In éineacht le Proinsias Mac an Bheatha, Ciarán Ó Nualláin, Pádraig Ó hUiginn (1924-), a bheadh ina Rúnaí ar Roinn an Taoisigh, agus Séamus Ó Cathasaigh, bhí sé ar dhuine den scata beag ar bhain tábhacht leo i bhfíorthosach ghluaiseacht Ghlúin na Buaidhe agus ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin. Tarlach Ó hUid a scríobh an cuntas iarbháis in Inniu 22 Bealtaine 1970 agus tá cuntais freisin in Cork Examiner 18 Bealtaine 1970, in Irish Independent 18 Bealtaine 1970, agus in Agus, Meitheamh 1970; gheofar tagairtí dó i scríbhinní Mhic an Bheatha, in I dTreo na Gréine, 1987, agus in Téid Focal le Gaoith, 1967 go háirithe. Deir Ó hUid agus é ag tagairt don fhaillí a dhéantar i ndaoine a rinne gaisce ar son na teanga: ‘Duine den ollslua dearmadta sin ab ea Pádraig Ó Drisceoil .... Dá mbeifeá ag spaisteoireacht trí Bhaile Átha Cliath beagnach oíche ar bith sna daichidí, sé is dóichí go bhfeicfeá cruinniú sráide ar siúl faoi scáth Ghlúin na Buaidhe agus chomh dócha lena athrach is fear beag rua, a shúile ag spréacharnach trí ghloiní a spéaclaí, a bheadh ag óráidíocht ón ardán, go dúthrachtach dáiríre, as Gaeilge nó as Béarla, faoi thábhacht na teanga, faoi fhorbairt acmhainn an náisiúin, faoin dualgas atá ar gach duine againn fónamh d’Éirinn chun go bhfíorófar aisling laochra na Cásca. B’é sin Pádraig Ó Drisceoil ...’. Thabharfá leat ó Mhac an Bheatha gurbh é smaointeoir na gluaiseachta é.

I nDúglas in aice le cathair Chorcaí a rugadh é agus ba dhuine é de dheichniúr, cúigear buachaillí agus cúigear cailíní. Deir Mac a Bheatha gur de thógáil theaghlaigh Ghaelaigh é. Gabha dubh a athair Liam agus ba í Áine de Barra, iníon feirmeora ó Charraig Uí Laigin, Co. Chorcaí, a mháthair. Deirtear gur ag tagairt do Liam a bhí Traolach Mac Suibhne nuair a thagair sé don ghabha a bheith ag múineadh Gaeilge don sagart; is amhlaidh a bhíodh Liam mar mhúinteoir Gaeilge ag na Caipisínigh i mainistir Bhaile an Róistigh. Bhí siopa beag ag Áine i nDúglas agus an t-ainm ‘Fingerpost’ air. Tár éis bunoideachais i Scoil Naomh Columba, mar a raibh a uncail Dáithí Ó Drisceoil ina phríomhoide i scoil na mbuachaillí, bhí Pádraig ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh. Fuair sé post státseirbhíse sa Roinn Poist agus Telegrafa; deirtear san Irish Independent gur chaith sé tréimhse freisin sa Roinn Cosanta agus is dóigh gur tagairt é sin don tréimhse de 1943-44 a chaith sé ag obair i mBeairic Uí Choileáin i gCorcaigh.

Bhí Pádraig ina bhall gníomhach de Chraobh na hAiséirí roimh dheireadh 1941 agus ar dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe i 1942; i 1943 ba iad Mac an Bheatha, Monica Ní Mhurchú (a phósfadh Mac an Bheatha an bhliain dár gcionn) agus Pádraig Ó Drisceoil baill na hArdChomhairle agus chaith sé suas a phost státseirbhíse i 1944 chun an eagraíocht sin a fhorbairt, ó thaobh na hóg-ghluaiseachta go háirithe. Ba é ba mhó a bhrúigh tábhacht na hóige chun cinn sa ghluaiseacht nua. Scríobh sé ceann dá bpaimfléid, Youth Marches, 1943 agus bhí i gceannas ar Óige na Buaidhe. Pointe láidir eile creidimh aige ba ea seirbhís náisiúnta a dhéanamh, is é sin gurbh é gnó na gluaiseachta tacú le gach gné den saol náisiúnta. Toghadh é ina bhall de Bhord Oifigeach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1947. Nuair a cheannaigh Glúin na Buaidhe clólann Mhaigh Eo i bhFeabhra 1948 ba é Pádraig a cuireadh siar go Cathair na Mart chun cúram a dhéanamh den ghnó; ba é a chéadmhol, i 1946, go gceannódh Glúin na Buaidhe an chlólann sin. Tosaíodh ar Inniu a chlóbhualadh ann um Nollaig 1948. Bhí Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain á chlóbhualadh ann do Sháirséal agus Dill idir 15 Lúnasa agus Nollaig 1949; ba é an chéad leabhar é dár chuir Foilseacháin Náisiúnta Tta i gcló. Bhí sé ar ais in Inniu sa phríomhchathair tuairim 1959. Ag pointe éigin, i 1963, b’fhéidir, d’éirigh sé as an bpost tar éis easaontais éigin; ‘cúiseanna pearsanta’ atá luaite in Inniu agus Agus.

Ar feadh tamaill de bhlianta bhí sé ina eagarthóir ar Gaelic Weekly; leis na cluichí Gaelacha a bhain an páipéar sin go príomha ach i 1964 sholáthraíodh Máirtín Ó Cadhain ailt. In eagarfhocal de 18 Eanáir 1964 (‘Language Report’) dúradh: ‘A language which had receded as much as Irish requires exceptional measures to reinstate it as the normal spoken language of the people. The aim should not be to have people know less English, but, eventually, to have all Irish people competent to speak Irish and to provide them with opportunities of speaking it in their daily lives.’ Ar 7 Márta 1964 chuir siad i gcló an chéad alt ón gCadhnach in aghaidh Thuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge: ‘This is the first of two trenchant articles by Mr Máirtín Ó Cadhain, the noted Irish writer who is perhaps the most controversial figure in the language movement. In these articles he criticises the Language Commission for producing nothing new, but declares the Report must be made a point of departure for political action. In next week’s article he deals with the new public affairs organisation, An Comhar Poiblí, and gives his views on the type of action most likely to produce results from political parties’. Is ar 21 Márta a bhí an dara halt ann agus ní raibh an tríú halt i gcló go dtí 26 Meitheamh; san alt deiridh sin is ag déileáil le feachtas síniúcháin an Choiste Feidhmiúcháin (‘Let the Language Live’) atá an Cadhnach. Ag tosú ar 24 Deireadh Fómhair 1964 bhí ceithre halt eile leis an gCadhnach i gcló faoin teideal ‘Should the language live’, a bhí bunaithe ar léacht a thug sé ag cruinniú de Thuairim in Óstán Shelbourne 25 Meán Fómhair 1964.

Tháinig deireadh le Gaelic Weekly 30 Márta 1968 agus dar le Irish Independent úd 18 Bealtaine 1970 go raibh Pádraig ina fho-eagarthóir acusan le bliain go leith anuas. Dhealródh sé, mar sin, go raibh sé gan phost ar feadh tamaill de 1968. Bhí dúil aige sna rásanna con agus ba mhinic a théadh sé go Shelbourne Park. Iománaí agus galfaire maith é. D’éag sé 16 Bealtaine 1970. Ag 7 Bóthar Uíbh Laoghaire, Baile Átha Cliath 9, a bhí cónaí air ag an am. Tá sé curtha i reilig Mhichíl i nDúglas.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú