I Sráid Éadbhaird, Trá Lí, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 21 Eanáir 1865. Siopadóir ba ea a athair John Coffey agus ba í Mary McMahon a mháthair. Thuairimigh Mary Macken in Studies XXIX 1940 go mba gheall le breac-Ghaeltacht Trá Lí san am sin.

Tar éis bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí agus ansin i Scoil Dhoiminiceach na Croise Naofa i dTrá Lí chuaigh sé le leigheas i Scoil Leighis na hOllscoile Caitlicí, Sráid Cecilia, Baile Átha Cliath, in 1883. Thug scoláireacht é chuig ollscoileanna i Lováin, Madrid agus Leipzig. In 1893 ceapadh é ina ollamh le fiscolaíocht i Sráid Cecilia, agus thugadh sé leachtaí ar an ábhar céanna sin i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Ceapadh ina chláraitheoir agus ina dhéan i Sráid Cecilia é 1905, tharla gurbh é a bhí i mbun dualgais an phoist sin le tamall.

Bhíodh ranganna Gaeilge á múineadh aige sa scoil leighis sin agus thugadh sé léachtaí ar stair agus ar sheandálaíocht na hÉireann ann. Bhronn sé brait ar na mic léinn le hiompar i mórshiúil Chonradh na Gaeilge agus chabhraíodh leis an gcumann iomána. Bhí de cháil air gurbh é an díograiseoir ba mhó sa scoil é timpeall na Gaeilge.

Ball an-ghníomhach de Chraobh an Chéitinnigh ba ea é ón lá a bunaíodh í i mBealtaine 1901. Ba é a dteachta chuig Ard-Fheis 1902 é in éineacht leis an Duinníneach, Sceilg [Seán Ó Ceallaigh], Shán Ó Cuív agus Donncha Ó Loingsigh. Ba é a mhol gur i dTrá Lí a thabharfaí an chéad léiriú do dhráma an Duinnínigh, An Tobar Draíochta i 1902 agus bhí ról aige féin ann. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha ar feadh tamaill de bhlianta ó 1902 amach, agus ina Leas-Uachtarán ar na Céitinnigh.

Roghnaíodh é mar an chéad uachtarán ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1908. Nuair a bhí ceist na Gaeilge a bheith éigeantach do Mháithreánach Ollscoil na hÉireann á plé i 1910 ba é a thacaigh le rún Eoin Mhic Néill go nglacfaí le moladh Bhertram Windle, is é sin go mbeadh cúrsa Gaeilge riachtanach do mhic léinn an Choláiste Ollscoile go dtí go dtiocfadh riail na Gaeilge éigeantaí sa mháithreánach i bhfeidhm 1913.

Tá cuntas ar a uachtaránacht ag Michael Tierney in Struggle with fortune: a miscellany for the centenary of the Catholic University of Ireland 1854–1954. Thabharfadh duine as gach cuntas a scríobhadh riamh air go raibh gean an-mhór agus, b’fhéidir, an-neamhchoitianta, ag na mic léinn air. ‘Dr Coffey’s relationship with the students was unique, and an important binding force against all centrifugal tendencies. He knew every one of them and never forgot them. He was like a remote ancestor to them all, or an old Irish genealogist; he considered each individual in the light of his family name and district .... His name was always in their mouths, because he was the college, and if they had anything to complain of, Coffey was to blame. But much stronger was their reverence and affection’. Dúradh in Comhar, Bealtaine 1945: ‘Fear ab ea é a bhí léannta tréitheach thar an gcoitiantacht mar ba dhual do chéad-Uachtarán Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ach is ar a chineáltas lách gan traochadh is mó a bheidh cuimhne ina dhiaidh ag na mic léinn sin a tháinig faoina réir’.

Chaith sé tamall ina Leas-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann. Ba ridire den Legion d’Honneur é agus d’Ord Naomh Griaghaire. D’éirigh sé as a phost 1940 agus d’éag ar 3 Aibreán 1945. Phós sé Maud Quinn ar 10 Lúnasa 1904 in Eaglais Naomh Micheál, Dún Laoghaire. Tomás Ó Deá, Easpag Chluain Fearta, a bhí i bhfeighil an tsearmanais. Bhí iníon agus beirt mhac acu. Mac díobh an file Brian Coffey (1905–).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú