I mBéal Feirste a rugadh é 7 Bealtaine 1912. Tá cuntas air in Magill Book of Irish politics, 1981 in eagar ag Vincent Browne; in Inniu 30 Meán Fómhair 1983 agus in Irish Times 20 Meán Fómhair 1983. Ba é an file Donnchadh Ó Liatháin, oifigeach Custaim is Máil, a athair agus ba í Máire Ní Chonghaile a mháthair. Deartháir lena mháthair ba ea an Seanadóir Joseph Connolly, a bhí ina aire i rialtas Fhianna Fáil i rith na 1930idí, agus uncail eile leis ba ea an ceardchumannach cáiliúil Michael J. O’Lehane [B4 lch 130-1]. D’aistrigh an teaghlach go Hartlepool i 1912 agus go Baile Átha Cliath i 1920. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre, Sráid Synge, agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cháiligh sé mar aturnae agus deir The Magill Book of Irish Politics: ‘Defended several generations of Republican activists in the courts.’ San Ardchúirt i 1977 bhain sé amach cead do phríosúnaigh labhairt go príobháideach lena n-aturnaetha. Bhí sé ina bhall de Chraobh Moibhí de Chonradh na Gaeilge agus bhí sé in aghaidh polaitíocht ar leith a chur chun cinn laistigh den Chonradh le linn dó a bheith ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1934. Bhí sé gníomhach i ngluaiseacht an phoblachtachais ó 1929. Bhí sé ina bhall de choiste airm an IRA; ghearr an Binse Míleata téarma príosúin 18 mí air i 1935 agus ba é a bhí ina oifigeach ceannais ar na poblachtaithe in Arbour Hill. Nuair a tugadh corp Phroinsias Uí Riain ar ais go hÉirinn i 1979 ba é Con a labhair cois na huaighe. D’éirigh sé as an IRA in Aibreán 1938 in éineacht le Seán Mac Giolla Bhríde toisc nár réitigh an feachtas buamála i Sasana leo, ach imtheorannaíodh é ar feadh tamaill ghairid i 1939 faoin Act um Choireanna in aghaidh an Stáit. Bhí sé ina bhall de Shaor Éire. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chóras na Poblachta i 1940 agus Chlann na Poblachta i 1946. Toghadh mar theachta Dála é thar ceann Bhaile Átha Cliath Láir Theas i 1948; chaill sé an suíochán i 1951 ach bhí gníomhach sa pháirtí go deireadh na 1950idí.

Aisteoir maith ba ea é agus ardspéis aige i gcúrsaí amharclainne na Gaeilge. Bhí sé ar dhuine de phríomhaisteoirí Chompántas Amharclainne na Gaeilge 1943-58; ba iad siúd an compántas a chuireadh na Seadh-seónna ar siúl i móramharclanna Bhaile Átha Cliath d’fhonn spéis sa Ghaeilge a mhúscailt i measc an ghnáthphobail. Ceann de na torthaí a bhí ar a fheabhas a d’éirigh leis an iarracht sin sna 1940idí gur thosaigh Amharclann na Mainistreach ag léiriú geamaireachtaí Nollag. Cuimhnítear ar sceitseanna a scríobh sé: Gan teanga gan tír: Kildare Street Club sa bhliain 2045 agus Huntin’, shootin’ fishin’. Is leis na Seadh-seónna go príomha a bhaineann caibidil a 4 de Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail. Bhí sé ina bhall de Chomhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath agus de choiste Citizens for Civil Liberties. Phós sé Marie O’Neill i 1937 agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. Bhí cónaí air ag Dun Leath, Bóthar Warrenhouse, Baile Dúill. D’éag sé 18 Meán Fómhair 1983 agus tá sé curtha i reilig Naomh Fionntan.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú