Ó DRISCEOIL, Donnchadh (1912–1984)

Tá cuntas gairid iarbháis in Southern Star 22 Meán Fómhair 1984 agus deirtear ann: ‘Bhí ardmheas ag muintir Scoil Mhuire ar Dhonnchadh i gcónaí. Bhí clú agus cáil air mar scoláire Gaeilge agus staraí agus bhí an-éileamh ar cholún a bhíodh aige go rialta san Irish Times.’ Ba é Tomás de Bhaldraithe a chuir eagar ar an mbailiúchán Aistí ó Chléire, 1987. Sa réamhrá deir seisean: ‘Thug sé féin leis na tréithe céanna a luaigh sé leis an tseanmhuintir; líofacht agus cruinneas na teanga a d’fhág go raibh an fhilíocht ina gcaint agus mar bhonn beatha ar a gcomhrá, amhlaidh mar a bhíonn an fhuil sa chorp beo.’ Ba í Eibhlín Ní Bhriain a spreag é chun dul i mbun scríbhneoireachta agus chun leabhar a dhéanamh de chuid dá aistí. ‘Is iomaí sin duine a raibh stór mór de Ghaeilge an teallaigh aige, ach ní taobh leis an gcaint féin a bhí Donnchadh. Bhí buanna an scríbhneora aige’ (de Bhaldraithe). Rugadh é i gComalán, Cléire, Co. Chorcaí. D’éag sé 16 Meán Fómhair 1984.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú