Ba é an ceannasaí Poblachtach de chuid na heite clé é ba mhó a raibh cáil na Gaeilge air sna 1930idí agus ba mhó a chuir tábhacht le hathbheochan na teanga. Iriseoir maith Gaeilge agus Béarla ba ea é agus mar óráidí luaigh Peadar O’Donnell in aon anáil é leis an Athair Micheál Ó Flanagáin agus Jim Larkin. Scríobh Seán Cronin a bheathaisnéis Frank Ryan—the search for the Republic, 1981. I mBaile na Tóna, Eiltiún, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 11 Meán Fómhair 1902, dar leis an taifead breithe. Ba é Vere Ryan (a ainmníodh as Vere Foster, bunaitheoir Chumann na Múinteoirí), múinteoir, agus Annie Slattery a thuismitheoirí. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Vere F. Ryan (38), máistir scoile a rugadh i gContae an Chláir; a bhean Annie (36), máistreás scoile a rugadh i gContae an Chláir (i gCill Fhionnúrach a deir Cronin); ní raibh Gaeilge ag an gceathrar mac agus iníon. I nDaonáireamh 1911, dúradh go raibh an lánúin pósta le fiche bliain agus go raibh an naonúr (cúigear mac agus ceathrar iníonacha) a rugadh dóibh beo; trí bliana d’aois a bhí an duine ab óige díobh; bhí Gaeilge ag an gcuid díobh a bhí in aois scoile. Ba é Proinsias an seachtú duine clainne ann. Bhí cailín aimsire sa teach ó Chiarraí, Hannah Moynihan (18) a raibh Gaeilge aici. Théadh an teaghlach ar a laethanta saoire go Cill Fhionnúrach gach bliain.

Chaith Proinsias an chuid is mó de 1916-21 i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, mar ar tháinig sé faoi thionchar sagairt dar sloinne de Róiste. I rith na tréimhse sin, chaith sé tamall gairid i gColáiste Charraig an Tobair agus é ar intinn aige dul le sagartacht; díbríodh as an gcoláiste é, deirtear, i ngeall ar stailc faoin drochbheatha ann. Bhí sé i bhFianna Éireann ar dtús sular chláraigh sna hÓglaigh i 1921. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Goineadh é sa Chogadh Cathartha i Meán Fómhair 1922 agus chaith go Samhain 1923 i ngéibheann sa Churrach, mar a gcuireadh sé iris phríosúin Gaeilge, An Giorrfhiadh, in eagar. In Feasta, Iúil 1979, dúirt Staf Van Velthoven: ‘Um an dtaca seo [1944] bhí Proinsias beagnach bodhar ar fad (de bharr léasadh a fuair sé tráth ó phóilíní Mhic Choscair)’.

Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ghnóthaigh sé céim le honóracha sa léann Ceilteach. Bhí sé gníomhach ag bunú Clubanna Poblachtacha ollscoile agus bhí ina Reachtaire ar an gCumann Gaelach 1923/4. Scríobhadh sé in An Réalt, iris an Chumainn Ghaelaigh, agus bhí ina eagarthóir uirthi. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1926-27; ba é a bhunaigh Craobh Chathail Brugha. Bhí sé ag múineadh Gaeilge tamall agus ansin fuair post i gCumann Turasóireachta na hÉireann. Faoi 1926, bhí sé ina aidiúnach i mBriogáid Bhaile Átha Cliath d’Arm na Poblachta. An bhliain chéanna sin, chabhraigh sé chun léirsithe a eagrú in Amharclann na Mainistreach in aghaidh The Plough and the Stars. I 1928, foilsíodh Easter Week and after, paimfléad a scríobh sé faoin ainm ‘Seachránaí’. Ó 1929 go 1931, bhí sé ina chomheagarthóir le Peadar O’Donnell ar An Phoblacht agus ó 1929 go 1933 ina eagarthóir ar Republican File. Foilsíodh mar phaimfléad sraith alt a bhí aige in An Phoblacht i 1929, The truth about emancipation. I 1931, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Saor Éire, dream sóisialach poblachtach a dhamnaigh an rialtas agus an cliarlathas Caitliceach. Cuireadh i bpríosún ar feadh trí mhí é in Eanáir 1932 i ngeall ar bhallraíocht d’Arm na Poblachta. Chaith sé dhá lá deág ar stailc ocrais. Saoradh é ar 10 Márta nuair a chuaigh Fianna Fáil i gcumhacht. Bhí sé go mór chun tosaigh san fheachtas in aghaidh na Léinte Gorma. Deir Seán Cronin gurbh é a chum an rosc, ‘No free speech for traitors’. D’fhág sé an IRA i 1934 nuair a bunaíodh an Chomhdháil Phoblachtach, dream a bhí ar aon dul le Saor Éire. Is air a thit an chuid is troime d’eagarthóireacht iris na Comhdhála, Republican Congress. An bhliain sin freisin, bheartaigh sé féin agus Fionán Breathnach go nglacfadh siad féin agus a gcomrádaithe seilbh ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag an Ard-Fheis i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Deirtí gur toghadh 16 díobh ach rinne Proinsias Mac Aonghusa iniúchadh ar an scéal agus deir sé (Ar son na Gaeilge ..., 1993) go raibh sin áibhéalach.

Faoi Mheán Fómhair 1936 bhí an ghluaiseacht Phoblachtach scoilte go dona agus bhí Eoin Ó Dufaigh ag eagrú buíne chun troid ar thaobh Franco sa Spáinn. Ba é an Rianach an duine ba oiriúnaí de cheannasaíocht na Comhdhála ó thaobh aoise agus sláinte de chun 200 fear a threorú chun na Spáinne um Shamhain chun troid i gcoinne Franco. Bhí sé ina mhaor airm agus ina bhriogáidire gníomhach i mBriogáid Lincoln-Washington. Gortaíodh é ag Jarama i 1937 agus tháinig abhaile i Márta chun téarnaimh ó ghortuithe. Chabhraigh sé chun An Phoblacht nua a chur in eagar agus chun léirsiú in aghaidh chorónú Rí na Breataine a chur ar siúl. Faoi 14 Meitheamh, bhí sé ar ais sa Spáinn in ainneoin go rabhthas ag dul dian air fanacht sa bhaile. I gan fhios dó, ainmníodh é mar iarrthóir in olltoghchán 1 Iúil 1937 i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Ní bhfuair sé ach 875 vóta. Agus é i mbun a dhualgas míleata sa Spáinn, chuir sé eagar ar Book of the 15th Brigade, 1938.

Ghabh fórsaí Iodálacha é i Márta 1938. Aistríodh as campa géibhinn é go Príosún Burgos um Meitheamh agus daoradh chun báis é. Chabhraigh de Valera leis chun teacht slán ón mbás agus gearradh 30 bliain príosúnachta air, eolas nach raibh aige go hEanáir 1940. Faoin am seo, bhí príosúnaigh eachtrannacha eile saor. Cheana féin, bhí fadhbanna sláinte ag cur air. Scaoileadh saor é, nó ligeadh dó éalú, 14 Iúil 1940 tar éis agóide in Éirinn agus achainíocha ó rialtais na Gearmáine agus na hÉireann. Faoin am seo, bhí 28 mí caite i ngéibheann aige. Tugadh go Beirlín é i Lúnasa 1940 chun bualadh le Seán Ruiséal, Ardcheannfort Arm na Poblachta. Bhí plean ag na húdaráis iad a chur i dtír i gCuan Ard na Caithne, Corca Dhuibhne, ar 15 Lúnasa ach d’éag an Ruiséalach san fhomhuireán agus thogair an Rianach filleadh ar an nGearmáin, cinneadh a raibh sé in aiféala air go deireadh a shaoil. Mar Francis Richard, an t-ainm a bhí ina phas Gearmánach, a bhí aithne air. Fuair sé bás i sanatóir in Dresden 10 Meitheamh 1944. Fadhbanna a bhain le imshruthú na fola de dheasca airtrítis ba thrúig bháis dó. Ar 22 Meitheamh 1979, tugadh a chorp abhaile go hÉirinn agus cuireadh i reilig Ghlas Naíon é. A chara Con Lehane a labhair os cionn na huaighe.

Bhí smearaithne ag Proinsias Mac an Bheatha air agus tar éis dó leabhar Sheáin Uí Chróinín a léamh scríobh sé in Inniu 13 Feabhra 1981: ‘Laige ar an leabhar i dtaca leis an Ghaeilge nach n-insítear dúinn go raibh an-tábhacht leis An Phoblacht agus Proinsias Ó Riain ina eagarthóir air mar pháipéar a mbíodh áit ar leith ann don Ghaeilge agus cuid de na scríbhneoirí ba mhó tábhacht san am—Seosamh Mac Grianna agus “Máire” agus Donn Piatt—ag scríobh ann go rialta, agus sin san am nuair nach raibh gléas ar bith eile ann ach ar éigean lena dtuairimí a fhoilsiú’. Agus bhí an méid seo aige i dtaobh phearsantacht Uí Riain: ‘Duine taitneamhach cairdiúil a bhí i bProinsias Ó Riain agus fonn cainte agus spóirt air i gcuideachta daoine. Mheallfadh sé an t-éan den chraobh .... Ar éigean a d’aithneofá ar an fhear a mbeadh tú ag caint leis i lúb cruinnithe an fear ceannasach ceanndána a chluinfeá ag caint ón ardán go minic ar shráideanna na cathrach’. D’fhoilsigh an Historical Association of Ireland Frank Ryan, 2002 le Fearghal McGarry, uimhir a 17 sa tsraith Life and Times.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú