I gCléire a saolaíodh é 24 Eanáir 1911 agus ann a tógadh é. Iascaire agus feirmeoir a athair Séamas (d’éag 1919) agus ba í Máire Ní Shíocháin a mháthair (d’éag 1974). Bhí ceathrar deartháireacha aige agus beirt deirfiúracha. Duine dá dheartháireacha ba ea Donnchadh Shéamuis (d’éag 16 Meán Fómhair 1984), fear a chaith a shaol go léir san oileán, údar Aistí ó Chléire, 1987 (An Clóchomhar). Tar éis bunscolaíochta d’fhreastail sé ar Choláiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin i mBaile Átha Cliath, agus cháiligh mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé tamall ag múineadh i lár na tíre ar dtús agus chaith an tréimhse 1932-41 mar oide i gColáiste na Rinne. Bhí sé ar an gcéad chúrsa don Teastas Timire Gaeilge i 1941. Fuair sé post i gCeardscoil Dhún Garbhán. Bhí sé féin ina ollamh ar an gcéad chúrsa eile TTG i 1943-4 agus ar gach cúrsa go 1980. Phós sé Seosaimhín Nic Mhaghnais 19 Meán Fómhair 1944 agus bhí ceathrar mac agus ceathrar iníonacha acu.

I 1949 d’aistrigh sé ó Dhún Garbhán go Corcaigh mar chúntóir do Mhicheál Ó Cuill, Timire Gaeilge an Chontae. Ba é Diarmuid an Timire Gaeilge deireanach sa chontae mar cuireadh deireadh leis an bpost nuair a d’éirigh sé as. Chraoladh sé nuachtchainteanna agus ábhar eile ar Radio Éireann sna 1960idí. Sna blianta deireanacha dá shaol bhí post aige sa Teanglann i Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh. Bhí sé fostaithe mar mhúinteoir ag Gaeleagras. Cailleadh é 30 Bealtaine 1981. Tá alt moltach in Feasta Iúil 1981 ag ‘An Gabha Gaelach’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú