Rinne Alf Mac Lochlainn cur síos ar a shaol agus a shaothar in The Old Limerick Journal, Geimhreadh 1989, cur síos atá bunaithe don chuid is mó ar chnuasach mór dá lámhscríbhinní Gaeilge a chuir a oidhrí chuig Dubhghlas de hÍde agus a thug seisean don Leabharlann Náisiúnta agus do leabharlann Choláiste Ollscoile na Gaillimhe. Scéalta agus dánta atá i gcuid díobh agus is cuimhní cinn i bprós agus i véarsaíocht a bhformhór. Deir Mac Lochlainn: ‘In content they are prejudiced, exaggerated and boastful. They must, however, remain one of the curiosities of literature, for who else ever wrote or will write over 550 quatrains, in the manner of medieval Ossianic verse, purporting to describe at first-hand the adventures of a U.S. cavalryman on the frontier after the American Civil War, including his being captured three times by Indians and each time being the beneficiary of a last-minute rescue?’. As comhfhreagras leis an gCraoibhín a fuair Mac Lochlainn cuid den eolas atá aige ar shaol Uí Chathail. Ach bhí buneolas ar nós dátaí i gcló i gcuntas iarbháis i bpáipéar áitiúil éigin i Michigan a cuireadh go hÉirinn in éineacht leis na scríbhinní. Deir Mac Lochlainn faoin gcuntas sin: ‘So much here too seems to be on the borderline of fact and fiction that we can only conclude by quoting one of our author’s letters to Hyde: “Atá cnámha gach scéil atá scríobhtha agam fírinneach. Ach tá an chuid eile de’n chorp déanta suas le fuil agus feoil”’.

San Inse Bhán, Teampall an Ghleanntáin, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 21 Meitheamh 1840. D’fhág sé Éire ar 30 Deireadh Fómhair 1863. Chaith sé saol sna Stáit Aontaithe a bhí eachtrúil go maith. Anuas go 1880 bhí sé san arm, é i gceannas ar thraein miúileanna—21 chairt, gach ceann díobh á tharraingt ag sé mhiúil. Thaistil sé tuaisceart Texas, Arkansas agus Colorado ar an gcuma sin. Bhí baint aige le marú 450 Indiach a ndearnadh luíochán rompu. Chaith sé cúig bliana sna póilíní in Chicago. As sin amach bhí sé ag obair i dtionscal an adhmaid i bhforaoiseacha Michigan. Chaith sé cúpla babhta in 1886 agus arís i 1910 i bhforaoiseacha Minnesota. Tá na cuimhní chomh lán d’iontais go ndeir Mac Lochlainn: ‘. . . and one may wonder was Ua Cathail basing his work on some yellowback pulp-fiction of the period of his early manhood, dressed up to look like documentary; but his works remain of interest for the details they supply of a transitional way of life in later nineteenth-century America, Indian life, frontier life, hunting, homesteading and the lumber trade’. Lily ab ainm dá bhean agus rugadh beirt bhuachaillí agus triúr cailíní dóibh. D’éag sé in Pentwater, Michigan, 20 Samhain 1928.

Níor chainteoir dúchais Gaeilge é ach faoin am a a bhí sé tuairim 14 bliana d’aois bhí sé in ann Gaeilge a thuiscint. Dúirt sé le Dubhghlas de hÍde i 1916 gur fhoghlaim sé cuid mhaith ó eagrán de dhánta Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin nuair a bhí sé 15 agus go bhfuair sé cabhair ó sheanscoláire Gaeilge sa chomharsanacht. In Chicago casadh air fear as Co. Mhaigh Eo a raibh leabhair Ghaeilge aige agus scríobh síos ‘Laoidh Oisín ar Thír na nÓg’ ó cheann díobh. In An Claidheamh Soluis 26 Aibreán 1902 scríobh sé i litir: ‘Níor dhearcas ar aon Ghaeilge chlóbhuailte ón uair sin go dtí gur tháinig Fáinne an Lae amach’. Chastaí Gaeilgeoirí air ar Ghaeilge amháin a labhraíodh sé leo: Cláiríneach nuair a bhí sé san arm; Gaillimheach léannta le linn dó a bheith sna póilíní; i Michigan Gaeilgeoir ó Chill Dara; i sráidbhaile Pentwater bhí Gaeilge ag Ciarraíoch a bhí ina mhaor ar an iarnród. Agus in ainneoin na tagairte sin do Fáinne an Lae dúirt sé leis an gCraoibhín i 1916 go gceannaíodh sé An Gaodhal (1881-) agus leabhair de hÍde. Dúirt sé sa litir úd in An Claidheamh Soluis i 1902: ‘Muna mbeadh an t-ollamh, an t-údar agus an sagart urramach oirirc úd an tAthair Eoin Ua Cearbhshúil, rialtóir i dTeampall Naomh Tomás i gcathair Chicago, bheadh mo chuid Gaeilge imithe ar fán. Stiúradh sé mé go dtí na Gaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath’. Is annamh a chloiseadh sé an teanga á labhairt i ndiaidh 1903.

Is fiú an dá litir in An Claidheamh Soluis 1 Iúil 1899 agus 26 Aibreán 1902 a léamh. Sórt freagra ba ea an chéad cheann ar rud a bhí ráite ag Pádraig Ó Séaghdha(1855-1928) faoi pholasaí an Uachtaráin Mac Fhionnlaoich i leith Cuba; dearbhaíonn Ó Cathail go raibh fir bhuí i Meiriceá ag cur nuacht Mheiriceá as a riocht agus damnaíonn sé polasaithe na Spáinneach. Is cáipéis shóisialta an-inspéise an dara litir; cuireann sé síos ann ar na gnéithe is measa de shaol Mheiriceá d’fhonn a áitiú ar Éireannaigh gurbh fhearr dóibh gan imirce a dhéanamh. Chuir sé £1, suim nár shuarach ag an am, chuig ciste na teanga (An Claidheamh Soluis 22 Feabhra 1902).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú