MAC DIARMADA, Tom Phaddy (1909–2001)
Le caoinchead ó Bob Quinn

Scéal Thomáis Bhuí Uraid

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Blaiseadh (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Bhí cáil air mar fhile, mar scéalaí agus mar sheanchaí. Tá cuntas air: ag Liam Mac Con Iomaire in Conamara: tír aineoil (1997); ag Pádraig Ó Héalaí in Béaloideas 69, 2001. Bhí a athair, Éamonn Mac Diarmada, feirmeoir, ar dhuine den naonúr a maraíodh nuair a phléasc mianach ar chladach an Locháin Bhig in 1917. Máire Ní Fhualáin (Mary Folan sa taifead beireatais) ab ainm don mháthair. Rugadh Tom 2 Márta 1909 de réir an teastais beireatais ach níor cláraíodh an bhreith go dtí 18 Bealtaine; 10 Feabhra atá ar an leac uaighe agus is dóigh gurb é sin an dáta ceart. Is mar seo a tuairiscíodh ar an teaghlach i nDaonáireamh 1911: Edward McDermott (50), é gan léamh ná scríobh aige agus Gaeilge amháin aige; a bhean Mary, a raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla aici. Bhí siad pósta le 17 bliain agus bhí seachtar beo den ochtar a rugadh dóibh; bhí Gaeilge agus Béarla ag an mbeirt ba shine: Mary (15) agus Barbara (11) agus Gaeilge amháin a bhí ag an gceathrar eile díobh a bhí idir dhá bhliain agus naoi mbliana d’aois, Tom ina measc—ní raibh ach cúpla mí d’aois ag an leanbh ab óige. Bhí athair Éamoinn sa teach freisin, é 78 bliain d’aois agus Béarla agus Gaeilge aige.

Deir Ó Héalaí: ‘Teach cuartaíochta ab ea tigh na bPeaidís, agus. . . . bhí cuimhní sona ag Tom ar an gcaitheamh aimsire agus ar an ngreann a bhíodh ar an tinteán acu nuair a bhailíodh na comharsana isteach chun tamall den oíche nó de lá fliuch a chur thart.’ Ba é an tAthair Eric Mac Fhinn a chuir Tom ag breacadh béaloideasa nuair a bhí sé óg; seoladh ar bhailigh sé go dtí Coimisiún Béaloideasa Éireann. Mac Fhinn freisin a mhol dó dul go dtí an tOireachtas athbhunaithe in 1939; théadh sé chuig an bhFéile nach mór gach bliain agus bhuaigh 19 duais sna comórtais scéalaíochta. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta an caiséad Tom Pheaidí Mac Diarmada ag Scéalaíocht. Ag an gComhdháil Nordach-Ceilteach ar fhinnscéalta a tionóladh i nGaillimh in 1992 d’inis sé scéalta do dhaoine as tíortha éagsúla, seisiún a chuir go mór le himeachtaí na comhdhála. Deir Ó Héalaí go raibh spéis aige i dtraidisiún liteartha na Gaeilge. Sa teach ba ghiorra dó a tógadh Micheál Breathnach agus bhíodh Tom óg ar cuairt ann go mion minic. Bhí teacht aige ann ar leabhair Ghaeilge mar Amhráin atá leagtha ar an Reachtúire (1903) agus ar irisí mar An Claidheamh Soluis. Chuaigh amhráin Raiftearaí i gcion air.

Chaith sé séasúr i Sasana le hobair an bhiatais, seal eile le linn chogadh 1939-45 ag déileáil leis an móin a bhí stocthiomsaithe i mBaile Átha Cliath. Bhí sé tamall ag obair ar scéim na dTithe Gloine i gCois Fharraige. Phós sé Neain Seoighe as Seanachoimheas, An Maimín, Leitir Móir, in 1948 agus bhí mac agus triúr iníonacha acu. In 1950 fuair sé post mar fheighlí sa Réadlann i nDún Sionca. Bhí tarraingt ag lucht Gaeilge na cathrach ar a theach ansin. Ghlacadh sé páirt i Scoileanna Éigse ar fud Chonamara. Bhuaigh sé duais Oireachtais le gearrscéal sna 1960idí. D’fhill sé ar an Lochán Beag i 1974. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chumann Béaloidis Chonamara in 1987. D’éag sé 2 Aibreán 2001 agus tá sé curtha i reilig an Chnoic. ‘Fear lách cneasta ab ea é go raibh seilbh chuimsitheach aige ar a oidhreacht shinseartha, lúb daingean i slabhra an traidisiúin agus teanga labhartha a mhuintire ina chuid seanchais agus scéalaíochta.’ Is nia leis Meaití Joe Shéamais Ó Fatharta, amhránaí, a bhuaigh Corn Uí Riada in 2001.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú