Tá cuntais ar an bhfile pobail seo ag Pádraig Ó Baoighill in Gaeltacht Thír Chonaill: Ó Ghleann go Fánaid, 2000 agus in Óglach na Rosann: Niall Pluincéad Ó Baoighill, 1994. Tá cuntas iarbháis in Donegal Democrat 26 Eanáir 1995. I gceantar Bhaile na Finne, Co. Dhún na nGall, a rugadh é. Fuair sé oideachas i Scoil Náisiúnta Dhoire na nGrial ón máistir Conchúir Ó Baoill, poblachtach láidir. Bhí sé ag obair mar fhear poist ó 1906 anuas go dtí 1964. D’éirigh sé as nuair a bhí sé 75 bliain d’aois. Is faide a bhí sé ina fhear poist ná aon duine eile in Éirinn. Ar feadh na mblianta fada is de chois a dhéanadh sé an obair go dtí go bhfuair sé rothar sa deireadh. ‘Ba ag síorchoisíocht a bhí Dónal ar tús ón Choimín síos bealach Mhín an Lábáin go Loch Beara; ó sin ar ais go Doire na nGrial, Doire na nAspal,Doire Sheanaigh, Doire na Coradh agus Abhainn na Marbh, turas chúig mhíle dhéag.’ Deirtear nár chaill sé lá oibre riamh ina shaol. I measc na n-amhrán a chum sé tá ‘Gaoth Bearra na gCoillte, Gaoth Bearra na dTonn’; ‘Mac an Deoraí’; ‘An Gleanntán inar tógadh mé’; ‘Banríon Árainn Mhóir’; ‘Fionn Shléibthe Dhún na nGall’ agus ‘An Charraig Úna’, amhrán faoi iascairí a bádh. Chum sé amhrán i mBéarla faoi Niall Pluincéad Ó Baoighill, an poblachtach a maraíodh sa Chogadh Cathartha i 1923. I ndeireadh a shaoil bhí cónaí air lena iníon Neilí sa Choimín, An Dúchoraidh. Luaitear ceathrar mac sa chuntas iarbháis. D’éag sé ar 24 Eanáir 1995.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú