Ó DRISCEOIL, Donnchadh (1912-1984) Donnchadh Ó DRISCEOIL 1912 1984 Comalán, Co. Chorcaí M scríbhneoir iriseoir staraí scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas gairid iarbháis in Southern Star 22 Meán Fómhair 1984 agus deirtear ann: ‘Bhí ardmheas ag muintir Scoil Mhuire ar Dhonnchadh i gcónaí. Bhí clú agus cáil air mar scoláire Gaeilge agus staraí agus bhí an-éileamh ar cholún a bhíodh aige go rialta san Irish Times.’ Ba é Tomás de Bhaldraithe [q.v.] a chuir eagar ar an mbailiúchán Aistí ó Chléire, 1987. Sa réamhrá deir seisean: ‘Thug sé féin leis na tréithe céanna a luaigh sé leis an tseanmhuintir; líofacht agus cruinneas na teanga a d’fhág go raibh an fhilíocht ina gcaint agus mar bhonn beatha ar a gcomhrá, amhlaidh mar a bhíonn an fhuil sa chorp beo.’ Ba í Eibhlín Ní Bhriain [q.v.] a spreag é chun dul i mbun scríbhneoireachta agus chun leabhar a dhéanamh de chuid dá aistí. ‘Is iomaí sin duine a raibh stór mór de Ghaeilge an teallaigh aige, ach ní taobh leis an gcaint féin a bhí Donnchadh. Bhí buanna an scríbhneora aige’ (de Bhaldraithe). Rugadh é i gComalán, Cléire, Co Chorcaí. D’éag sé 16 Meán Fómhair 1984.