Ag ‘Mount Auburn’, Bóthar Richmond, Baile Átha Cliath, a rugadh é (James Aubrey) 19 Meitheamh 1874. B’as Birmingham dá athair James, taistealaí tráchtála, agus b’fhéidir gurbh as Droichead na Banna dá mháthair, Mary Anne Fate. Bhí a athair i ‘Mount Auburn’ go fóill i 1901 agus 1911 agus bhí na tuairiscí seo ar an teaghlach sna daonáirimh: 1901: James Deakin (61), taistealaí a rugadh i Sasana; a bhean Mary Anne a rugadh i gContae an Dúin; a bheirt mhac Howard agus Percy; a chúigear iníonacha; deartháir a chéile John Fate, státseirbhíseach in Ardoifig an Phoist. 1911: James Deakin (71), baintreach, gníomhaire ar scor; mac amháin, beirt iníonacha agus deartháir a chéile.

Phós sé Catherine Robertson MacLachlan ó Dhún Éideann 18 Meán Fómhair 1899 agus is i ngarbhchríocha na hAlban a chaith siad mí na meala. Poitigéir ba ea é faoin am seo agus bhí sé i gceannas ar shiopa Hoyt i Sráid Uí Chonaill. D’oscail sé siopa dá chuid féin i mBaile Phib i 1909 agus taispeánann Daonáireamh 1911 go raibh cónaí air ag 37 Ardán Thuamhan sa Chuarbhóthar Thuaidh, go raibh Gaeilge aige agus gur rugadh triúr leanaí don lánúin agus gur mhair siad. Níor saolaíodh aon leanbh eile dó ina dhiaidh sin. Bhí cúntóir poitigéara sa teach agus bhí Gaeilge aici. Chuaigh sé i bpáirtíocht lena dheartháir i 1925. D’fhág sé Baile Átha Cliath i 1946 agus chuaigh chun cónaithe i nDrom Collachair. D’éag sé ann 10 Nollaig 1952 agus is ann a cuireadh é.

Dhéanadh sé freastal ar rang Shinéad de Valera san Ard-Chraobh de Chonradh na Gaeilge. Faoi 1901 bhí sé ina bhall de Chraobh Dhroim Conrach (liosta Chiste na Teanga inAn Claidheamh Soluis 11 Eanáir 1902). Bhí sé ina bhall cheana féin de Bhráithreachas na Poblachta agus, ó ba é an Protastúnach Gaelach ba thúisce a casadh ar Sheán O’Casey é, b’fhéidir gurbh é a thug Seán isteach sa Bhráithreachas. Tuairim 1907 freisin bhí sé ina bhall de choiste dháréag a bhí ag iarraidh soiscéal an Ghaelachais a leathnú i measc Phrotastúnaigh na príomhchathrach. Tá scéal na hiarrachta sin inste ag Risteárd Giltrap in An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann, 1990. I gceann tamaill ní raibh fágtha den dáréag ach Séamas, Seoirse Ó hEireamhóin, an Cathasach agus Earnán de Blaghd. Thar ceann Bhráithreachas na Poblachta bhí sé ina bhall den choiste a sheol cuirí amach chun an chruinnithe sa Rotunda 25 Samhain 1913 ag ar bunaíodh na hÓglaigh go poiblí. Bhí sé ina uachtarán ar an mBráithreachas díreach roimh an gCéad Chogadh Mór. Ní bhíonn aon trácht air ina dhiaidh sin i gcúrsaí na Gaeilge ná go deimhin i gcúrsaí an Bhráithreachais. Shíl a iníon Katherine Eileen, i gcomhrá le húdair an chuntais seo ar 27 Aibreán 1996, gur de bharr go raibh an Conradh éirithe an-pholaitiúil a d’éirigh sé as ballraíocht tuairim 1914. Ní sásúil an míniú é sin, ag cuimhneamh dúinn gurbh é an Bráithreachas ba mhó faoi deara an pholaitíocht sin. Ní léir ach an oiread cén fáth ar fhág sé an Bráithreachas. Bhí an tuairisc seo air in Irish Chemist and Druggist, Feabhra 1953: ‘Mr Deakin,who qualified in 1896, was one of the oldest licentiates on the register of the Pharmaceutical Society of Ireland. Prior to his return to Limerick where one of his daughters, also a chemist, carried on a business, the late Mr Deakin was for many years in business in Capel St, Dublin. Here he carried on a considerable pharmaceutical business under the name of Hanson, Deakin & Co’. B’fhéidir gurbh in í an ghearrthóg a cuireadh chuig Seán O’Casey agus a bhfuil tagairt di ina chuid litreacha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú