Ó Chúige Chonnacht a tháinig muintir an scéalaí seo go Paróiste Múrach, de réir Scéalta agus Seanchas Phádraig Uí Ghrífín, 1995 in eagar ag Áine Máire Ní Fhaoláin, agus is ‘Sean-Phaidí an Chonnaigh’ a thugtaí ar a sheanathair i ngeall air sin. Mhair seisean go raibh sé an 112 bliain, más fíor; dhreap sé Cnoc Bréanainn agus é 84 bliana d’aois. Iascaire ba ea Pádraig agus féar dhá bhó aige. ‘Peats Mhaurice’ a thugtaí air. Bhí cónaí air i mBaile Reo, paróiste Chill Chuáin, Co. Chiarraí. Phós sé Cáit Ní Shíthigh ó na Grafaí. De réir dhaonáireamh 1901 bhí Pádraig 40 agus Cáit 34. Gaeilge amháin a bhí acusan agus ag Mary Moriarty (80), aintín Phádraig. Bhí cúigear leanaí sa teach agus bhí Gaeilge agus Béarla ag an mbeirt ba shine, Bridget (12) agus John (10). Gaeilge amháin a bhí ag Mary (6), Maurice (3) agus Michael. I nDaonáireamh 1911 55 bliain d’aois a bhí Pádraig agus 45 a bhí ag Cáit. Bhíodar pósta le 24 bliain; ochtar a rugadh dóibh a raibh seisear díobh beo agus ceathrar díobh sin sa teach - Mary (16), Maurice (13), Ellen (9) agus Lawrence (4). Sa teach le Pádraig agus Cáit agus a leanaí bhí a n-iníon Bridget, bean phósta a bhí 26 bliain d’aois, más fíor, a fear céile James Sullivan (32), iascaire a raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla aige, agus a mac Pat a bhí bliain d’aois. Gaeilge amháin a bhí ag Bridget.

Bhailigh beirt dá gharchlann, Caitlín agus Máirtín Ó Súilleabháin, scéalta ó Phádraig. Ní raibh ach timpeall 15 bliana ag Caitlín nuair a scríobh sí síos scéalta gur chuir iad i gcóipleabhair chuig an gCoimisiún Béaloideasa. Thóg Máirtín thart ar 35 scéal agus píosaí seanchais uaidh. Deir an t-eagarthóir: ‘Scríobh sé cuid mhór de na scéalta óna chuimhne, fiú tar éis bháis a sheanathar.’ Idir Samhain 1930 agus Samhain 1935 bhailigh Seán Ó Dubhdha suas le daichead scéal agus píosaí seanchais uaidh. Bhí ag teip ar an scéalaí, ní foláir, faoin am ar tháinig an bailitheoir cáiliúil sin; dar leis go raibh Pádraig ‘críonna, neamh-chruinn, neamh-spéisiúil’ agus na scéalta beaga á n-insint aige, agus dar leis go raibh na scéalta níos cruinne aige roimhe sin. I 1933 bhailigh buachaillí ón Daingean dhá scéal uaidh don Bhráthair Pádraig Ó Riain. D’éag Pádraig ar 13 Feabhra 1936 agus tá sé curtha i gCill Chuáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú