Bhí sé ar dhuine de na cartúnaithe ba nótáilte in Éirinn lena linn. I Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1929. Garda ba ea a athair Edmund Ryan (fear de na Rianaigh a bhfuil ‘Rábaire’ mar leasainm orthu) ó cheantar Áth an Chuilinn, Co. Thiobraid Árann. Ba í Nora Brennan a mháthair. Ach níorbh fhear cathrach de chuid Bhaile Átha Cliath riamh é Flann. Is in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, a cuireadh tús lena bhunscolaíocht. Ní raibh Gaeilge ag a athair agus theastaigh uaidh go mbeadh sí ag a mhac. Ach tharla nach mbeadh post aige féin feasta san oileán nuair a cinneadh go luath ina dhiaidh sin nach mbeadh sa Ghaeltacht feasta ach gardaí le Gaeilge. Is i mbunscoil mBunscoil Dhún Búinne Co. na Mí, a bhí Flann ansin agus in Ard Fhearta, Co. Chiarraí, ina dhiaidh sin arís. I scoileanna na mBráithre Críostaí i dTrá Lí, Co. Chiarraí, a bhí sé ar ball i mblianta deiridh na bunscolaíochta agus tús a chuid meanscolaíochta. I gColáiste Ullmhúcháin Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a bhí sé ar ball.

Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, agus chaith tamall leis an gceird sa Cheapach Mhór, Co. Luimnigh, sular aistrigh sé go Scoil Chiaráin i nDomhnach Cearna, Baile Átha Cliath. Phós sé Norita Collins ó Thigh Molaige, Co. Chorcaí, agus bhí triúr iníonacha agus triúr mac acu. I mí Feabhra 1971 d’éirigh sé as ballraíocht Chomhairle na Gaeilge toisc gur dhún an Roinn Oideachais Scoil Dhún Chaoin. Ait mar a tharla, is fear de bhunadh dúiche atá an-ghar d’Áth an Chuilinn, Co. Thiobraid Árann, Risteárd de Búrca, aire oideachais, a d’fhéach chuige go n-athosclófaí an scoil sin. Ball gníomhach i gConradh na Gaeilge i rith na 1970idí ba ea Flann agus chaith sé tamaill ghairide i bpríosún toisc nach raibh sé sásta íoc as ceadúnas teilifíse, sin ar an ábhar go raibh teipthe ar RTÉ cláir Ghaeilge a chraoladh (Mac Aonghusa 1993:368). In 1989 chuaigh sé chomh fada lena bhosca teilifíse a chaitheamh isteach chuig an Roinn Cumarsáide tar éis gur gearradh fíneáil £50 air toisc gan ceadúnas teilifíse a bheith aige.

Ceoltóir (fliúit agus feadóg) é agus baint ghníomhach aige le Craobh Bhinn Éadair de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Is minic a bhí cartúin pholaitiúla aige faoin ainm ‘doll’ in Comhar, in Hibernia agus in The Irish Independent. Bhí taispeántais dá shaothar i mBaile Átha Cliath, ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail, Co. Chiarraí, agus sa Chlár ag Scoil Samhraidh Merriman, tionól a thaithíodh sé go minic. Leabhair leis is ea Lazy way to Irish (1993), agus Lazy way to Welsh (1995), a bhfuil cartúin go raidhsiúil iontu mar chabhair don fhoghlaimeoir. Gan aon amhras ba é Dáithí Lacha, scannán don óige ar RTÉ sna blianta ó 1962 go 1969, a thuill clú náisiúnta dó. Lean Rí rá agus ruaille buaille é. Bhí cúpla aiste aige in Comhar: ‘Cartúnaithe an lae inniu’ (Meitheamh 1965) agus ‘Dialann éisteora’ (Eanáir 1987). Leabhair Ghaeilge a scríobh sé is ea Dáithí Lacha (1965); Dáithí Lacha ’67 (1966); Suas agus síos (1976).

Ag pointe éigin theip ar an bpósadh agus chuaigh sé chun cónaithe san Ardán, Gleann Eatharlaí, Co. Thiobraid Árann. Ar feadh i bhfad bhí colún aige dar teideal ‘Where’s that?’ in The Irish Times. Léiriú eile ar a mhórshuim sa dinnseanchas agus sa logainmníocht is ea a leabhar Townlands of Leinster and the people who lived there (2000). Rud a chuireadh le báiní é ba ea tuin cainte cuid de léitheoirí RTÉ agus an chaoi a ndéanadh siad praiseach de logainmneacha agus de shloinnte Gaeilge. Ba mhinic litreacha gearánacha aige fúthu sna nuachtáin. D’éag sé ar 6 Nollaig 2008 agus cuireadh é i reilig bhaile Thiobraid Árann. D’fhág sé ina dhiaidh a bhean Norita, a iníonacha Aoife, Muireann agus Ciara, a mhic Aengus, Tiarnán agus Fiach, agus a dhlúthchara Annette McHugh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair