In Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach, a rugadh é (George Irvine) 1 Lúnasa 1877. Bhí cónaí ar a thuismitheoirí, John Irvine, díoltóir leabhar, agus Jane Boyle, ag East Bridge Street sa bhaile mór sin. Uncail dá shin-seanathair a bhí ina chathaoirleach ar Chomhdháil Dhún Geanainn i 1782. Dháréag as Fear Manach a ghlac páirt in Éirí Amach 1916 agus ba dhuine den triúr Protastúnach ina measc Seoirse. Bhí sé ag freastal ar dtús ar Mhodhscoil an bhaile agus ansin ar Portora (Scoil RíogaInis Ceithleann mar a raibh Oscar Wilde roimhe agus Samuel Beckett ina dhiaidh). Chláraigh sé mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i dtús an chéid ach bhí sé féin agus Séamas Deakin ina mbaill de Chraobh Dhroim Conrach in Eanáir 1902 (liosta Chiste na Teanga in An Claidheamh Soluis 11 Eanáir 1902). Bhí sé ar dhuine de na cairde ba mhó a chuaigh i gcion ar Earnán de Blaghd. In Trasna na Bóinne, 1957 tá cuntas aigesean ar an gcaoi a raibh an bheirt acu ag bailiú airgid ar son an Chonartha sna slumthithe timpeall ar Shráid Maoilbhríde agus Sráid Pharnell. Shíl sé go raibh na tagairtí a dhéanadh Seoirse do na sagairt ró-urramach agus rinne amach gurbh fhéidir nár Chaitliceach é ! ‘Gidh gurbh fhear beag é, go raibh an-dealramh Giúdaigh ar a aghaidh, níor rith sé liom go bhféadfadh sé bheith ina Ghiúdach. Agus sinn ag dul thar an bhFor-Ardeaglais don tarna uair d’fhaireas go géar air—chomh géar agus is gá, deirtear, faire ar an leipreachán—gan m’amharc a bhaint de ar feadh fiú an míliú cuid de shoiceand. Níor thóg sé a hata !!! . . . . Bhíos cinnte ansin gur Phrotastúnach a bhí ann’. Ba é a rinne Sinn Féiní den Bhlaghdach.

I 1911 bhí cónaí air ag 6 Cearnóg Mount Pleasant, Raghnallach. I nGaeilge a líonadh foirm an Daonáirimh. Sa teach bhí Liam Seán Ó hEireamhóin (37), oide scoile agus fear singil; a dheartháir Seoirse (33), oide scoile agus fear singil; a mháthair Sinéad (74), baintreach Sheáin Uí Eireamhóin; a dheirfiúr Sibéal (41); a dheirfiúr Máire (40). I gContae Fhear Manach a rugadh iad go léir. Cuireadh síos go raibh Gaeilge ag na fir agus ag Máire. Níor luadh aon slí bheatha a bheith ag na deirfiúracha.

I 1907, i bpáirt le de Blaghd, Séamas Deakin agus Seán O’Casey, bhí sé ag iarraidh go gcuirfeadh Eaglais na hÉireann seirbhísí eaglasta ar fáil trí Ghaeilge. Bhí an ceathrar acu ina mbaill de Bhráithreachas na Poblachta. Toghadh Seoirse ina bhall de Choiste an Oireachtais thar ceann Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath i 1911. Nuair a bunaíodh na hÓglaigh chuaigh sé isteach iontu agus bhí ina chaptaen ar Chomplacht ‘D’ de Cheathrú Cathlán Bhriogáid Bhaile Átha Cliath. San Éirí Amach is faoi Éamonn Ceannt sa South Dublin Union a bhí sé ag troid. Tugadh faoiseamh ón mbreith báis dó agus cuireadh go príosún Lewes é. Nuair a scaoileadh saor é ceapadh é ina Leas-Cheannfort sa Chéad Chathlán agus mar Stiúrthóir Seirbhísí acu; ‘The Grey Ghost’ an t-ainm ceana a bhí ag na baill air (Fermanagh Herald 10 Iúil 1954). In Irish Times 1 Iúil 1954 dúradh go raibh sé ina Phríomhthimire ag Bráithreachas na Poblachta i ndiaidh Lewes. Bhí sé orthu sin a shínigh dileagra chuig Uachtarán agus Parlaimint Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Cheannfoirt na hÉireann ar 18 Meitheamh 1917. Nuair a chuaigh sé go hInis Ceithleann tamall gairid ina dhiaidh sin iompraíodh trí shráideanna an bhaile é (The Fermanagh Story, 1969 le Peadar Livingstone). Sheas sé in eaglais Eaglais na hÉireann ann agus dhiúltaigh amhrán náisiúnta na Breataine a rá. In olltoghchán 1918 bhíothas ag caint ar é a chur suas mar iarrthóir ag Sinn Féin i bhFear Manach ach measadh go mbeadh na hIbeirnigh rómhór ina aghaidh (Gaeil á múscailt, 1973 le Earnán de Blaghd). Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus chaith tamall de 1922 i ngéibheann.

Bhí sé i láthair ag an réamhthionól ar 22 Eanáir 1914 chun bunú Chumann Gaelach na hEaglaise a phlé (An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann, 1990 le Risteárd Giltrap) agus bhí ina bhall den choiste ina dhiaidh sin. Ag cruinniú cinnbhliana 1918 mhol sé go foirmiúil go gcuirfí ar ceal rún ar glacadh leis cúpla bliain roimhe sin ag cáineadh Éirí Amach 1916 agus ag dearbhú dílseachta don choróin. Tharla scoilt sa Chumann nuair a ritheadh an rún sin. Comhthoghadh Seoirse ina bhall den choiste feidhmitheach, rud a tharraing drochamhras údaráis na heaglaise ar an eagraíocht.

I 1939 bhí sé ina chomhrúnaí ag coiste a bhí ag éileamh go saorfaí Proinsias Ó Riain a bhí i bpríosún sa Spáinn. Ag múineadh Gaeilge i Scoil Tráchtála Choiste an Ghairmoideachais i gCearnóg Pharnell a bhí sé gur shroich sé aois an phinsin i 1942. Dúradh in Scéala Éireann 1 Iúil 1954 go raibh spéis aige ar feadh a shaoil i leas ainmhithe agus in obair Chumann Cosanta na nAinmhithe. Ag am a bháis, 30 Meitheamh 1954, bhí cónaí air ag 88 An Cuarbhóthar Theas. Tá sé curtha i reilig Chnoc Ieróm. Dúradh in Fermanagh Herald 10 Iúil 1954 gurbh é an duine deiridh dá theaghlach é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú