Ó RIAIN, Flann (1929–2008) Flann Ó RIAIN 1929 2008 Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath M Scoil Náisiúnta Dhún Búinne, Co. na Mí Scoil Ard Fhearta, Co. Chiarraí Scoil na mBráithre Críostaí, Trá Lí, Co. Chiarraí Coláiste Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir cartúnaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de na cartúnaithe ba nótáilte in Éirinn lena linn. I Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1929. Garda ba ea a athair Edmund Ryan (fear de na Rianaigh a bhfuil ‘Rábaire’ mar leasainm orthu) ó cheantar Áth an Chuilinn, Co. Thiobraid Árann. Ba í Nora Brennan a mháthair. Ach níorbh fhear cathrach de chuid Bhaile Átha Cliath riamh é Flann. Is in Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, a cuireadh tús lena bhunscolaíocht. Ní raibh Gaeilge ag a athair agus theastaigh uaidh go mbeadh sí ag a mhac. Ach tharla nach mbeadh post aige féin feasta san oileán nuair a cinneadh go luath ina dhiaidh sin nach mbeadh sa Ghaeltacht feasta ach gardaí le Gaeilge. Is i mbunscoil mBunscoil Dhún Búinne Co. na Mí, a bhí Flann ansin agus in Ard Fhearta, Co. Chiarraí, ina dhiaidh sin arís. I scoileanna na mBráithre Críostaí i dTrá Lí, Co. Chiarraí, a bhí sé ar ball i mblianta deiridh na bunscolaíochta agus tús a chuid meanscolaíochta. I gColáiste Ullmhúcháin Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a bhí sé ar ball.

Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, agus chaith tamall leis an gceird sa Cheapach Mhór, Co. Luimnigh, sular aistrigh sé go Scoil Chiaráin i nDomhnach Cearna, Baile Átha Cliath. Phós sé Norita Collins ó Thigh Molaige, Co. Chorcaí, agus bhí triúr iníonacha agus triúr mac acu. I mí Feabhra 1971 d’éirigh sé as ballraíocht Chomhairle na Gaeilge toisc gur dhún an Roinn Oideachais Scoil Dhún Chaoin. Ait mar a tharla, is fear de bhunadh dúiche atá an-ghar d’Áth an Chuilinn, Co. Thiobraid Árann, Risteárd de Búrca, aire oideachais, a d’fhéach chuige go n-athosclófaí an scoil sin. Ball gníomhach i gConradh na Gaeilge i rith na 1970idí ba ea Flann agus chaith sé tamaill ghairide i bpríosún toisc nach raibh sé sásta íoc as ceadúnas teilifíse, sin ar an ábhar go raibh teipthe ar RTÉ cláir Ghaeilge a chraoladh (Mac Aonghusa 1993:368). In 1989 chuaigh sé chomh fada lena bhosca teilifíse a chaitheamh isteach chuig an Roinn Cumarsáide tar éis gur gearradh fíneáil £50 air toisc gan ceadúnas teilifíse a bheith aige.

Ceoltóir (fliúit agus feadóg) é agus baint ghníomhach aige le Craobh Bhinn Éadair de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Is minic a bhí cartúin pholaitiúla aige faoin ainm ‘doll’ in Comhar, in Hibernia agus in The Irish Independent. Bhí taispeántais dá shaothar i mBaile Átha Cliath, ag Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail, Co. Chiarraí, agus sa Chlár ag Scoil Samhraidh Merriman, tionól a thaithíodh sé go minic. Leabhair leis is ea Lazy way to Irish (1993), agus Lazy way to Welsh (1995), a bhfuil cartúin go raidhsiúil iontu mar chabhair don fhoghlaimeoir. Gan aon amhras ba é Dáithí Lacha, scannán don óige ar RTÉ sna blianta ó 1962 go 1969, a thuill clú náisiúnta dó. Lean Rí rá agus ruaille buaille é. Bhí cúpla aiste aige in Comhar: ‘Cartúnaithe an lae inniu’ (Meitheamh 1965) agus ‘Dialann éisteora’ (Eanáir 1987). Leabhair Ghaeilge a scríobh sé is ea Dáithí Lacha (1965); Dáithí Lacha ’67 (1966); Suas agus síos (1976).

Ag pointe éigin theip ar an bpósadh agus chuaigh sé chun cónaithe san Ardán, Gleann Eatharlaí, Co. Thiobraid Árann. Ar feadh i bhfad bhí colún aige dar teideal ‘Where’s that?’ in The Irish Times. Léiriú eile ar a mhórshuim sa dinnseanchas agus sa logainmníocht is ea a leabhar Townlands of Leinster and the people who lived there (2000). Rud a chuireadh le báiní é ba ea tuin cainte cuid de léitheoirí RTÉ agus an chaoi a ndéanadh siad praiseach de logainmneacha agus de shloinnte Gaeilge. Ba mhinic litreacha gearánacha aige fúthu sna nuachtáin. D’éag sé ar 6 Nollaig 2008 agus cuireadh é i reilig bhaile Thiobraid Árann. D’fhág sé ina dhiaidh a bhean Norita, a iníonacha Aoife, Muireann agus Ciara, a mhic Aengus, Tiarnán agus Fiach, agus a dhlúthchara Annette McHugh.

Leabhair Mac Aonghusa, P. (1993) Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893–1993. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.