nuair a briseadh isteach sa teach acu d’aistrigh an teaghlach go Dumhach Thrá i mBaile Átha Cliath. Cuireadh go dtí Scoil na mBráithre Críostaí i Sraith an Iarthair é agus is ann a thosaigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim dáiríre; bhí sé i bhfad chun deiridh ar na buachaillí eile. Chláraigh sé mar bhall d’Ardchraobh Chonradh na Gaeilge nuair a bhí sé 18 bliain agus chaith cúig bliana ann. Scríbhneoireacht Shéamuis Uí Ghrianna agus Sheosaimh Mhic Grianna go háirithe a spreag a spéis sa teanga; ó Shéamus d’fhoghlaim sé drochmheas ar ghnó na gcoistí sa Chonradh, agus nuair a bhí an saol go hainnis ag Seosamh sna 1950idí thugadh sé cuairt go minic air agus thugadh cabhair dó, mar is léir ar a leabhar Seosamh Mac Grianna agus cúrsaí eile, 1970. Sna 1930idí bhí sé ina bhall de na Fánaithe, dream Gaeilgeoirí a théadh ag siúlóid in Éirinn agus thar lear. Thug sé a chéad chuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill i 1936. Chaith sé saoire in Inis Meáin bliain eile.

Bliain chinniúnach ina shaol ba ea 1940, an bhliain a bunaíodh Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge 26 Meán Fómhair. B’fhéidir a rá, seachas Gearóid Ó Cuinneagáin, gurbh é an duine ba cheannasaí sa chraobh sin é. Chreid na baill go gcaithfeadh gach duine díobh íobairtí móra pearsanta a dhéanamh, go gcaithfí bealaí nua-aimseartha a thriail agus glacadh le modh neamhghnách ceannaireachta má bhíothas leis an teanga a athbheochan. Tá cuntas Phroinsias ar obair na Craoibhe le fáil in Téid Focal le Gaoith; ba gheall le heagraíocht ar leith an Chraobh seo a raibh fochraobhacha aici anseo is ansiúd sa tír. I measc na ndualgas a thiteadh ar Phroinsias bhí eagrú agus riaradh na n-ógchlubanna. Bhí sé ag easaontú leis an gCuinneagánach nuair a bheartaigh seisean i 1942 Ailtirí na hAiseirí, páirtí polaitiúil, a bhunú. Deir sé nach raibh iontaoibh aige as tuairimí agus teoiricí polaitiúla Uí Chuinneagáin, nach raibh sé in aghaidh lánchumhacht a bheith ag ceannaire ar chumann toildeonach ach gur rud eile ar fad an deachtóireacht mar chóras rialtais. Bhí drochamhras ag cuid mhaith de Choiste Gnó an Chonartha ar an gCuinneagánach agus ar Chraobh na hAiséirí. Nuair a dealaíodh an Chraobh amach ó na hAiltirí toghadh Proinsias ina Cheannaire ar an gCraobh; ba é Séamus Ó Néill a d’ainmnigh é. Deir sé in Téann buille le Cnámh gur go drogallach a ghlac sé leis an bpost: ‘Níorbh fhear mór caidrimh riamh mé .... Bhí mé mall ag cur aithne ar dhaoine agus is dócha go bhféadfaí a rá gur duine seachantach ó nádúr mé agus b’fhéidir duine indíritheach ...’. Rinne eagraíocht nua de Chraobh na hAiséirí agus Glúin na Buaidhe a baisteadh uirthi; ‘atógáil náisiún na hÉireann’ a príomhchuspóir. Bhunaigh siad an páipéar Inniu i 1943; míosachán ba ea é go dtí go ndearna seachtanán de um Meitheamh 1945. ‘De réir a chéile bhain an páipéar tús tábhachta de gach rud eile dá raibh idir lámha againn go dtí sa deireadh gur bheag ná gurbh ionann Inniu agus Glúin na Buaidhe féin’ (Téid Focal le Gaoith). Sholáthraíodh sé cuid mhór míreanna agus aistí don pháipéar, cuid acu faoin ainm ‘Séamus Ó Dochartaigh’, agus chaitheadh an deireadh seachtaine ag lorg ábhair sna páipéir chúigíocha agus Domhnaigh. Bhí an colún ‘Amharc Éireann’ á scríobh aige ar feadh i bhfad agus ba mhinic a scríobhadh sé an t-eagarfhocal. Liostaíonn Dorothy Ní Uigín na sraitheanna a scríobhadh sé agus cuid dá ailt. Cheannaigh Glúin na Buaidhe gnó an Mayo News i gCathair na Mart i 1948; faoin ainm Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, comhlacht a raibh Proinsias ina chathaoirleach ar a stiúrthóirí, chlóbhuail siad Cré na Cille i 1949 agus d’fhoilsigh breis is 130 leabhar i rith daichead bliain ina dhiaidh sin.

Pearsa thábhachtach i gcúrsaí na hathbheochana ba ea Proinsias faoi 1943. Bhí sé ar dhuine de na ‘roghnóirí’ a toghadh an bhliain sin chun Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a thabhairt ar an saol. Faoi 1946 bhí Glúin na Buaidhe éirithe míshásta le scéim chostasach thimireachta na Comhdhála; dar leo gur mhodh seanaimseartha í a bhain le blianta tosaigh an Chonartha. D’éirigh leo féin agus leis an gComhchaidreamh bunús na suíochán ar Chomhairle na Comhdhála a bhuachan agus toghadh Proinsias féin mar Leasuachtarán. D’éirigh sé as uachtaránacht Ghlúin na Buaidhe i 1966 agus gairid ina dhiaidh sin as ballraíocht Chomhairle na Comhdhála. ‘Níor éirigh mé as na cúraimí sin ar an ábhar go raibh mé tinn nó tuirseach, ná ar an ábhar go raibh dóchas caillte agam as an Athbheochan. D’éirigh mé astu le go mbeinn saor le mo mhachnamh féin a dhéanamh agus le mo thuairimí féin a nochtadh’ (Téid focal le gaoith). Ach in I dTreo na Gréine nochtann sé an tuairim gur thosaigh an ghluaiseacht ag meath nuair a bunaíodh Coimisiún na Gaeilge (16 Iúil 1958), gurbh í an mhoill fhada idir a bhunú agus foilsiú a thuarascála deiridh (10 Eanáir 1964) agus foilsiú Pháipéar Bán an Rialtais (16 Eanáir 1965) a chuir stop le pleananna forbairte Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. B’fhéidir go raibh ag trá ar a mhisneach. Shíl sé nár thug Tuarascáil an Choimisiúin cothrom na féinne do Inniu; tá scéal iomlán léanmhar dheireadh an pháipéir inste aige in I dTreo na Gréine. Nuair a cuireadh deireadh leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach le haghaidh na hArdteistiméireachta um Shamhain 1974 agus nuair a tugadh ísliú céime di sa státseirbhís, ní hamháin gur laghdaíodh díolaíocht Inniu ach samhlaíodh dó go raibh cúl á thabhairt le haidhm na hAthbheochana. Ó Roinn na Gaeltachta a thagadh deontas chuig Inniu agus ó na 1970idí ar aghaidh bhí an roinn sin ag cur brú ar an bpaipéar Gaeltachta Amárach agus ar Inniu comhnascadh agus aon pháipéar Gaeilge amháin a bheith ann feasta. In Inniu 12 Lúnasa 1983 bhí an t-alt ‘Na fáthanna ar fhág mé Fianna Fáil’ i gcló. Gan réamhfhios a bheith ag foireann Inniu bhí fógra ag Bord na Gaeilge i nDeireadh Fómhair 1983 ag lorg tairiscintí le haghaidh seachtanáin nua. Gan amhras níor éirigh le tairiscint Inniu. An imní is mó a bhí ar Phroinsias nach mbeadh aon phinsean ag an bhfoireann.

Maidir le cúrsa a shaoil sa státseirbhís, ceapadh ina oifigeach cléireachais é agus chaith cúpla bliain sa Leabharlann Náisiúnta ar dtús agus ó 1932 ar aghaidh bhí sé ag obair sa tseirbhís Chustaim agus Máil agus chaith tamaill i Muineachán, i ndrioglann John Power i mBaile Átha Cliath, i gcalafort Bhaile Átha Cliath, i mBéal Easa, ina Bhailitheoir Cúnta i dTeach an Chustaim, ina Shuirbhéir i dTulach Mhór agus i Leifear, agus i ndeireadh báire ina Bhailitheoir i gCalafort Bhaile Átha Cliath i 1973, post a bhí ag Micheál V. Ó Nualláin [B5 lch 130] i 1924. D’éirigh sé as an státseirbhís i dtús 1976 agus bhí ag obair mar dhuine d’fhoireann eagarthóireachta Inniu go dtí gur cuireadh an t-eagrán deireanach amach 23 Deireadh Fómhair 1984. Tar éis dó éirí as ceannaireacht Ghlúin na Buaidhe rinne sé cuid mhaith scríbhneoireachta, idir cholún garraíodóireachta agus aistí in Inniu, aistí in Scéala Éireann, agus leabhair. Chomh maith leis na leabhair atá luaite thuas scríobh sé: Irish for the People, 1966; trí úrscéal, An Faoileán Bán, 1975, Cnoc na hUamha, 1978 agus Roth an mhuilinn, 1980; Tart na Córa, 1963 (leabhar ar scríbhinní Shéamuis Uí Chonghaile); Jemmy Hope: an chéad sóisialaí Éireannach, 1985; Mé féin is an gairdín, 1986; Henry Joy agus véarsaí eile, 1992. Phós sé Monica Ní Mhurchú as Áth Trasna, Co. Chorcaí, 5 Iúil 1944 agus bhí triúr cailíní agus ceathrar buachaillí acu. Comhghleacaí díograiseach i gCraobh na hAiséirí agus ball d’Ardfhoireann Ghlúin na Buaidhe díreach tar éis a bunaithe ba ea Monica. Fuair Proinsias bás 27 Samhain 1990 agus cuireadh é i reilig Chill Fhionntain, Baile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú