Bhí sé ar dhuine de na máistrí scoile a bhí ag tacú le gluaiseacht na teanga roimh bhunú Chonradh na Gaeilge. I mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 28 Deireadh Fómhair 1843. Deirtear nár labhair sé focal Béarla go raibh sé 13 bliain d’aois. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí, sa Daingean, is dóigh, agus lean sé air ag staidéar. Ceapadh ina mhúinteoir é i scoil Bhaile an Fheirtéaraigh in 1863. Ní raibh de dhaltaí sa scoil ag an am sin ach 52; faoi cheann sé bliana bhí 120. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath in 1871 chun a thuilleadh oiliúna a fháil. Chaith sé tamall i rang Gaeilge P.W.Joyce, dar le nóta beathaisnéise in Féilire na Gaedhilge 1906, agus mhúineadh sé féin an rang uaireanta. Thug sé cuid mhaith eolais don Seoigheach i dtaobh logainmneacha Chiarraí. Deirtear san Fhéilire freisin: ‘Léigh páipéar bríomhar ag cruinniú bliantúil na Múinteoirí i Halla na hOllscoile Ríoga 1893. Rinne an léacht sin maitheas mhór don teanga’.

Ar 29 Lúnasa 1896 toghadh é ina uachtarán ar Chumann Múinteoirí Náisiúnta Chiarraí, cumann a cuireadh ar bun i gCill Airne an lá sin chun múineadh na teanga a spreagadh. ‘The Dublin secretary [of the Gaelic League], Donal O’Connor [Domhnall Ó Conchubhair], travelled specially to the meeting, but with the exception of Fr Jarlath Prendergast, the learned Franciscan historian, no clergyman was present. The Kerry secretaries were E. O’Sullivan, Castledrum, and myself. Forty teachers assembled, and their deliberations surprised a generation calling for more and more English for the London, New York and New Haven domestic service markets. They assembled the following years in Tralee; and I should say the most constructive speaking was done by James O’Sullivan of Rockfield and Michael Manning of Ballyferriter’ (It all happened: reminiscences of Séamus Fenton, 1948).

Nuair a bunaíodh Craobh Bhaile an Fheirtéaraigh de Chonradh na Gaeilge 18 Feabhra 1900 toghadh é ina chisteoir. Bhí sé ina uachtarán ar Choiste Ceantair Chorca Dhuibhne. Bhí sé ina rúnaí freisin ag Feis an Daingin agus shíl ‘Sceilg’ [Seán Ó Ceallaigh] (An Claidheamh Soluis 30 Iúil 1904) go ndearna a bhás dochar mór don fheis sin.

‘Do mhúin an Teagasc Críostaí Gaeilge don aos óg le 40 bliain. Do cheannaigh 320 cóip den Teagasc Críostaí le tabhairt do na páistí sula bhfuair sé bás. D’éag i mBaile an Fheirtéaraigh 3 Márta 1904’ (Féilire na Gaedhilge 1906). Dúirt Peadar Ó hAnnracháin: ‘... b’é an taca dob fhearr é dá raibh sa cheantar go léir ag lucht athbheochana na teanga. Fear an-Ghaelach ab ea é. Fear téagartha gan bheith ró-ard, agus é go ciúin umhal uasal. Níor thug éinne sampla níos fearr lena linn ná é chun Gaeilge a choimeád á labhairt. Is beag oide scoile a labharfadh Gaeilge go coitianta lena chlann roimis sin, ach bhí a chlannsan go hoilte chun í a labhairt. Múinteoir cliste ab ea é, agus cainteoir bríomhar, agus dún na Féile ab ea a thigh. Bhí ana-mheas air, agus thuig Fionán [Mac Coluim] gur neart mór dúinne é bheith farainn. Chuaigh sé siar go Dún Chaoin linn, agus anonn go paróiste Múrach, agus labhair sé go spioradúil ciallmhar san dá áit’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944).

Os cionn na huaighe i nDún Urlann tá cros cheilteach agus an inscríbhinn seo uirthi: ‘Go fuar ina luí faoin líog seo gan dul air éirí tá luaithreach Mhichíl Uí Mhainnín, ceann urra Chiarraí. Seo buanleacht i gcuimhne a dhílse ó ghasra Gael. Ná gluais-sé thar cill gan guí air go carthanach fuíoch. 28.X.1843 lá a bhreithe, 3.III.1904 lá a bháis’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú