Bhí cáil air i ngeall ar ar bhailigh sé de bhéaloideas, ar a ndearna sé ar son oideachais trí Ghaeilge sa Daingean agus i scoileanna na mBráithre Críostaí anseo is ansiúd. Scríobh Séamus Ó Duilearga cuntas iarbháis air in Béaloideas 1960 agus tá eolas faoi in Gníomhartha na mBráithre, 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil. In The Christian Brothers’ Educational Record, 1960 atá an cuntas is cuimsithí.

Sa Churrach Glas i bparóiste sibhialta Ghleann Caoin in aice le Buiríos Ó Luigheach, Co. Thiobraid Árann, a rugadh é ar 20 Eanáir 1896. Feirmeoir ba ea a athair. Bhí a dheartháir mór, John, sna Bráithre agus lean Pádraig a shampla. Tar éis bunoideachais i Scoil Gharrán Gréine, chuaigh sé isteach i gColáiste Sheosaimh Naofa, meánscoil na mBráithre i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath, ar 30 Meán Fómhair 1910. ‘Tiburtius’ a thabharfaí d’ainm crábhaidh air. Ba é Ceatharlach a chéad stáisiún agus aistríodh as sin é i 1920 go dtí an Mhainistir Thuaidh, Corcaigh, agus bhí ag múineadh ranga i bPort Uí Shúilleabháin freisin. Cabhair mhór dó i gCorcaigh a ardchumas mar iománaí. Ó 1916 ar aghaidh, bhí flosc chun Gaeilge ar an tír agus bhí an Bráthair Pádraig i measc na mBráithre sa Mhainistir Thuaidh a ghnóthaigh an Fáinne. ‘Thus the seed was sown which developed and matured throughout his life in his interest in the National Language and in folk-lore in particular’ (The Christian Brothers’ Educational Record). Aistríodh é go Sráid Synge, Baile Átha Cliath, i Lúnasa 1920. Bhí cáilíocht bainte amach aige i dteagasc adhmadóireachta, eolaíochta agus líníochta agus ba leor sin i 1923 chun go gclárófaí é mar mheánmhúinteoir.

Aistríodh go dtí an Daingean é i 1925 agus bhí ann go 1934. Tamall rathúil ina shaol ba ea é. I 1932, rinne A-scoil de mheánscoil a bhí beag go leor i gcaoi gur mhéadaigh go mór ar an tinreamh as sin amach. Ó 1928, bhí sé ina uachtarán ann. Scríobh duine dá chomh-mhúinteoirí: ‘Ré órga scoile an Daingin ba ea an tréimhse sin. Ní raibh bliain ann nár ghnóthaigh scoláirí na Gaeltachta agus an Daingin féin breis is a gcion d’áiteanna ins na Coláistí Ullmhúcháin gan trácht ar scoláireachtaí Teistiméireachta, scoláireachtaí Chomhairle Chontae agus torthaí nárbh iad’. Deir an fear céanna gur faoi thionchar Uí Riain a imríodh i bpáirc an Daingin ‘an chéad chluiche iomána riamh a himríodh sa taobh sin tíre’. Ní sa scoil amháin a d’oibrigh sé ar mhaithe leis an teanga ach le pobal an Daingin féin agus na Gaeltachta ina thimpeall.

Is i rith na tréimhse sin a thosaigh sé ag bailiú gach sórt ábhair. Deir Ó Duilearga gurbh é an chéad duine é a tháinig i gcabhair ar Choimisiún Béaloideasa Éireann: ‘Ar an gcéad chnuasach scéalta agus seanchais a castar ar an té a iniúchann cnuasach lámhscríbhinní Choimisiún Béaloideasa Éireann, tá trí cinn déag cláraithe fé ainm Phádraig Uí Riain, Bráthair Críostaí. Toradh saothair scoláirí óga ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne é a thathaíodh Scoil na mBráithre i nDaingean Uí Chúise tráth bhí “P.T. Ó Riain” mar a thugaimís air ina uachtarán ar an scoil sin. Seanscéalta is mó atá sa chnuasach mar ba iad ba iomadúla agus ba éasca a fháil an uair úd ag an té a loirgeódh “béaloideas” ar an tsean-mhuintir; ní mar sin atá an scéal anois. Dob é an Bráthair Ó Riain a ghríosaigh na scoláirí óga seo agus a chuir ina chúram orthu an roinn seo den oidhreacht bhéil a bhailiú.’ I gcomhar leis an mBráthair A.P. Caomhánach, bhailigh sé béaloideas i mBaile an Sceilg sna 1940idí deireanacha. Le linn a shaoire gach bliain, bhailíodh sé i gContae Chiarraí, i gContae an Chláir, i gContae Chill Dara agus sna ceantair Ghaeltachta go léir. 11,829 leathanach atá cláraithe faoina ainm. Deir An Canónach Seán Mac Ginneá: ‘Sna tríochaidí, bhí gluaiseacht mhór ar fuaid na tíre chun béaloideas agus traidisiúin ár ndaoine a bhailiú agus a chaomhnú. Arís bhí Bráithre Scoil an Daingin go mór chun tosaigh san iarracht. An Br. P.T. Ó Riain a bhí ina Uachtarán ag an am agus n’fheadar éinne an sárobair a dhein sé ag bailiú béaloideasa’ (Gníomhartha na mBráithre). Is é a scríobh Seán Ó Súilleabháin chuige i 1940: ‘Fuaireamar an cóipleabhar béaloideasa uait inné. Athbhaistim Fear na Dúthrachta agus an tSaothair ort fé mar do haithbhaisteadh Caoilte fadó: is iontach an fear tú agus teanntaca dúinne go síorraí thú.’ Ach ar mhaithe le cothramaíocht ní miste rud atá ag Liam Ó hUiginn in Gníomhartha na mBráithre a lua. ‘Nuair a bhí Paddy Bán (Ó Brosnacháin /Brosnan), Timinín Deas (deartháir do Phaddy Bán), “Gega” O’Connor agus scata eile peileadóirí óga sa bhunscoil, bhí an Br. Ó Riain mar Uachtarán ar an Scoil. Bhí ana-shuim aige i bpeil ach bhí saghas éirí in airde air agus ba bheag meas a bhí aige ar mhuintir an Colony. Bhíodh leanaí lucht an rachmais ar an bhfoireann aige rómpu.’

Aistríodh go Coláiste Mhuire, Baile Átha Cliath, é i 1934. Chaith sé cúpla bliain ó 1936 ina uachtarán i mBaile an Róba agus bhí i Scoil Chnoc Síon i bPort Láirge, i nDún Dealgan, Luimneach agus ar ais i bPort Uí Shúilleabháin, Corcaigh, i 1953. Ba bheag áit díobh nár thapaigh sé gach deis ann chun ábhar a bhailiú. I bPort Láirge, théadh sé a bhailiú i dteach tearmainn do sheandaoine in Bunker’s Hill. Ar saoire dó i Lios Dúin Bhearna, thapaíodh sé an deis chun cuairt a thabhairt ar sheanGhaeilgeoirí Dhúlainn. Thug cara leis an fhianaise seo: ‘For him this was not a time of leisure or idleness, for soon after breakfast he was on his journey to an old seanchaí who lived near the Cliffs of Moher or off to Doolin to meet the fishermen from the Aran Islands. On his return for dinner his well-filled note book was evidence that his journey was not in vain. He told me that an old man named Hillary from the district near the cliffs had the most perfect Irish he had heard anywhere including the Kerry, West Cork, Ring and Donegal Gaeltacht areas’. Is dóigh gurbh é Stiofán Ó hEalaoire a bhí i gceist. Bhailíodh sé ábhar don Ard-Mhúsaem. Ó 1950 amach, bhí sé ina chisteoir ag ord na mBráithre Críostaí.

B’éigean dó éirí as an múinteoireacht ar deireadh agus bhí sé ina chónaí i dteach an oird i gCill Choca, Co. Chill Dara. Lean sé air leis an mbailiúchán ansin. D’éag sé i dTeach na mBráithre i mBaile Dúill ar 5 Lúnasa 1959. Luadh seisear deartháireacha a bheith ar a shochraid (Irish Independent 10 Lúnasa 1959).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú