I nDúrlas Éile a rugadh é ar 14 Deireadh Fómhair 1893. Ba é an duine ba shine de cheathrar é. Joseph Ryan, aturnae (a dtugtaí (‘Turney’ Ryan air) a athair. I gCarraig na Siúire a rugadh é siúd agus baisteadh é ar 28 Aibreán 1857. Bhí sé ina aturnae i gCallainn agus i nDúrlas agus is díol spéise é toisc go raibh sé ar dhuine de sheachtar bunaitheoirí Chumann Lúthchleas Gael ar Lá Samhna 1884. Phós sé Mary Clare Hanly ón Aonach i Meitheamh 1892. Nuair a chuaigh sé ar imirce go Cranbrook, British Colombia, uair éigin i ndiaidh mhí an Mhárta 1899 d’aistrigh an chlann go dtí Baile Átha Cliath. Cé gur éirigh leis an athair bheith ina ina fhear gnó agus ina dhlíodóir nótáilte sa chathair sin thall dhealródh sé nach dtagadh an t-airgead go rialta uaidh agus dá chomhartha sin cuireadh Art ar scoil san Áras Brianach (O’Brien Institute) , dílleachtlann phríobháideach a bhí á reáchtáil ag na Bráithre Críostaí i Marino, Baile Átha Cliath, faoi choimirce Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. D’éag an t-athair i 1918. Is inspéise go raibh cáil na hamhránaíochta air, ag cuimhneamh dúinn ar a ghariníon Fionnuala Bean Mhic Lochlainn (Liam Ó Duibhir, Cluain Meala). Tá aiste ag Seán Ua Cearnaigh faoin scéal seo agus faoin mbunaitheoir eile J.K. Bracken agus a mhac Brendan in Comhar, Feabhra 1994. Tá alt ag Séamus Ó Riain in Our Games Annual 1992 dar teideal ‘In quest of Joseph O’Ryan.’ Tá eolas breise ar an athair agus roinnt eolais ar an teaghlach ag Alf Mac Lochlainn, cliamhain Airt, in Tipperary Historical Journal 2002 (‘From Tipperary to Joseph’s Prairie: the story of Joe Ryan, the seventh man in Hayes’ Hotel’).

Thosaigh Art ag obair sa Roinn Oideachais i 1913 agus faoi 1923 bhí sé ina rúnaí príobháideach ag an Aire Oideachais, Eoin Mac Néill. Bhí sé ag obair i gCoimisiún na Státseirbhíse ina dhiaidh sin. Ceapadh é ina Rúnaí ar an gCoimisiún i 1951 agus chuaigh sé amach ar pinsean i 1958. Phós sé Mairéad Nic Dhaibhéid as Tír Chonaill i 1925. Ba neacht í le Sibéal bean Pheadair Mhic Fhionnlaoich. I nGasra an Fháinne mar a raibh Art ina uachtarán agus Mairéad ina rúnaí a casadh ar a chéile iad. Rugadh ochtar clainne dóibh.

Théadh Art go Baile Bhuirne ar thóir na Gaeilge. Bhí dúil aige sa scríbhneoireacht agus i 1921 foilsíodh dán dá chuid in Studies (‘To a prison visitor’). An chéad rud dár scríobh sé i nGaeilge an cnuasach beag de ghearrscéalta faoin teideal An Tost a chuir sé isteach mar iarracht chun an Oireachtais i 1924. Bhuaigh siad an chéad duais. Chuir sé beagán eile leo agus foilsíodh mar leabhar iad i 1927 faoin teideal An Tost agus scéalta eile. I 1931 roinneadh duais An Ghúim ar úrscéal ar a Lucht ceoil (1932) agus ar Phádraic Mháire Bháin (1932) le Seán Ó Ruadháin. I 1945 foilsíodh leabhar eile leis Muilte Dé agus scéalta eile. Bhí sé ar an mbeagán scríbhneoirí a bhí ag iarraidh litríocht chathrach a chruthú sa Ghaeilge. Thugtaí faoi deara freisin go mbíodh sé ag iarraidh fealsúnacht an chreidimh Chaitlicigh a fhí isteach ina ghearrscéalta.

Faoin ainm cleite ‘Barra Ó Caochlaigh’ a scríobhadh é.

Fear ceoil agus crábhaidh ba ea é. Sheinneadh sé an t-orgán do Chuallacht Mhuire gan Smál in Eaglais Shráid Gardner agus bhí sé ina eagarthóir ar a n-iris Geamhar. Bhí baint mhór aige le F.Á.S. (Foilseachán Ábhar Spioradálta) ó thús. Bhí dúil aige sa phianó agus iníon dó an t-amhránaí aitheantúil Fionnuala Bean Mhic Lochlainn.

Bádh é go tubaisteach agus é ag snámh in aice le Dún Beag, Co. an Chláir, ar 5 Lúnasa 1968.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú