Sa Bhaile Meánach, Co. Aontroma, a rugadh Anna Isabel Johnston ar 3 Nollaig 1866. Bhí gnó rafar a bhain le ceannaíocht adhmaid ag a hathair, Robert Johnston (17 Márta 1839–28 Márta 1937). Ag pointe éigin d’aistrigh seisean go dtí teach mór ‘Glencoe’ faoi scáth Bhinn Uamha ar Bhóthar Aontroma, Béal Feirste. Thug sé ‘Ruadrí Mac Seagháin’ air féin i nDaonáireamh 1901 agus dúirt gur sa Bhaile Meánach a rugadh é. Bhí 58 bliana d’aois ag a bhean ‘Marjory (Maebh) Nic Aodha’, arbh i nDún na nGall a rugadh í. ‘Eithne’ (Anna) agus ‘Margaret' (Mairéad) (24) a bhí ar na hiníonacha aige. Ní raibh a mhac Séamus sa teach an oíche sin. Chaith seisean tamall in Frongoch i 1916 agus níor mhair rófhada ina dhiaidh. Bhí Robert ina bhall d’Ardchomhairle na bhFíníní agus ina dhlúthchara ag James Stephens agus Charles Kickham. Scéal mór ar leathanach tosaigh Scéala Éireann 29 Márta 1937 ba ea a bhás.

Bhunaigh Eithne agus Alice Milligan an míosachán The Northern Patriot in 1894 i gcomhpháirt le Club Náisiúnta Oibrithe Bhéal Feirste. Nuair a d’éirigh easaontas leis an gClub bhunaigh siad an páipéar Shan Van Vocht (1896–1899). Ba é guth neamhoifigiúil Chonradh na Gaeilge é. Chuir siad deireadh leis nuair a bhunaigh Art Ó Gríofa an United Irishman. Sa réamhrá a chuir a fear céile Séamus Mac Maghnuis le The Four Winds of Éirinn, 1902 tá an méid seo: ‘For three and a half years these two girls edited the magazine and managed it. They themselves wrote almost all the magazine. They read the proofs. They kept the books. They sent the bills. They wrote the letters. With their own hands they folded and addressed each copy that was to go out and licked every stamp that was to carry it on its journey to Ireland’s faithful soldiers, veterans and recruits.... These girls with their wonderful little magazine started the so-called Irish revival’.

Dúirt Alice Milligan in An Claidheamh Soluis 26 Márta 1904 gur chuala Eithne ó Eoin Mac Néill in Eanáir 1894 go raibh Conradh na Gaeilge bunaithe ach nár thosaigh sí mar bhall go Samhain na bliana sin. Bhí páirt aici sa dráma Naomh Pádraig i dTeamhair a léiríodh i mBéal Feirste 17 Márta 1899. Um Meitheamh na bliana sin bhí sí ina ball de choiste Chraobh an Chaisleáin Ghlais agus thug bonn óir le bronnadh ag feis ann. Toghadh í ar choiste Fheis Uladh nuair a bunaíodh í ag cruinniú i mBéal Feirste 10 Iúil 1900. ‘Miss Johnston proposed a prize for an old map of Ireland or of Ulster, and a competition for collections of unpublished Irish airs, a work neglected by the Feis Cheoil, although it was one of the objects which called that society into existence’ (An Claidheamh Soluis 21 Iúil 1900). Ó Mheitheamh bhí sí ina ball de Choiste Gnó an Chonartha.

Baineann tábhacht ar leith lena hainm i stair na bhfeiseanna. ‘Cúig bliana ó shin, ba í a chuir dlús le feis a chur ar bun i Maigh Chromtha, an chéad fheis a bhí in Éirinn tar éis an tOireachtas a thosú’ (ibid 12 Aibreán 1902). Is amhlaidh a chuir Tomás Ó Concheanainn airgead abhaile chuig Shan Van Vocht ó Mheiriceá agus bheartaigh an bheirt bhan é a chaitheamh ar Fheis Mhaigh Chromtha. Le linn d’Eithne agus dá deirfiúr bheith i nDún na nGall in éineacht le Tomás Bán agus Pádraig Ó Beirn in 1898 thug siad duaiseanna le bronnadh ag feiseanna.

Phós sí Séamus Mac Maghnuis in earrach 1901 agus shocraigh siad síos i Ruibhlinn in aice leis an gcaladh i mbaile Dhún na nGall. D’éag sí ann ar 2 Aibreán 1902. In alt in United Irishman 28 Aibreán 1902 dúirt ‘Máire’ [Máire de Buitléar]: ‘At a time when most women would be absorbed in their own happiness, she with the rare unselfishness characteristic of her was dreaming, plotting, for the welfare of others and for the good she would do around her home in Donegal. Literary work, the carrying on of Irish and Irish history classes were to occupy her time. Of Irish she was an earnest student and lover. The best part of your work will be done in Irish, she once wrote to someone who had essayed writing. ‘I envy you this for the best part of mine will be in English’. I léirmheas ar a cnuasach dán The four winds of Éirinn in An Claidheamh Soluis 21 Meitheamh 1902 dúirt Peadar Mac Fhionnlaoich: ‘Tá intinn na mná ba Ghaelaí lem’ linn ó bhun barr sna hocht dánta is trí fichid atá sa leabhar. Ba é a guí go mbeadh sí in ann i gcionn tamaill eile dánta Gaeilge a scríobh, ach thóg Dia chuige féin í i lár a saothair is i dtosach a saoil’. Is dóigh gurb é a leagan de ‘Rody McCorley’ an dán léi is mó atá i mbéal an phobail.

Tuairim 1934 thug Séamus Ó Néill cuairt ar theach a hathar. ‘Bhí cuma sheanda ar gach rud ann, ar na pictiúir, ar an bhrat urláir. Bhí na dallóga tarraingthe aníos. Gúna dubh a bhí ar a iníon Mairéad. Shílfeá go raibh bunadh an tí i mbrón go fóill faoi bhás Ethna Carbery. Bhí.’ (Inniu 16 Bealtaine 1952). Sin é an t-ainm, Eithne Cairbre, atá san inscríbhinn a chum Pádraig Ó Séaghdha (1855–1928) le cur ar an leacht chuimhneacháin. Cén fáth ar roghnaigh sí an sloinne sin? Áine Carbery ab ainm do bhanchéile John Johnston, sin-seanuncail le hEithne. I mBealach Féich, Co. Dhún na nGall, a rugadh an bhean sin (Donegal Annual, 1993). Sin é an fáth gan amhras a bhí leis an ainm pinn ‘Ethna Carbery’. Is cosúil go raibh baint de chineál éigin aici le muintir Felix Carbray, feisire i bparlaimint Cheanada, arbh as an Eaglais i gContae Thír Eoghain dóibh. Thugadh an Felix seo cabhair airgid do na feiseanna. Ba mhinic a litrítí a shloinne mar ‘Carbery’. Is trí Eithne a tháinig airgead uaidh le haghaidh Fheis na Mumhan uair (An Claidheamh Soluis 21 Iúil 1900 lch 297).

Ar 31 Nollaig 1868 in aice le Tamhnach an tSalainn, Co. Dhún na nGall, a rugadh Séamus Mac Maghnuis. Oide scoile ba ea é. Pádraig ab ainm dá athair, feirmeoir beag, agus ba í Mary Mulloy a mháthair. An Dr Diarmuid Ó Mathúna a chuir an t-eolas seo ar fáil faoi Shéamus Mac Maghnuis: gurbh í Catalina Páez ó Veiniséala, gariníon le duine de ghinearáil Bolivar, a phós sé i 1911 agus go raibh beirt iníonacha acu, Mariquita agus Patricia; tar éis bunoideachais i scoil Ghleann Chuach gur ceapadh é ina mhac léinn múinteoireachta sa Mhodhscoil in Inis Ceithleann. Fuair sé post i gCill Náile, Fear Manach, sular ceapadh é ina mháistir i nGleann Chuach. Bhí sé gníomhach i mbunú craobhacha de Chonradh na Gaeilge i gContae Dhún na nGall roimh thús an chéid. Scríobhadh sé saor in aisce don Shan Van Vocht. D’éirigh thar cionn leis mar scríbhneoir i Stáit Aontaithe Mheiriceá nuair a chuaigh sé ann in 1898. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha i 1905–6 sula ndeachaigh sé ar ais go Meiriceá. Chuir sé in aghaidh léiriú The Playboy of the Western World thall agus bhaist an Bantiarna Gregory ‘Shame-us McManus’ air. Tá cuntas ar a shaothar ag Nollaig Mac Congáil in Scríbhneoireacht na gConallach, 1990. The Rocky Road to Dublin, 1938 is teideal dá dhírbheathaisnéis. Deartháir mór dó an Pádraig Mac Maghnuis a chuaigh ar imirce go dtí an Airgintín, a bhí ina rúnaí ar Chraobh Bhuenos Aires den Chonradh agus a d’fhág airgead le huacht chun go mbaileofaí béaloideas. D’éag sé ar 28 Eanáir 1929. Cailleadh Séamus ar 23 Deireadh Fómhair 1960 nuair a thit sé ón seachtú hurlár i dteach banaltrais i Nua-Eabhrac.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú