Chaith an t-oide scoile seo beagnach dhá scór bliain, ó 1904 go 1942, ag obair i gceantar Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí. I gCúil an Mhothair i bparóiste Bhaile Bhuirne a rugadh é ar 25 Meán Fómhair 1877. Bhí gaol aige, b’fhéidir, le Tadhg Ó Buachalla.‘Rugadh mo sheanathair i gCúil a’ Mhothair. Seán Ó Buachalla ab ainm dó...’ (Seanchas an táilliúra, 1978). Luann Pádraig Ó Loingsigh seanathair Dhonncha, Seán Ó Buachalla eile, agus é ag cur síos in Agus, Eanáir 1973, ar an gcosc a bhí ag an gcléir ar leabhair Ghaeilge. I leabhar nótaí le Donnchadh an Chéama Ó Loingsigh chonaic sé tagairt do Sheán bheith ag léamh Céitinn. ‘Thug sagart na paróiste fúthu ón altóir agus ina racht bhaist sé “Buachalán na hEasrach” ar an mBuachallach. Bhain an pobal agus an Buachallach chomh maith le cách an-ghreann as an imeartas focal’.

Ba í Nóra Ní Mhuirithe máthair Dhonncha agus ba é Pádraig Ó Buachalla, feirmeoir, a athair. Cailleadh Pádraig go hóg agus d’fhág cúigear buachaillí agus beirt chailíní ina dhiaidh. Chuir na Colthursts an bhaintreach as seilbh. I Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, tá téip d’fhianaise Chonchubhair Uí Bhuachalla (76 bliana d’aois ar 10 Iúil 1958) ar an eachtra sin.

Fuair Donncha gradam múinteora tuairim 1900. Bhí sé ag múineadh i gCill Mhic Bhúith, Co. Chill Chainnigh, i 1900–02. Thug Tomás Ó Concheanainn cuairt air ar 5 Feabhra 1901. ‘Mr Buckley, who is from Ballyvourney has been here only two months. He has 30 Irish pupils in 5th and 6th classes, and thinks of teaching the 4th class too. He finds no difficulty in interesting his pupils; they go at their Irish lessons with more gusto than at any other’ (An Claidheamh Soluis 20 Aibreán 1901). Ina dhiaidh sin bhí sé i nDún na Sciath i bparóiste Chnoc an Bhile, Co. Thiobraid Árann. Ní foláir nó gur mar chainteoir dúchais Gaeilge a d’fhostaigh an tAthair Mathúin Ó Riain ansiúd é. Ceapadh é i Scoil Chúil Aodha i 1904 mar chomharba ar Dhonnchadh an Chéama Ó Loingsigh agus chaith fiche bliain ann. I léacht a thug sé do Chumann na Scríbhneoirí um Shamhain 1949 dúirt sé: ‘Ní raibh aon Ghaeilge á múineadh ag aon mhúinteoir i bparóiste Bhaile Mhúirne go dtí gur thosnaíos-sa. Ní easba Gaeilge a bhí ar na múinteoirí ach eagla—eagla roimh chigirí, roimh bhainisteoirí, agus go mór mór roimh aithreacha agus máithreacha’. Thug sé cuntas sa léacht sin ar an easnamh leabhar a bhí orthu ar dtús go dtí gur foilsíodh Séadna agus mar a thosaigh siad á léiriú ina dhráma. Tagraíonn Domhnall Bán Ó Céileachair in Sgéal mo bheatha, 1940 don scoil oíche a bhí ag Donncha i gCúil Aodha ó Shamhain go Bealtaine. Domhnall a bhí mar Shéadna acu sa dráma.

Tugadh cead dó an clár dátheangach a chur ar siúl sa scoil (An Claidheamh Soluis 2 Feabhra 1907). Phós sé Ellen Crowley (rugadh 1884) ó Nead an Fhia, Dún Mánmhaí, múinteoir scoile, tuairim 1914. Bhí triúr buachaillí agus beirt chailíní acu. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i rith na haimsire sin. ‘Donncha Ó Buachalla was a well-known figure at Irish gatherings in Cork and Kerry in the early days of the Revival’ (Peadar Ó hAnnracháin in Réalt an Deiscirt 1 Meitheamh 1957). Bhí sé ar an dream de dhaoine aitheanta a bhí ag lorg cruinniú speisialta den Ard-Fheis i 1908 chun go bpléifí an riail nua faoi na táillí a íocfaí le múinteoirí as Gaeilge a mhúineadh. Bhuaigh sé an chéad duais agus Corn Mhichíl Bhreathnaigh ag Oireachtas 1914 sa chomórtas ‘An Modh múinteoireachta’. Bhí 36 iomaitheoir istigh ar an gcomórtas sin. Chuir Ó hAnnracháin aithne air i gCúil Aodha agus dúirt faoi in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Donnchadh Ó Buachalla a bhí ina phríomhoide ann an tráth san—fear óg grámhar, lán de ghreann agus é ina mhúinteoir cliste. Bhí na leanaí chomh ceanúil sin air go bhfoghlaimeoidís aon rud uaidh. . . Seoladh Donnchadh Ó Buachalla soir go Scoil Bhaile Bhuirne ó shin agus ní raibh sé rófhada ag cur athraithe ar an scéal ansúd’.

Is i 1924 a d’aistrigh sé go Baile Bhuirne agus bhí ann go ndeachaigh ar pinsean i 1944. Bhí spéis neamhchoitianta aige sa Ghaeilge. Deirtear go ndéanadh sé ceartúchán ar aon leabhar suimiúil a bhí ina sheilbh. Chuir sé foclóir mór dá chanúint féin le chéile; níor foilsíodh é agus tá an lámhscríbhinn san Acadamh Ríoga agus leas á bhaint as ag foireann fhoclóir stairiúil na Nua-Ghaeilge.

Bhí sé ar dhuine de na faisnéiseoirí a bhí ag Micheál Ó Briain, fear a rinne bailiúcháin focal i Múscraí. Thug seisean don Duinníneach é. By an nod atá ag Ó Duinnín leis ach ní luann sé Ó Buachalla sa réamhrá. Chuir Brian Ó Cuív bailiúchán Uí Bhriain in eagar (Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne) agus luann seisean Ó Buachalla mar fhaisnéisneoir. Duine dá dhaltaí scoile ba ea Seán Ó Cróinín. ‘B’é Donnchadh Ó Buachalla an tArd-Mháistir a bhí ar scoil Bhaile Mhúirne le linn do Sheán bheith ag dul chúithe agus d’fhéadfa a rá go raibh Gaoluinn spártha aige siúd—rud a chuir sé in iúil don phoiblíocht i ndeireadh a shaoil faid a bhí sé páirteach sa tsraith cláracha úd ar Radio Éireann—“Conas a déarfá?”’ (Donncha Ó Cróinín in Béaloideas 32, 1964). I measc na ndaoine a ndeachaigh sé i gcion orthu bhí Art Ó Riain, a d’fhanadh ar lóistín leis, agus Diarmuid Ó Laoghaire arbh é Donncha is mó a thug spreagadh dó.

Cailleadh a bhean Eibhlín ar 21 Eanáir 1944 tar éis di daichead bliain a chaitheamh ina múinteoir scoile i bparóiste Bhaile Bhuirne. D’aistrigh Donncha go Baile Átha Cliath agus chaith tamall ar fhoireann an Fhoclóra Béarla-Gaeilge timpeall 1946-47. D’éag sé ar 11 Bealtaine 1957 agus tá sé féin agus a bhean curtha i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne.

Mac le Donncha ba ea Seán Ó Buachalla, státseirbhíseach, an chéad eagarthóir a bhí ag Comhar. Bhí sé ar scoil i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí. Phós sé Máire Ní Ghlasáin, iníon le Pádraig Ó Glasáin, an t-éadaitheoir Gaelach i Sráid Uí Chonaill. Bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu. D’éag sé in Oispidéal Naomh Uinseann ar 11 Feabhra 1972. Bhí cónaí air ag 48 Bóthar an Bhíoma Bháin. Mac eile an Dónall Ó Buachalla, luachálaí, a dhear an clúdach a bhí ag Comhar sna blianta tosaigh. Deartháir do Dhonncha ba ea Pádraig Ó Buachalla a d’aistrigh Eachtra Phinocchio, 1933, An Baile (La Maison le Henri Bordeaux), c.1936, Idir Croí is Anam (De Toute son Ame le René Bazin), agus Grádh na hÓige, 1948 (El sí de las ninas le Leandro Fernández de Moratín). D’imigh a dheartháir Dónall go San Francisco agus maraíodh é sa chrith talún i 1906. Lean Pádraig é tuairim 1905 agus chaith fiche bliain ann agus d’fhoghlaim Iodáilis, Spáinnis agus Fraincis ann. D’fhill sé ar Éirinn tuairim 1925. Bhí sé in aontíos le Donncha, ansin ina chónaí le Dónall i mBaile Átha Cliath sular fhill sé abhaile chun cónaithe le muintir a aint Máire, muintir Loingsigh sna hUlláin. D’éag sé ann i 1954. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan ach níl a ainm ar an leac uaighe. Níor phós sé. Bhíodh a nia Dónall sa láthair nuair a bhí na haistriúcháin á ndéanamh agus dheimhnigh sé gurbh as na bunteangacha a tharraing Pádraig iad.

Cuireadh amach cló eile de Eachtra Phinocchio faoin teideal Pinocchio in 2001. Eagrán teoranta de 500 cóip ba ea é. The Goldsmith Press a d’fhoilsigh agus chuir nia Phádraig, Dónal Ó Buachalla, réamhrá leis. Deir seisean: ‘D’imigh triúr dá dheartháireacha go San Francisco. Lean Pádraig iad tuairim 1905. Maraíodh duine díobh, Mícheál, i gcrith talún 1906.’ Ba iad Seán Ua Súilleabháin agus Dáibhí Ó Cróinín a chóirigh eagrán 2003 agus deir siad go bhfuil sé leasaithe do réir na gceartúchán a rinne Pádraig Ó Buachalla féin ar a chóip féin den leabhar. Deir siad freisin: ‘D’oir do sna heagarthóirí litriú stairiúil eagrán 1933 a thabhairt chun dáta gan cur isteach ar Ghaelainn Phádraig Uí Bhuachalla.... Ba mhór an chabhair, nuair a bhuaileadh amhras na heagarthóirí, foclóir Dhonncha Uí Bhuachalla'.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú