De mhuintir Uí Riain Leacain, Crois na Ré, Co. Thiobraid Árann, an Gaeilgeoir seo a bhí ar dhuine de throdairí na saoirse i dTiobraid Árann Thuaidh. Toghadh é ina Theachta Dála thar ceann na bPoblachtach i 1923. Chuaigh sé ar imirce go dtí Nua-Eabhrac agus d’éag ann ar 21 Eanáir 1944. Tá páirc Chumann Lúthchleas Gael sa Phort Nua, Tiobraid Árann, ainmnithe as.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú