Duine de na cartlannaithe ba cháiliúla riamh in Éirinn, staraí, eagarthóir, athbheochanóir. Bhí cuntas iarbháis ag an Dr Éamonn Ó hÓgáin in Foinse 22 Deireadh Fómhair 2006 agus an teideal a bhí ag an Irish Times 28 Deireadh Fómhair ar a gcuntas ‘Archivist who effected first transfer of cabinet files to State care’. Foilsíodh cuntas air sa cholún ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 12 Deireadh Fómhair 1957).

In Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin, a rugadh é ar 29 Meitheamh 1920. Ba iad a thuismitheoirí Charles Woodman agus Annie Lang. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí, Coláiste Mhuire, Sráid naBeairice i gCeantar na bhFál, Béal Feirste, scoil a raibh Séamus Ó Néill agus Gearóid Ó Cuinneagáin ann tamall maith roimhe. Béarla, Gaeilge agus stair na hábhair a bhí aige i gcóir an BA (1942) i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge na hábhair a bhí aige dá chéim mháistir. Bhí sé ina Reachtaire ar an gCumann Éigse agus Seanchais sa Choláiste agus ina bhall den Chomhchaidreamh, gluaiseacht ar chaith sé tamall ina Leas-Uachtarán uirthi (1943-44) agus tamall ina rúnaí (Comhar, Feabhra 1946). ‘Le linn dó a bheith ar an Ollscoil sea a tháinig na buanna neamhchoitianta proifisiúnta a bhí ginte ann ar barra, buanna na scoláireachta agus an ghrinnis taighde, buanna an riaracháin thomhaiste agus an eagair. Chuir sé a chuid buanna ag obair chun leasa an léinn agus na heagarthóireachta i rith a shaoil, agus chun leasa na foilsitheoireachta agus na cartlannaíochta agus go buanseasmhach feidhmiúil chun leasa theanga agus shaoithiúlacht na Gaeilge’ (Ó hÓgáin). Idir 1943 agus 1985 scríobhadh sé ailt agus léirmheasanna go rialta in Comhar; ceann díobh ‘Taifid phoiblí, 1789-1972’, Samhain 1972.

Ó 1943 go ndeachaigh sé ar a phinsean bhí sé ag gabháil don chartlannaíocht. Luath go maith ina shaol oibre bhí sé i gceannas ar Oifig na Státpháipéar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus ar Oifig na dTaifead Poiblí sna Ceithre Cúirteanna. ‘Bhí sé sármhaith ar an leibhéal daonna chun cabhrú le taighdeoir chun cáipéis dhrochscríofa thréigthe a léamh, bíodh an taighdeoir ina ghlas-amaitéarach nó ina scoláire ardléinn; ba mhar a chéile iad ag Breandán. Deireadh sé gurbh óna chuid staidéir ar ábhar Sean-Ghaeilge i lámhscríbhinní a d’éirigh leis an oilteacht sin a bhaint amach’ (Ó hÓgáin). Cárbh ionadh gur gheall le buanbhall de Choimisiún na Lámhscríbhinní é? Liostaíonn Ó hÓgáin saothar leis a luaitear mar chomhartha ar a scoláireacht:Intelligence notes 1913-16: preserved in the State Paper Office, 1966; Transportation. Ireland-Australia 1798-1848. State papers presented by Breandán Mac Giolla Choille, Keeper of State Papers; ‘Fenian Documents in the State Paper Office’ (Irish Historical Studies); ‘Mourning the Martyrs: a Study of the demonstration in Limerick 8.12.1867’ (North Munster Antiquarian Journal); Books of Survey and Distribution, Iml. III. County of Galway.

D’éirigh leis: a áitiú ar ranna rialtais a gcuid comhad a chur ar coimeád in Oifig na Státpháipéar; cur go suntasach leis an bhfoireann; cead a fháil don phobal a chéaduair féachaint ar pháipéir áirithe stáit agus nótaí a scríobh fúthu. ‘Is dócha gurbh í an oidhreacht is mó a d’fhág sé ina dhiaidh gur éirigh leis a áitiú ar an Rialtas bun ceart institiúideach a chur faoi chúram na gcaipéisí Stáit agus an Chartlann Náisiúnta a bhunú atá ina foras ceart ar aon dul lena leithéidí i dtíortha eile’ (Ó hÓgáin). ‘A persistent advocate of up-to-date legislation for the conservation and accessibility to the State’s archives records, he had a major hand in the drafting of the National Archives Act of 1986, which, among many other provisions, led to the amalgamation of the Public Record Office and the State Paper Office to form the National Archives’ (Irish Times).

Tar éis dó dul ar pinsean chaith sé tamall ag obair i nDún Mhuire, teach léinn agus taighde na bhFroinsiasach i gCill Iníon Léinín, mar a raibh páipéir an Ghinearáil Seán Mac Eoin (1893-1973) agus páipéir Éamon de Valera á gclárú aige. Sa réamhrá le Dún Muire, Killiney, 1945-95, 1995 deir an t-eagarthóir Benignus Millett OFM: ‘Here we recall with gratitude the excellent work of Breandán Mac Giolla Choille, who sorted and catalogued all the Mac Eoin papers and a substantial part of the de Valera papers, so that they could be consulted by historians. The Franciscan Order has complete confidence in the expertise of Mr Mac Giolla Choille. The cataloguing of the de Valera papers was discontinued for one reason only, lack of funds.’

Fear cráifeach ba ea é. Bhí sé ina bhall de Chuallacht Mhuire gan Smál agus chuireadh eagar ar a n-iris Geamhar. ‘Ón iris sin a tháinig an comhlacht FÁS [Foilseacháin Ábhair Spioradálta] chun cinn agus ba é Breandán agus Art Ó Riain agus Micheál Ó Conchubhair a chuir bonn daingean faoin gcomhlacht nua ...’ (Ó hÓgáin). In ‘An Mhuintir s’againne’ dúirt sé gurbh í an eagarthóireacht a rogha caithimh aimsire agus go raibh eagar curtha aige ar shraith de théacsleabhair mheánscoile. I measc na leabhar ar chuir sé eagar orthu bhí Stair na hEorpa, 1955-58, dhá imleabhar, leis an Ollamh John A. Murphy agus Gaelscrínte san Eoraip, 1986 le Tomás Ó Fiaich. Bhí sé ina bhall de Bhord na Leabhar Gaeilge. Bhí Fraincis, Gearmáinis agus Iodáilis aige agus chomh deireanach le 2005 bhí Gàidhlic á foghlaim aige i mBarra.

Bhí cónaí ar feadh i bhfad air i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, agus bhí díograiseach san iarracht a bhí ar siúl ann chun an ceantar a Ghaelú a oiread is a b’fhéidir. Bhí sé pósta ar Bheití Ní Dhonnchú agus thóg siad a mbeirt mhac agus a dtriúr iníonacha le Gaeilge. D’éag sé i stát New Jersey, áit a raibh sé ag staidéar ar stair a mhuintire sna Stáit, 14 Deireadh Fómhair 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú