Ó DRISCEOIL, Diarmuid (1911-1981) Diarmuid Ó DRISCEOIL 1911 1981 Oileán Chléire, Co. Chorcaí M Coláiste Chaoimhín, Droim Conrach, Baile Átha Cliath Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath craoltóir timire ollamh múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I gCléire a saolaíodh é 24 Eanáir 1911 agus ann a tógadh é. Iascaire agus feirmeoir a athair Séamas (d’éag 1919) agus ba í Máire Ní Shíocháin a mháthair (d’éag 1974). Bhí ceathrar deartháireacha aige agus beirt deirfiúracha. Duine dá dheartháireacha ba ea Donnchadh Shéamuis (d’éag 16 Meán Fómhair 1984), fear a chaith a shaol go léir san oileán, údar Aistí ó Chléire, 1987 (An Clóchomhar). Tar éis bunscolaíochta d’fhreastail sé ar Choláiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin i mBaile Átha Cliath, agus cháiligh mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé tamall ag múineadh i lár na tíre ar dtús agus chaith an tréimhse 1932-41 mar oide i gColáiste na Rinne. Bhí sé ar an gcéad chúrsa don Teastas Timire Gaeilge i 1941. Fuair sé post i gCeardscoil Dhún Garbhán. Bhí sé féin ina ollamh ar an gcéad chúrsa eile TTG i 1943-4 agus ar gach cúrsa go 1980. Phós sé Seosaimhín Nic Mhaghnais 19 Meán Fómhair 1944 agus bhí ceathrar mac agus ceathrar iníonacha acu.

I 1949 d’aistrigh sé ó Dhún Garbhán go Corcaigh mar chúntóir do Mhicheál Ó Cuill[B2], Timire Gaeilge an Chontae. Ba é Diarmuid an Timire Gaeilge deireanach sa chontae mar cuireadh deireadh leis an bpost nuair a d’éirigh sé as. Chraoladh sé nuachtchainteanna agus ábhar eile ar Radio Éireann sna 1960idí. Sna blianta deireanacha dá shaol bhí post aige sa Teanglann i Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh. Bhí sé fostaithe mar mhúinteoir ag Gaeleagras. Cailleadh é 30 Bealtaine 1981. Tá alt moltach in Feasta Iúil 1981 ag ‘An Gabha Gaelach’.